ATM & Faitíos roimh an bPraistriúchán

In anneoin na drochphoiblíochta, tá Banc na hÉireann ag cur deiridh leis an rogha Gaeilge ar a chuid ATManna toisc nach raibh ach 1% dá gcustaiméirí ag roghnú na Gaeilge. Is aisteach an rud é go bhfuil an banc sásta a dhroim a thabhairt le thart ar 20,000 duine ar a laghad—tá aithne agam féin ar neart gnólachtaí beaga ar bhreá leo an oiread sin custaiméirí a bheith acu.

Sin mar atá, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag roghnú na Gaeilge ag an ATM? Nuair a bhím féin in Éirinn, roghnaím an leagan Gaeilge más ann dó, ach is cuimhin liom go maith an faitíos a bhí orm an chéad uair—faitíos a tháinig orm arís cúpla mí ó shin agus mé ag roghnú Gaeilge ar na meaisíní seiceála pasanna ag na deascanna custaim de chuid na Stát Aontaithe in aerfort Bhaile Átha Cliath.

Bhí faitíos orm go mbeadh praistriúchan romham, nó (níos measa, b’fhéidir) Gaeilge theicniúil.

Tá sé feicthe againn go léir. Rudaí ar nós:

Déanfar do phas a chúlghairm, a dhiúltú, agus a chur ar ceal, má fhreagraíonn tú an cheist seo ar an mbealach is lú go mícheart. (a bhuíochas le Google translate)

Tá mé a cheapadh go bhfuil an eagla chéanna ar chuid mhaith daoine, cainteoirí dúchais san áireamh—faitíos roimh an bpraistriúchán nó roimh Ghaeilge atá chomh haduain sin nach bhfuil sí intuigthe.

Tá cuid den locht ar an stair, ar ndóigh, a d’fhág an Ghaeilge mar theanga chlainne agus teanga scoile in áit teanga na cumhachta agus an ardléinn. Ach tá cuid den locht ar na foclóirí agus ar na haistritheoirí. Féach mar shampla na trí leagan a thuganns tearma.ie ar ‘ATM’:

uathmheaisín bainc – beagáinín intuigthe don duine nach léann an Ghaeilge go rialta (.i. formhór na nGaeilgeoirí)
meaisín bainc – intuigthe
UMB – dothuigthe amach is amach (domsa, ar aon chaoi)–níor chuala mé an focal roimh an scannal seo

Tá na téarmaí ar ‘ATM card’ níos measa:

cárta UMB
uathchárta bainc
cárta uathmheaisín bainc

Tá sé suntasach gur roghnaigh tuairisc.ie an focal iasachta ‘ATM’ dá cheannteidil, cé gur baineadh leas as na focail “innill airgid” agus UMBanna i rith an ailt féin. Nach gcuirfidh an téarmaíocht seo ar fad mearbhall ar an ngnáth-Ghaeilgeoir? An gcaithfear bheith i do scoláire Gaeilge le fiche euro a tharraingt as do chuntas bainc (nó a aistarraingt mar a mholtar sna foclóirí)? An bhfuil muid cinnte go mbeidh a fhios ag an déagóir a bhfuil Gaeilge na scoile aige céard é ‘aistarraingt’?

An Ghaeilge ar Banffshire

Agus mé ag scríobh faoi áiteacha in Albain le gairid, thug mé suntas don fhíric nach raibh treoir ar bith (ar eolas agam féin ar aon chaoi) faoi fhoirmeacha na n-áitainmneacha seo. Ní chlúdaítear an chuid is mó de na hainmneacha in logainm.ie, ná in téarma.ie, ná in teanglann.ie. Cén Ghaeilge, mar sin, atá ar Banffshire?

Tá dhá bhealach leis an dúshlán seo a thabhairt, feictear domsa.

1) Glacadh go hiomlán leis na leaganacha atá ag Gaeilge na hAlban
2) ‘Éireannú’ a dhéanamh ar leaganacha Ghaeilge na hAlban

Má ghlactar le bealach 1, tá an buntáiste ann gur féidir go minic teacht ar na háiteacha má dhéantar cuardach idirlín. Tá an míbhuntáiste ann go ndéantar ainm beagáinín comhthíoch as ainmneacha atá chomh Gaelach le Gaillimh i ndáiríre.
Má ghlactar le bealach 2, beidh na logainmneacha Gaelach nádúrtha, ach seans nach dtiocfaidh an léitheoir ar an áit—easpa iomlán cumarsáide cuí.

Mar shampla, cén Ghaeilge is fear ar Banffshire? I nGaeilge na hAlban, Siorrachd Bhanbh atá ann. Ar cheart cloí leis sin? Nó an logainm a Éireannú go beagáinín go Siorracht Bhanbh, foirm nach bhfuil an cónascadh aisteach chd ann (fiú cé nach bhfuil siorracht i bhfoclóir Ghaeilge na hÉireann)? Nó ar cheart Sír Bhanbh a dhéanamh den ainm ós rud é gur sír Gaeilge na hÉireann ar shire an Bhéarla?

Agus ar ndóigh, an gcaithfear plé le Banbh féin, nach bhfuil a shanasaíocht ró-shoiléir?

Céard faoi ainmneacha níos simplí? Ar cheart An Barr Dubh a dhéanamh de Am Barr Dubh?

Má tá tuairim agat, cuir sna freagraí í!

Alba

Mata Bhás Teanga

Tá na cainteoirí deiridh Ghaeilge Chataibh Thoir amach sna blianta anois, agus dealraíonn sé go bhfaighfidh an chanúint bás dá bharr. Rinneadh corriarracht samhail mhatamaiticiúil a dhéanamh de mheath teanga, agus is í an tsamhail a chruthaigh Abrams agus Strogatz, “Modelling the dynamics of language death” Nature 424 (2003), p. 900, ar na samplaí is clúití. Má tá spéis agat sa mata, is féidir teacht ar an alt anseo, agus in áiteacha eile ar líne.

Cumais chainte clainne

Tá mé ag fiosrú na Pléimeannaise le trí seachtainí, ach ba mhaith liom filleadh níos gaire d’Éirinn agus scéal Ghaeilge na hAlban a fhiosrú, nó Gaeilge Chataibh (East Sunderland) le bheith beacht. Rinne an teangeolaí Nancy Dorian staidéar cuimsitheach fadtéarmach ar Ghaeilge Chataibh Thoir thar thréimhse fhada blianta, agus ceaptar go forleathan go bhfuil an staidéar seo ar na cuntais is iomláine ar bhás teanga. Is é Language Death: The Life Cycle of a Scottish Gaelic Dialect mórshaothar an scoláire, atá ar scor anois.

Is féidir scannán beag faisnéise faoin scoláire agus faoin gcanúint a fheiceáil anseo.

Ar aon chaoi, thug mé suntas le gairid don méid a scríobh Dorian in Small Language Fates and Prospects faoi thitim thobann scileanna teanga a tharlaíonn taobh istigh de chlann amháin—“language tip” mar a thugann sí air. Cuireann sí dhá chlann i gcás, clann Gaeilgeoirí i gCataibh Thoir agus clann Gearmáinseoirí as Pennsylvnia (tríocha míle ó m’áit chónaithe féin). I ngach clann, bhí scoilt mhór ann idir cumas teanga na bpáistí is sine agus cumas na bpáistí is óige—cainteoirí líofa a bhí sna páistí móra agus semi-speakers nó leath-chainteoirí a bhí sna páistí is óige.

Ar ndóigh, níl cás na gcumas difriúil ró-dhiamhair. Feicim féin an difríocht mhór idir na páistí móra agus an páiste is óige i mo chlann féin. Tá Gaeilge réasúnta ag na daoine móra agus déarfaidh siad rud éigin as Gaeilge gan spreagadh chuile lá, cé gur nós leo an Béarla a labhairt eatarthu féin go hiondúil. Ach is deacair don pháiste is óige (4 bl.) abairtí Gaeilge sách simplí a thuiscint. Cén fáth? Ní chloisfeadh an páiste is mó an Béarla ach óna mháthair, ach cloiseann an duine is óige Béarla óna mháthair agus ó na ceathrar páistí eile. Sin i bhfad níos mó Béarla, san iomlán agus mar chéatadán (má ghlacann muid leis go gcuireann gach páiste sruth leanúnach cainte amach, rud a dhéanann!).

Léiríonn fianaise mar seo cé comh tábhachtach is atá sé pobal teanga a chruthú le tacaíocht a thabhairt do chainteoirí óga.

Tá Cataibh ar an gcósta thoir.

Pléimeannais: Aonteangachas & Féin-riail

Sular landáil mé i mBrugge, cheap mé gur tír dhátheangach a bhí sa mBeilg. Ní hea. Agus tú ag siúl timpeal na cathrach, ní shamhlófá go raibh ceithre milliún Frainciseoirí ina gcónaí i ndeisceart na tíre. Tugtar tús áite don Phléimeannais agus ní thugtar áit speisialta don Fhraincis ar chor ar bith. Níl ach aon teanga amháin ar na meaisíní íoc-agus-taispeáin: Pléimeannais. Ar na cláracha eolais amugh faoin tuath, Pléimeannais amháin, nó b’fhéidir an Phléimeannais i litreacha móra agus Béarla, Fraincis, agus Gearmáinis i litreacha beaga.

Thosaigh an córas seo ag teacht i bhfeidhm ó na seascaidí ar aghaidh, go dtí an lá inniu ina bhfuil an Bheilg ina stát feidearálach roinnte ina dhá thír: Flóndras (Pléimeannais) agus an Vallúin (Fraincis). Rialaítear an dá áit ar nós áiteacha aonteangacha—níl cead cruinniú stáit a rith sa bhFraincis i bhFlóndras, fiú sa bailte beaga thart ar an mBruiséil a labhraíonn formhór na ndaoine an Fhraincis.

Ar ndóigh, tá muintir Fhlóndrais dátheangach: Pléimeannais agus Béarla. Chuala mé daoine áitiúla ag labhairt Béarla le Frainciseoirí. Seans go bhfuil contúirt bheag ann go ndíbreodh an Béarla an Phléimeannais dá dtitfeadh an tóin as an eacnamaíocht agus bhí orthu triall go Meiriceá, ach níl aon seans go ndíbreoidh an Fhraincis an Phléimeannais anois. Glactar leis, freisin, go bhfoghlaimeoidh stainséir ar bith a chuireanns faoi i bhFlóndras an Phléimeannais. Go deimhin, ón mbliain 2014, tá Aire an Imeascaidh Chultúrtha ann a eagraíonn cúrsaí teangan agus cultúir do inimircigh.

Cuir an córas seo aonteangach i dtír dhátheangach i comparáid leis an gcóras ‘dátheangach’ i dtír aonteangach, mar atá le feiceáil sna tíortha Ceilteacha. Tá an Béarla feiceálach i gcroílár na dteangacha Ceilteacha beo. Cuireann neart Sasanaigh fúthu i gceantracha Breatnaise gan iarracht a bith a dhéanamh leis an mBreatnais a fhoghlaim. Ní chuirtear iachall ar inimircigh an Ghaeilge a fhoghlaim. Níl pobal na dteangacha Ceilteacha i gceannas ar pholaitíocht a gceantar féin, atá mar chuid de cheantracha móra eile (Condaetha) a bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla.

Dá leanfadh an Ghaeltacht sámpla na Pléimeannaise, bheadh féin-rialtas ag an nGaeltacht ar an nGaeltacht. Bheadh pobal na Gaeltachta i gceannas ar an gcóras oideachais, ar an gcóras sláinte, ar ghnóthaí áitiúla, ar an tithíocht. Bheadh iachall ar inimircigh freastal ar chúrsaí Gaeilge go ceann trí bliana. Bheadh an Ghaeilge amháin á labhairt ag na cruinnithe féin-rialtais seo.

Ní dóigh liom go bhfuil pobal na Gaeltachta sách folláin le sampla na Pléimeannaise a leanúint. Níl teaghlach ar bith ann nach bhfuil gaol gairid aige le daoine nach bhfuil Gaeilge acu—mná céile, páistí a rugadh thar lear, srl. Ní féidir ‘Gaeltacht íon’ a chruthú a thuilleadh.

Sin ráite, tá mé cinnte go ndéanfadh rialtas áitiúil, a raibh cumhachtaí Comhairle Condae aige agus cumhachtaí breise oideachais, srl, maitheas don chuid sin den Ghaeltacht láidir atá fanta agus atá ag iarraidh fanacht Gaelach. Samhlaigh ‘Condae Gaeltachta’ déanta suas de na Gaeltachtaí láidre nach mbeadh spleách a thuilleadh ar Chomairlí agus Ranna Rialtais an Bhéarla, a thuig tábhacht na Gaeilge agus a thugadh tús áite di i gcúrsaí oideachais, oibre, inimirce, tithíochta.

flemish signs

Comharthaí bóthair sa bPléimeannais amháin sa náisiún ‘dátheangach’ seo.