Cartlanna Ranga: Taighde

Cumas Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta

Údar díomá dom ab ea iad cuid de na teachtaireachtaí a seoladh isteach go Cormac ag a Cúig an lá eile nuair a bhí sé ag plé Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach. Chuir roinnt daoine milleán agus locht ar na daoine óga féin. Feictear domsa gur míthuiscint í seo ar phróiseas sealbhaithe teanga. Cé go bhfuil daoine áirithe in ann teanga a shealbhú as a stuaim agus as a dhícheall féin, sealbhaíonn formhór mór daonra ar bith an teanga, agus an cineál teanga, a labhraítear mórthimpeall orthu.

Cuir i gcás an bheirt leanaí seo stairiúla, ag éirí aníos i gCois Fharraige:

Cás A: Páiste dátheangach, thart ar 1945 (Seanghlúin reatha na Gaeltachta):

paiste datheangach 20

Cás B: Páiste dátheangach, thart ar 2014 (Glúin óg na Gaeltachta):
paiste datheangach 21

Ní mar a chéile an dá thimpeallacht teangan seo ar chor ar bith. An cineál Gaeilge a shealbhós an ghlúin óg, beidh sé éagsúil le Gaeilge a sinsear, go deimhin. Agus beidh sí níos laige, mar tá cuid mhaith de fhearainn na Gaeilge bainte den timpeallacht nua-aimseartha seo. Ní ar an nglúin óg atá an milleán go bhfuil a dtimpeallacht athraithe ó thimpeallacht a sinsear!

Nuair a luaitear “tearmann teanga”, is é an rud atá i gceist dháiríre ná cuid des na fearainn seo a athghabháil–do na teaghlaigh a iarrann é ar a laghad–don Ghaeilge. TG4–sin iarracht na meáin a athghabháil don Ghaeilge. Tuismitheoirí na Gaeltachta–sin iarracht clós na scoile (nó cairdis scoile) a athghabháil don Ghaeilge.

Ach níl cuid mhaith den phobal toilteanach a ghlacadh leis gurb é  an bealach is fusa le clós na scoile a athghabháil don Ghaeilge ná scoileanna do Ghaeilgeoirí cumasacha amháin a chruthú.

Fearainn Teanga

Is é an rud atá in “fearann teanga” nó “réimse teanga” ná comhthéacs ina labhraítear teanga árithe seachas teanga eicínt eile; “language domain” nó “domain specificity” atá air i mBéarla. Is é an teangeolaí Joshua Fishman a shaothraigh an teoiric seo go mór, agus rinne Laurence Greenfield staidéar ar chúig cinn de fhearainn thábhachtacha ina staidéar ar chainteoirí Spáinnise i Nua Eabhrach: teaghlach, cairde, reiligiún, oideachas, agus obair. De réir Fishman, ba cheart do lucht athbheochana féachaint leis an oiread fearainn agus is féidir a shealbhú don mhionteanga. I gcás Spáinniseoirí Ghreenfield, ba sa teaghlach agus i measc cairde a labhraítí an Spáinnis agus labhraítí an Béarla sna fearainn eile. Braitheann sláinte na teanga ar na fearainn ina labhraítear í.

I gcás na Gaeilge de, tá sé réasúnta furasta na fearainn a aimsiú. Sna Gaeltachtaí láidre, tá seilbh ag an nGaeilge ar fhearainn an teaghlaigh, na gcairde, an reiligiúin, an oideachais, agus fiú na hoibre. I measc theaghlaigh Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, b’fhéidir go mbeadh seilbh ag an nGaeilge ar fhearainn an teaghlaigh, na gcairde (cuid díobh), an reiligiúin (b’fhéidir), agus an oideachais (Gaelscoil). I gcás mo ghasúr féin, níl seilbh ag an nGaeilge ach ar an teaghlach (cuid de).

Is é ceann de na rudaí ba mhaith liom féin a dhéanamh ná tuilleadh fearainn a tharraingt isteach go seilbh na Gaeilge, agus, ar ndóigh, is é an dúshlán céanna atá roimh chuid mhaith den Ghaeltacht, áit a bhfuil an Ghaeilge ag cailliúint seilbhe go forleathan ar na fearainn ar fad.

Cumas teanga agus teanga na dtuismitheoirí

Teanga na dtuismitheoirí

 

 

 

 

 

 

 

 

Cumas teanga

Taispeánann an dá ghraf thuas, as Silvia Place agus Erika Hoff  “Properties of Dual Langauge Exposure” in Child Development 82.6 (2011), an dlúthbhaint atá ag teanga na dtuismitheoirí ar theanga na bpáistí i gcomhthéacs mionteanga–rinne na húdair staidéar ar theaghlaigh a bhí ina gcónaí i SAM. Ní raibh ach grúpa amháin a raibh an mhionteanga níos láidre ná  teanga an phobail mhóir acu: gasúir a raibh an mhionteanga ar a dtoil ag an dá thuismitheoir.

Préacháin: Leathanach eolais

chough
Seo thíos an leathanach eolais faoi na préacháin a bhí mé ag cur le chéile. Go raibh maith ag na daoine a chuidigh liom, go háirithe Aonghus agus Áine agus an foclóirín seo: http://indigo.ie/~cocaomh/English-Irish%20Dictionary.htm .

Leagan docx:

preachain

Leagan pdf:

preachain pdf

 

An Charóg Dhubh 7 athrú paraidíme

hooded crowTá mé ag cur leathanach eolais i dtoll a chéile faoi láthair faoi phréacháin (cuireann an mac is sine spéis mhór sna héanacha faoi láthair) agus thugas faoi deara nach mbíonn an charóg dhubh (“carrion crow”) le fáil in Éirinn! Ós rud é gurb in é an t-éan a thaganns i gcumhne dom nuair a luaitear an “préachán”, bhí orm mo pharaidím Ghaeilge éanlaithe a athrú ó bhonn! Is dócha gurb é an charóg liath (“hooded crow”, le feiceáil thuas) gnáth-phréachán na hÉireann.

Mata na Gaeltachta

Tá mé ag scríobh sraith bheag altanna ar bhás nádúrtha na Gaeltachta (féach Céard is pobal teanga ann agus Catagóir A go Catagóir W), agus cheap mé go leabóinn scarbhileog (spreadsheet a deir focal.ie liom) anseo. Bhunaigh mé an anailís ar fad ar ghnáth-theanga na dtuismitheoirí, agus ghlac mé leis nach bpósann daoine ar chúiseanna teangan.

scarbhileog curtha in eagar

Ní féidir a rá gur teanga an phobail í mionteanga ar bith mara labhraíonn níos mó ná 50% den phobal an teanga sin. De réir an mhata thuas, mar sin, scriosfar an Ghaeilge mar theanga phobail taobh istigh de thrí ghlúin sna pobail láidire, agus taobh istigh de ghlúin amháin i bpobail laga.

Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuil pobail teanga ann atá iontach láidir agus atá in ann cainteoirí gníomhacha a dhéanamh de níos mó ná leath na ngasúr a bheireanns tuismitheoirí ilteangacha (.i. Gaeilgeoir pósta le Béarlóir), ach níl mórán fianaise teangeolaíochta ann go dtarlaíonn a leithéid go minic.

Caint m’iníne

Cuirim spéis sna difríochtaí atá ann i nGaeilge mo pháistí. Tá an Ghaeilge is láidre ag an mac is sine, ach níl mé cinnte cén chúis atá leis sin: aois nó timpeallacht (ní raibh deartháireacha aige a chaitheadh an lá ag spalpadh Béarla leis!) . Ach is cuimhin liom gur mhúscail spéis mo mhic i labhairt na Gaeilge (seachas in éisteacht amháin) nuair a bhí sé thart ar 5 bl. d’aois agus déarfainn go bhuil m’iníon, atá a 5 anois, ag leanúint an phatrúin chéanna. Bíonn sí ag labhairt na Gaeilge níos minicí ná ariamh.

Sin ráite, tarraingíonn sí neart focail iasachta chuici féin, agus tá mírialtacht ann ó thaobh na bhfoirmeacha de. Seo sampla ón oíche eile, nuair a bhí muid ag caint faoin bhfiacail scaoilte atá ina béal, a bheas ag tititm amach go luath. Bhí sí ag smaoineamh faoi shióg na bhfiacla (nós nach gcleachtann muid iná dteaghlach féin), agus dúirt:

“Beidh Deaide ag tabhairt money do mise.”

Tá bunstruchtúr na habairte ceart go leor, ach níl sí ag baint úsáid as an bhforainm réamhfhoclach, agus, ar ndóigh, níl an focal “airgead” aici ina stór gníomhach focal, de réir dealraimh. Sin ráite, tá a cuid Gaeilge labhartha i bhad níos fearr ná mar a bhí fiú bliain ó shin. Tá mé ag ceapadh go dtreisíonn mionteanga gasúir dhátheangacha mar seo (a bhfuil an láimh in uachtar ag an mórtheanga, fiú sa muintir) agus iad ag dul in aois.