Dúlra an earraigh

Céad bhláth an earraigh: plúiríní sneachta

Céad bhláth an earraigh: plúiríní sneachta

Rinne mé deifir leis an leathanach eolais seo thíos a chríochnú sula mbeadh deireadh iomlán leis na plúiríní sneachta–tá siad ag feo anseo cheana. Má dhéanann tú siúlóid deireadh seachtaine leis an gclann, áfach, sílim go dtiocfaidh sibh orthu fós. Ar ndóigh, braitheann sé air cén áit a bhfuil tú.

Ós rud é gur i Sasana atá muid faoi láthair, tá claonadh ann i dtreo ainmhithe iarthuaisceart na hEorpa (dá mbeadh muid i Meiriceá, ainmhithe Mheiriceá a bheadh ann!)

Fuair mé inspioráid do chóras pointí an leathanaigh ón leabhar The Great British Wildlife Hunt, foilsithe ag RSPB. Sárleabhar atá ann do theaghlach ar bith a thaithíonns na coillte is na cladaigh. Faraor, níl leagan Gaeilge de ann! B’fhiú don Ghúm aistriúchán a dhéanamh.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a mhol plandaí agus ainmhithe dom ar an gcóras giolctha, Síle Gharraí Glas san áireamh. Ní raibh mé in ann na moltaí maithe ar fad a fuaras a chur ar an leathanach mar bhí mé ag iarraidh an leathanach a choinneáil beag agus so-iompartha–aghaidh agus cúl páipéir amháin. Is mise is cúis le haon bhotúin!

Dúlra an Earraigh PDF

Dúlra an Earraigh DOCX

Advertisements

4 fhreagra ar “Dúlra an earraigh

  1. Athbhlagáilte ar An Tuairisceoir.

  2. Tá spideog ar chúl an tí a’inn anseo i mbliana – an chéad uair ceann feicthe a’m, ó bhogamar go Ceann Scríbe roinnt blianta ó shin. B’fhéidir go mbeadh nead spideoige againn fós!

  3. Le cúnamh Dé! Tagann cúpla spideog ag garraí seo againne, agus tá na beathadáin ag mealladh glasáin darach agus lasracha coille freisin (mar aon leis na meantáin, srl). Tá súil a’m go gcrochfaidh tú an cam neide arís i mbliana!

  4. Beidh dhá cham thuas againn i mbliana, le bheith cinnte, le bheith cinnte!

    An dara teachín éan ceannaithe againn, an dtuigeann tú..:-)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s