Foclóiris

Ós rud é nár tógadh leis an nGaeilge mé, ní thagann an focal cuí chugam amantaí agus mé ag cur síos ar eachtraí an lae, go háirithe mura mbaineann na heachtraí sin le gnáth-rudaí nó leis an gcineál ábhair a phléitear ar an raidió (mar is é Raidió na Gaeltachta príomh-fhoinse mo chuid Gaeilge labhartha féin).

Dá bharr sin, téim i dtuilleamaí na bhfoclóirí nuair nach bhféadaim smaoineamh ar an dea-fhocal. Tharla seo le deireanas nuair a bhí an mac is óige ag siúl beagáinín bacach ar maidin. Is é an rud a dúirt mé ná “Sílim go bhfuil limp beag air,” ach chuardaigh mé an focal limp ina dhiaidh sin leis an nGaeilge a fháil. Agus seo í an uair a thaganns an chastacht isteach sa scéal.

In EID (de Bhaldraithe), tugtar a leanas:

limp de bhaldraithe Mar sin, is dócha go bhféadfaí a rá: “Tá sé ag siúl go bacach ar maidin.”

Ach in FGB, tugtar seo:

limp fgb 1Agus seo:

limp fgb 2

Bhuel, tá iliomad bealaí le “he has a limp” a rá, is dócha. Cé acu an bealach is nádúrtha nó is bunúsaí? Ós rud é go bhfuil “coiscéim bhacaí” ag EID agus luaitear leagan de “céim bhacaí” faoi dhó in FGB, an bhfuil sé le tuiscint gurb in é an bealach is coitianta? Ní dóigh liom é.

Thairis sin, chuile sheans go bhfuil baint ag canúnachas leis an mbealach is nádúrtha leis an gcoincheap seo a chur in iúl. Tá mé ag ceapadh gur bhain gach léitheoir an bhlaga seo leas as focal i nGaeltacht eicínt nár thuig duine toisc nach n-úsáidtear an focal sin nó an nath cainte sin sa gceantar.

Ar ndóigh, táthar in ann ciall na bhfocal a sheiceáil ar bhealaí eile, m.sh. cuardach corpais nó glaoch ar dhea-chainteoir dúchais, ach níl mé toilteanach sin a dhéanamh le chuile fhocal beo (nó le focal ar bith nach bhfuil tábhacht phroifisiúnta ag baint leis)!

Sa deireadh thiar thall, caithfidh an té nár tógadh leis an teanga glacadh le ruainne Foclóirise. Ní fheicim an dara rogha!

6 fhreagra ar “Foclóiris

  1. Tá sin ann. Ach ní mór bheith cinnte faoi bhrí an fhocail Béarla. Tá ciall ana leathan ag limp sa Bhéarla mar shampla, bíonn bláthanna “limp” abair agus iad ag sleabhac. (Ag bacadaíl a bhí do mhac, dar liom) http://breis.focloir.ie/ga/fgb/bacada%C3%ADl

  2. Díreach é. Ní hionann an dá theanga, go deimhin. Ach bheadh sé deacair idirdhealú céille a dhéanamh idir “ag siúl go bacach”, “ag bacadaíl”, agus “céim bhacaí a bheith ionat”, agus tú ag brath ar na foclóirí amháin. Tá mé a cheapadh go bhfuil miondifríocht eicínt céille nó canúna i gceist?

  3. ag bacadaíl – á dhéanamh anois, rud sealadach b’fhéidir
    céim bhacaí ann – staid bhuan
    An bhfuil aon difríocht ann idir “limping” agus “walking with a limp”?

  4. Is féidir le carr seanchaite a bheith “limping along”, i mBéarla Mheiriceá ar aon chaoi, ach ní féidir leis “walk with a limp”! 😉 Staid bhuan–b’fhéidir. Níor chuala mé riamh an nath cainte “céim bhacaí” ach d’fhéadfainn abhairt mar seo a shamhlú: “Tá céim bhacaí ionam ar maidin.” Tá blas Ultach air, b’fhéidir?

  5. Athbhlagáilte ar An Tuairisceoir.

Freagair Dennis King Cealaigh an freagra