Cartlanna Ranga: Dea-Ghaeilge?

Asterix Gliaire: Léirmheas

wp-1467282446050.jpg

Eachtra eile i ndán do Asterix agus Obelix

Taitníonn an tsraith Asterix go mór linn–grinn, gaiscíocht, agus pictiúir spéisiúla. Na leaganacha Gaeilge atá againn go nuige seo, déarfainn go bhfuil siad fiú níos fearr ná na leaganacha Béarla. Tá an Ghaeilge glan, soléite, agus glic. Ní haon eisceacht é Asterix Gliaire, a cheannaigh muid agus muid i mBéal Feirste mí ó shin.

 

D’éirigh leis an aistritheoir, Antain Mac Lochlainn, an téacs a dhéanamh sárGhaelach. Féach ainm an fhile, Dándírix, a dhéanann tagairt don mheadaracht choitianta SheanGhaeilge, an dán díreach. Tá imeartas breá focal ann freisin, mar shampla, nuair a lorgaíonn captaen loinge “árthach a athrach”. Cuirtear an t-athshuíomh cultúrtha i bhfeidhm sna pictiúir freisin, áit a gcuirtear lirící cáiliúla as amhráin Ghaeilge sheanchaite i mbéal an fhile.

An t-aon locht atá againn ar an leabhar ná an clúdach–clúdach bog láidrithe le scim phlaisteach–tá sé badráilte cheana ag na gasúir. B’fhearr liom go mór clúdach crua a choinneodh an leabhar slán go ceann na mblianta. Leabhar maith mar seo, fulaingeoidh sé neart droch-úsáide  de bharr shíorléamh na ngasúr.

Is fiú machnach a dhéanamh ar theanga an leabhair. Feicim gurb é an leagan Gaeilge amháin a bhain úsáid as an seanfhocal breá gliaire–focal ar ghá dom féin a sheiceáil sa bhfoclóir (cé gur thuig na páistí é gan dua, a bhuíochas leis na pictiúir). I leagan Ghaeilge na hAlban, is é an teideal ná Asterix an Gladaidheatar; sa leagan Breatnaise, Asterix y Gladiator. Seo ceist a chuirim go minic–ar cheart glacadh leis na focail iasachta? Nó an ceart an deis a thapú le síneadh a chur le stór focal an léitheora. Sa gcás seo, a bhfuil brí an fhocail soiléir, tá mé lánsásta le “gliaire”.

Is é DalenÉireann (fochomhlacht de chomhlacht sa mBreatain Bheag, a shílim) a d’fhoilsigh Asterix Gliaire, agus tá mé cinnter gur féidir é a ordú ó na siopaí leabhar ar fad.

wp-1467278951426.jpg

Athshuíomh cultúrtha ceart déanta ar théacs an scéil.

Cé a ghoid uainn biachlár na Gaeilge?

Tá a fhios a'm nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. !

Tá a fhios a’m nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. !

Ó am go chéile, bhreathnaím ar Ó Cuisine ar TG4 nuair a bhím ag lorg inspioráid nua d’obair na cistine. Ní minic a réitím na béilteacha a fheicim, ach cuireann an seó ag smaoineamh mé faoi chomhábhair nár bhain mé leas astu le tamall.

Ach ní ar an mbia ba mhaith liom trácht a dhéanamh ach ar stór na bhfocal. Chreidfeadh duine ar bith a d’fheicfeach na cláracha seo gurb iad na Sasanaigh a thug gach cineál bia isteach go hÉirinn leo. Is beag aoi-chócaire ann a bhfuil an focal cuí Gaeilge aige nó aici ar na comh-ábhair is simplí.

Tuigim don chainteoir má chaithfear ruainne beag taragon a chaitheamh isteach sa mias. Ach bhí bean as Corca Dhuibhne ag plé le raspberries agus prawns an lá eile. An amhlaidh nár chuala sí riamh ‘sú craobh’ ná ‘cloicheáin’ mar fhocail? An amhlaidh nach raibh a fhios aici roimh ré cé na comhábhair a bheadh sí a úsáid ar an seó? An amhlaidh nach bhfuil foclóir ar bith saor-in-aisce ar líne?

Tá buachaill bocht ar an gclár anois (agus mé ag éisteacht leis ar an seinnteoir) agus é ag caint faoi leeks. ‘Cainneanna’, a mhac.  Agus anois tá sé chun milseog le rhubarb a réiteach. Bail ó Dhia ar an láithreoir, Pádraig  Ó Sé, a fhreagraíonn le ‘Is maith liom biabhóg’, ach tá blas an cheachta teangan ar an gcomhrá dá bharr.

Is léir gur scoth na gcócairí iad seo agus go bhfuil Gaeilge nádurtha acu, ach cheapfaí nár ith Gael creamh nó gur thug na Sasanaigh wild garlic dóibh.

Éirígí as! Foghlaimígí na focail chearta Ghaeilge ó Phádraig roimh an seó, agus cleachtaigí iad! Dá mba mhaith leat ‘na prawns, na cloicheáin’ a rá an chéad uair a luann tú iad le go dtuigfidh luct Tesco thú, maith go leor, ach cloígh ansin leis an bhfocal ceart.

A Ghael-chócairí an domhain, ná ligigí Gaeilge ár mbia le sruth an Bhéarla!

Na Ceithre Dúile

D’iarr cara orm ainmneacha na gceithre dúl i nGaeilge, agus theastaigh uaim beagán taighde a dhéanamh ar thraidisiún na ndúl in Éireann. Ar fud an idirlín, tá daoine ag aistriú ainm na ndúl ó Bhéarla, beag beann ar thraidisiún ársa eolaíochta na nGael. Ni dhearna mé neart taighde ar an ábhar ach tá fáil forleathan furasta ar thráchtas réalteolaíochta ón gcúigiú haois déag: The Irish Astronomical Tract. Is iad na focail a úsáidtear sa tráchtas sin ná:

Talamh

Uisce

Aer

Tine

Is é an focal ‘talamh’ a chuireanns iontas ar dhaoine sílim–b’fhearr leo cré nó a leithéid, ach b’fhéidir nach dtuigeann siad cosmeolaíocht na seanóirí. Má tá spéis agat sa gcosmeolaíocht sin, mholfainn duit an tráchtas thuasluaite a léamh–níl sé ró-dheacair don duine a bhfuil Nua-Ghaeilge mhaith aige nó aice.

Gramadach na Gaeilge i mBéarla

Chuaigh muid amach ag spaisteoireacht i ndiaidh an dinnéir inniu, d’ainneoin na báistí. Bhí muid ag trasnú pháirc na sráidbhaile, ag teannadh leis an mbóthar mór, agus thosaigh an ghirseach 4 bl. d’aois ag rá (i  mBéarla) go raibh sí ag iarraidh dhul ar ais. D’fhreagair mé (i nGaeilge) go gcasfadh muid siar nuair a bhain muid an bóthar mór amach. D’fhreagair sí féin: “I can’t wait til we get to the road big.”

Ní minic a bhíonns siad ag baint leasa as gramadach na Gaeilge ina gcuid Béarla, ach taitníonn sé liom nuair a tharlaíonns sé.

Níos síogach

Tá tugtha faoi deara agam go bhfuil claonadh ag cainteoirí dúchais Chonamara gan infhilleadh a dhéanamh sa breischéim  ar aidiachtaí dár críoch -ach, m.sh. ‘an áit is síogach’ nó ‘tá an t-amhrán sin níos mealltach. Cuirim ceist orm féin amanta, toisc nár tógadh mé féin leis an nGaeilge, ar cheart aithris a dhéanamh ar na nósanna seo cainte?

Tuairimí?

Tá brú oibre millteanach orm faoi láthair agus ní raibh an seans a’m postáil le tamall–brón orm!

 

Foclóiris

Ós rud é nár tógadh leis an nGaeilge mé, ní thagann an focal cuí chugam amantaí agus mé ag cur síos ar eachtraí an lae, go háirithe mura mbaineann na heachtraí sin le gnáth-rudaí nó leis an gcineál ábhair a phléitear ar an raidió (mar is é Raidió na Gaeltachta príomh-fhoinse mo chuid Gaeilge labhartha féin).

Dá bharr sin, téim i dtuilleamaí na bhfoclóirí nuair nach bhféadaim smaoineamh ar an dea-fhocal. Tharla seo le deireanas nuair a bhí an mac is óige ag siúl beagáinín bacach ar maidin. Is é an rud a dúirt mé ná “Sílim go bhfuil limp beag air,” ach chuardaigh mé an focal limp ina dhiaidh sin leis an nGaeilge a fháil. Agus seo í an uair a thaganns an chastacht isteach sa scéal.

In EID (de Bhaldraithe), tugtar a leanas:

limp de bhaldraithe Mar sin, is dócha go bhféadfaí a rá: “Tá sé ag siúl go bacach ar maidin.”

Ach in FGB, tugtar seo:

limp fgb 1Agus seo:

limp fgb 2

Bhuel, tá iliomad bealaí le “he has a limp” a rá, is dócha. Cé acu an bealach is nádúrtha nó is bunúsaí? Ós rud é go bhfuil “coiscéim bhacaí” ag EID agus luaitear leagan de “céim bhacaí” faoi dhó in FGB, an bhfuil sé le tuiscint gurb in é an bealach is coitianta? Ní dóigh liom é.

Thairis sin, chuile sheans go bhfuil baint ag canúnachas leis an mbealach is nádúrtha leis an gcoincheap seo a chur in iúl. Tá mé ag ceapadh gur bhain gach léitheoir an bhlaga seo leas as focal i nGaeltacht eicínt nár thuig duine toisc nach n-úsáidtear an focal sin nó an nath cainte sin sa gceantar.

Ar ndóigh, táthar in ann ciall na bhfocal a sheiceáil ar bhealaí eile, m.sh. cuardach corpais nó glaoch ar dhea-chainteoir dúchais, ach níl mé toilteanach sin a dhéanamh le chuile fhocal beo (nó le focal ar bith nach bhfuil tábhacht phroifisiúnta ag baint leis)!

Sa deireadh thiar thall, caithfidh an té nár tógadh leis an teanga glacadh le ruainne Foclóirise. Ní fheicim an dara rogha!

Trash nó bruscar?

Trais?

Trais?

Cúpla babhta le gairid, chuala mé daoine ag caint faoi rudaí suaracha gan mhaith. I gcás amháin, bhí traenálaí Ciarraíoch eicínt á chur faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas, agus bhí sí ag tagairt do bhia gan mhaith (milseáin, criospaí, deochanna fuinnimh is a leithéidí)–is é an focal ar bhain sí leas as ná “bruscar”. Ba léir óna tuin cainte nach Gaeilgeoir coitianta í agus cheap mé féin nár fheil an focal “bruscar” don ábhar a bhí i gceist–lomaistriúchán ar “rubbish” an Bhéarla.

An babhta eile bhí mé ag breathnú ar Ros na Rún, agus thagair duine do bhréagáin gan mhaith. Is é an focal ar bhain seisean leas as ná trash.

Chuir na comhráití seo ag fiafraí díom féin mé, cad í an Ghaeilge cheart ar earraí mar seo nach bhfuil maitheas iontu? Níor thaithnigh “bruscar” liom mar go gcuireann an focal sin in iúl go bhfuil smidiríní nó píosaí beaga fanta agat–d’úsáid tú an chuid thábhachtach agus níl fágtha anois ach an bruscar. Ach níorbh amhlaidh do mhilseáin an ollmhargaidh–níl siad oscailte agat fiú. An bhféadtar “bruscar” a chur ar a leithéid? Tá an fhadhb chéanna ag cuid mhaith de fhocail na Gaeilge, agus liosta le n-áireamh iad na focail a chuireanns síos air an bhfuíoll gan mhaith  (conamar, cosamar, bruscar, brus, cáith), nó ar stuif a chaitear amach (truflais, trachlais, pracar), nó ar rudaí iontach salach (cacamas, caclach, cunús, salachar).

Is léir gur féidir le neart de na focail seo  an chiall “ábhar gan mhaith” a chur in iúl, m.sh. truflais. Mar sin féin, ní maith liom an smaoineamh a ritheanns liom má thagraítear do mhilseáin mar “chacamas”!

Ar aon chaoi, tugann FGB focal amháin a bhfuil an chiall a leanas aige:

FGB via breis.focloir.ie

FGB via breis.focloir.ie

 

An focal sin: dramhaíl.