Cartlanna Clibe: Gaeilge

OÉG–Náire an Náisiúin

noirishneedapply

Fógra ar phost Úachtarán na hÉireann (más ea)

Bíonn Tuairisc.ie ag cur sruthanna beo spéisiúla ar fail ó mhórchruinnithe Oireachtais agus araile. Bhí an sruth beo ó chruinniú Choiste na Gaeilge le hUachtarán Ollscoil na hÉireann–Gaillimh sách duairc. De réir dealraimh, tá Údarás na hOllscoile tar éis droim a thabhairt leis an nGaeilge. Is féidr teacht ar an sruth anseo faoi láthair.

 

http://tuairisc.ie/tuairisc-bheo-uacharan-ollscoil-na-heireann-gaillimh-os-comhair-choiste-na-gaeilge-na-gaeltachta-agus-na-noilean/

Bhí teistiméireacht an uachtaráin, Dr. Jim Browne, lán den bhaothchaint a shoiléiríonn nach gcomhlíonfaidh an ollscoil na dualgaisí i leith na Gaeilge–mar shampla:

‘Tá an chuid is mó de na daoine atá [ag obair] in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, báúil don Ghaeilge, ach níl ach mionlach ann a bhfuil Gaeilge líofa acu ach tá an tromlach báúil di . . .”

“Bás teangan, bá”, a déarfainn mar fhreagra.

Ceisteanna simplí ar an Údarás: An bhfuil na céadta, na mílte, na seacht mílte ollscoil eile Bhéarla ann ar fud an domhain? Nach bhfuil neart Ollscoileanna in Éirinn fiú a bhfuil Béarlóir in ann freastal orthu?

Cé hí an t-aon ollscoil ar leagadh dualgas speisialta uirthi spás ar leith a chruthú don Ghaeilgeoir? Sibhse. Mura bhfuil sibh sásta na dualgaisí sin a chomhlíonadh, ba cheart cuid shuntasach de airgead an stáit a bhaint díbh agus é a thabhairt don ollscoil atá fíorthoilteanach campas dátheangach a chruthú, ó oifig an uachtaráin anuas.

Ach féach ar chuid den údar a bhí leis an gcinneadh dochreidte seo a rinne an tÚdarás. De réir na teistiméireachta: “Nuair a tugadh isteach an tAcht leasaithe in 2006 fuarthas réidh leis an riachtanas Gaeilge do phoist shinsearacha eile san Ollscoil.”  Mar sin, tá dream daoine anois fostaithe, i jabanna sinsearacha, ag an Ollscoil nach bhfuil fíornasc leis an teanga ar chor ar bith acu. Tá na daoine seo anois ag iarraidh riachtanas na teanga a bhaint den uachtaránacht freisin–toisc nach dtuigeann siad tábhacht na teanga (agus toisc nach mbeidh siad féin in ann cur isteach ar an bpost.)

Is furasta Tadhg-an-dá-thaobhachas Údarás na hOllscoile a fheiceáil má chuirtear an cheist shimplí–an nglacfaidís le hiarrthóir nach raibh Béarla labhartha aige nó aici?

Asterix Gliaire: Léirmheas

wp-1467282446050.jpg

Eachtra eile i ndán do Asterix agus Obelix

Taitníonn an tsraith Asterix go mór linn–grinn, gaiscíocht, agus pictiúir spéisiúla. Na leaganacha Gaeilge atá againn go nuige seo, déarfainn go bhfuil siad fiú níos fearr ná na leaganacha Béarla. Tá an Ghaeilge glan, soléite, agus glic. Ní haon eisceacht é Asterix Gliaire, a cheannaigh muid agus muid i mBéal Feirste mí ó shin.

 

D’éirigh leis an aistritheoir, Antain Mac Lochlainn, an téacs a dhéanamh sárGhaelach. Féach ainm an fhile, Dándírix, a dhéanann tagairt don mheadaracht choitianta SheanGhaeilge, an dán díreach. Tá imeartas breá focal ann freisin, mar shampla, nuair a lorgaíonn captaen loinge “árthach a athrach”. Cuirtear an t-athshuíomh cultúrtha i bhfeidhm sna pictiúir freisin, áit a gcuirtear lirící cáiliúla as amhráin Ghaeilge sheanchaite i mbéal an fhile.

An t-aon locht atá againn ar an leabhar ná an clúdach–clúdach bog láidrithe le scim phlaisteach–tá sé badráilte cheana ag na gasúir. B’fhearr liom go mór clúdach crua a choinneodh an leabhar slán go ceann na mblianta. Leabhar maith mar seo, fulaingeoidh sé neart droch-úsáide  de bharr shíorléamh na ngasúr.

Is fiú machnach a dhéanamh ar theanga an leabhair. Feicim gurb é an leagan Gaeilge amháin a bhain úsáid as an seanfhocal breá gliaire–focal ar ghá dom féin a sheiceáil sa bhfoclóir (cé gur thuig na páistí é gan dua, a bhuíochas leis na pictiúir). I leagan Ghaeilge na hAlban, is é an teideal ná Asterix an Gladaidheatar; sa leagan Breatnaise, Asterix y Gladiator. Seo ceist a chuirim go minic–ar cheart glacadh leis na focail iasachta? Nó an ceart an deis a thapú le síneadh a chur le stór focal an léitheora. Sa gcás seo, a bhfuil brí an fhocail soiléir, tá mé lánsásta le “gliaire”.

Is é DalenÉireann (fochomhlacht de chomhlacht sa mBreatain Bheag, a shílim) a d’fhoilsigh Asterix Gliaire, agus tá mé cinnter gur féidir é a ordú ó na siopaí leabhar ar fad.

wp-1467278951426.jpg

Athshuíomh cultúrtha ceart déanta ar théacs an scéil.

Oíche Sin Seáin agus Goody

Agus an lá is faide curtha dínn, tá Oíche Fhéile Eoin (23 Meitheamh) ag teannadh linn.

Feast_of_Saint_John

“Oíche Fhéile Eoin” le Jules Breton, http://www.the-athenaeum.org via Wikipedia.

Féile í seo a ndéantaí ceiliúradh uirthi ar fud na hEorpa, cé go bhfuil sí ligthe i ndearmad i neart áiteacha anois. Dá mbeadh mo rogha féin agam, dhéanfaí lá saoire poiblí de na sean-fhéilteacha móra seo ar fad–is cuid de oidhreacht chultúrtha na hEorpa iad agus is fiú í sin a chaomhnú.

 

Cé gurb iad na tinte cnámh is mó a luaitear leis an bhféile inniu–agus bhí dlúthbhaint ag an tine leis an lá ar fud na hEorpa–is deacair do áitreabhach cathrach nó sráidbhaile tine mhór a lasadh na laetha seo. Más fíor do Wikipedia, áfach, d’ití (d’ithtí: an litriú ab fhearr liom féin le haghaidh na soiléire) “goody” go forleathan in Éirinn ar Oíche Fhéile Eoin.

Caithfidh mé a admháil nár bhlais mé goody ariamh, cé go n-itear ‘bread-and-butter pudding’ ó am go ham i mo theachsa. Tá an ‘goody’ féin scaipthe ar nós cheo na maidine, de réir dealraimh: ní thagann Google ar fiú’s íomhá amháin den ghoody ceart.

Ar aon chaoi, beidh mise ag réiteach milseog arán-is-im don chlann ar an oíche. Má tá oideas ag duine ar bith do ghoody ar an sean-nós, áfach, bainfidh mé triail as. Tuigim gur bia simplí é goody nach mbíonn oideas dó go hiondúil, ach don té nár bhlais ariamh é, ba dheacair a rá cé mhéad aráin agus cé mhéad bainne atá le cur isteach, srl.!

milk-toast

“Milk Toast” via babble.com. Cá bhfuil na pictiúir den ghoody ceart?

Leabhar Mór na hEalaíne

Cuireadh álainn chuig saibhreas na healaíne; foilsithe ag Futa Fata

Cuireadh álainn chuig saibhreas na healaíne; foilsithe ag Futa Fata

Bhí mé i gCo. Aontroma le gairid ar chúrsaí oibre agus thug mé an chlann liom. Thug muid cuairt sciobtha ar an siopa leabhar sa gCultúrlann i mBéal Feirste le cur lenár stór leabhar Gaeilge féin, agus roghnaíodh Leabhar Mór na hEalaíne mar leabhar do na gasúir ar fad.

Aistriúchán ar leabhar Béarla de chuid Dorling Kindersley é, agus sár-saothar atá ann. Tá an Ghaeilge snoite glan, an clúdach agus na leathanaigh láidir, agus an t-ábhar spéisiúil. Rianaíonn Leabhar Mór na hEalaíne stair na healaíne ó na pictiúir bhalla a rinne ár sinsir go dtí ealaín theibí an lae inniu. D’fhéadfadh ábhar chomh mór leis seo mearbhall a chur ar an údar agus ar an léitheoir ar aon, ach seachnaíonn Leabhar Mór an mearbhall seo trí fo-ábhair a roghnú go cúramach: díríonn gach péire leathanach oscailte ar ealaíontóir ar leith (m.sh. van Eyck, Goya, Warhol), ar stíl ealaíne ar leith (Baróc, Impriseanachas, Nua-Ealín, srl.), ar theicníc ar leith (m.sh. pastail, uiscedhathú), nó téama ealaíonta ar leith (saol na hoibre, nithe neamhbheo, srl.). Dá bharr sin, féadann an leabhar fócas cúng a choinneáil agus réimse leathan ábhair a chlúdach ag an am céanna.

Díríonn gach péire leathanach lán-daite ar ealíontóir nó ar théama ar leith.

Díríonn gach péire leathanach lán-daite ar ealíontóir nó ar théama ar leith.

Is furasta don léitheoir an leabhar a phiocadh aníos agus blaiseadh beag de stair na healaíne a fhoghlaim gan stró i rith chúig nóiméad.Is deacair a rá cén aois a bhfuil an leabhar dírithe air–b’fhéidir na déaga luatha–ach cuirfidh fiú gasúir gan léamh spéis san iliomad pictiúr ildaite, agus taitníonn an leabhar go mór liomsa mar dhuine fásta.

An-obair déanta ag Futa Fata anseo, agus ba mhaith liom a thuilleadh mar é seo a fheiceáil ó na clódóirí ar fad.

 

 

Líon an Dúlra (Earrach 2016) ar fáil

Chonaic mé fógra go bhfuil an t-irisleabhar dúlra idirlín don aos óg, Líon an Dúlra, ar fáil anois don Earrach 2016. Irisleabhar snasta ildaite saor in aisce atá ann.

sleamhnog

Blúirín as _Líon an Dúlra_ (Earrach 2016).

Cé go bhfuil teanga an irisleabhair beagán teicniúil, níl sí doléite ar chor ar bith, murab ionann is ábhar eolaíochta eile Gaeilge atá feicthe agam.

Déarfainn go bhfuil Líon an Dúlra dírithe ar na déaga luatha, ach tá ábhar ann a mbainfidh fiú gasúir níos óige solamar as.

An-obair déanta ag An Gúm agus ag Stáisiún Mara Inis Arcáin.

Faigh an t-eagrán earraigh anseo: http://www.gaeilge.ie/wp-content/uploads/2016/04/Líon-an-Dúlra-Earrach-2016-1.pdf

 

 

 

 

Seirbhísí Poiblí: Breatnais v Gaeilge (cuid 2)

Taispeánann an Bhreatain Bheag dúinn na dea-chleachtais dhátheangacha. Seo sampla eile ó Chomhairle Chontae Denbighshire:

welsh telephone cropped

An bhfaigheann tú a leithéid de sheirbhís in Éirinn?

Gaeilge an Aosa Óig

Táthar ann a déarfas leat nach bhfuil tada mícheart leis an nGaeltacht–níl ann ach go bhfuil an Ghaeltacht agus an Ghaeilge ar aon ag athrú. Cuid de na daoine seo is as Gaeltachtaí beaga iad, agus ní léir go dtuigeann siad i ndáiríre céard is Gaeltacht láidir í. Ach sa mír raidió seo, cuireann daoine as Conamara, Gaeltacht a bhíodh an-láidir le cuimhne na ndaoine meánaosta, síos ar na hathrúintí a fheiceann siad timpeall orthu. Is léir an ghéarchéim don dall.