Fearainn Teanga

Is é an rud atá in “fearann teanga” nó “réimse teanga” ná comhthéacs ina labhraítear teanga árithe seachas teanga eicínt eile; “language domain” nó “domain specificity” atá air i mBéarla. Is é an teangeolaí Joshua Fishman a shaothraigh an teoiric seo go mór, agus rinne Laurence Greenfield staidéar ar chúig cinn de fhearainn thábhachtacha ina staidéar ar chainteoirí Spáinnise i Nua Eabhrach: teaghlach, cairde, reiligiún, oideachas, agus obair. De réir Fishman, ba cheart do lucht athbheochana féachaint leis an oiread fearainn agus is féidir a shealbhú don mhionteanga. I gcás Spáinniseoirí Ghreenfield, ba sa teaghlach agus i measc cairde a labhraítí an Spáinnis agus labhraítí an Béarla sna fearainn eile. Braitheann sláinte na teanga ar na fearainn ina labhraítear í.

I gcás na Gaeilge de, tá sé réasúnta furasta na fearainn a aimsiú. Sna Gaeltachtaí láidre, tá seilbh ag an nGaeilge ar fhearainn an teaghlaigh, na gcairde, an reiligiúin, an oideachais, agus fiú na hoibre. I measc theaghlaigh Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, b’fhéidir go mbeadh seilbh ag an nGaeilge ar fhearainn an teaghlaigh, na gcairde (cuid díobh), an reiligiúin (b’fhéidir), agus an oideachais (Gaelscoil). I gcás mo ghasúr féin, níl seilbh ag an nGaeilge ach ar an teaghlach (cuid de).

Is é ceann de na rudaí ba mhaith liom féin a dhéanamh ná tuilleadh fearainn a tharraingt isteach go seilbh na Gaeilge, agus, ar ndóigh, is é an dúshlán céanna atá roimh chuid mhaith den Ghaeltacht, áit a bhfuil an Ghaeilge ag cailliúint seilbhe go forleathan ar na fearainn ar fad.

Advertisements

3 fhreagra ar “Fearainn Teanga

  1. Tá fearann an Idirlín ann! Agus a bhuí leis an dteicneolaíocht tá an Ghaeilge feiceálach i bhfearann na hoibre agam – Firefox, Thunderbird agus Windows 8 féin as Gaeilge agam!

  2. Ceart agat, ar ndóigh, a Aonghuis–agus is dócha go bhfuil an t-idirlíon ar na fearainn is tábhachtaí ag na Gaeil in imigéin. Céard a dhéanfadh muid gan RnaG?

  3. Athbhlagáilte ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s