Historopedia: Léirmheas

Bím ag breathnú ar leabhair Ghaeilge go hiondúil sa mblag seo, ach déanfaidh mé eisceacht i gcás an leabhair thaitneamhaigh staire seo: Historopedia: The Story of Ireland from Then until Now le Fatti Burke agus John Burke (Gill, 2016). Chonaic mé an leabhar in aerfort Bhaile Átha Cliath cúpla mí ó shin ar mo bhealach go Sasana as Meiriceá (bhí sladmhargadh á thairiscint ag Aer Lingus), agus bheartaigh mé an leabhar a cheannach agus mé in Éirinn ag deireadh mhí Bealtaine. Fuair mé é in Hodges & Figgis toisc nach raibh sé ag Siopa an Chonartha.

Na rudaí a thaitníonns liom:

  1. Lán de phictiúir mhóra lán-daite a mheallfas léitheoirí. Féach an sampla thíos.
  2. Cur síos sciobtha ar stair na hÉireann ó aimsir na ndineasár go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta–tugann gach leathanach aghaidh ar thréimhse ar leith. Tá an stair so-léite, sciobtha, ach sách cuimsitheach.
  3. Fócas ar mhór-eachtraí na staire, m.sh.  Teacht na Normannach, Cath na Bóinne, Éirí Amach 1798.
  4. Béim ar scéal na staire a inseacht (seachas fíricí loma)
  5. Clúdach crua!!!

An páiste a bhfuil na scéalta seo ar eolas aige, beidh creatlach stair n hÉireann ar eolas aige freisin.

Tá laigí ag an leabhar, freisin, ar ndóigh. Tá cuid den fhaisnéis as dáta. Mar shampla, maítear go dteithfeadh na manaigh isteach sna clogthithe le héalú ó na Lochlannaigh, cé nach gcreidtear sin go fortheathan i measc lucht léinn an lae inniu. Tá mé sásta go bhfuil clúdach crua air, cé go bhfuil an ceangal níos badráilte cheana ná mar a cheapfá.

B’fhéidir go bhfuil ceann de láidreachtaí an leabhair ar na laigí is mó freisin: béim ar scéal na staire. Is é an rud atá i gceist agam ná go mbíonn an leabhar ag díriú ar na gaiscí a rinne daoine mór-le-rá–Aodh Rua Ó Domhnaill, Cromail, Wolfe Tone, srl. D’imigh an cineál seo staire as faisean ag deireadh an chéid seo caite toisc go ndéanann sí neamhaird den chosmhuintir go minic, agus toisc go dtugann sí tús áite don chogaíocht agus do rudaí eile a bhí neamhchoitianta i ndáiríre. I leaba eachtraí, thosaigh na leabhair staire ag breathnú ar tháblaí staitisticiúla: cé mhéad iasc a tugadh i dtír i gcalafoirt na tire, rátaí léitheoireachta, srl.

Ach ní mheallfaidh leabhar de tháblaí spéis na ngasúr, agus tá mé féin sásta go bhfuil ‘stair na laochra’ ag teacht ar ais–sampla eile den chineál seo staire, ach dírithe ar  dhaoine fásta, ná History of Ireland in 250 Episodes le Jonathan Bardon (Gill, 2008). Go deimhin, tá Historopedia ar nós leagan páistí de leabhar an Bhardonaigh, agus feicim gurb é an foilsitheoir céanna, Gill Books, a d’eisigh an péire acu.

Ach an locht is mó ar Historopedia? Níl leagan Gaeilge ar fáil.

20170701_105123

_Historopedia_: Stair na hÉireann a mheallfas léitheoirí óga.

 

Advertisements

Portán na nOrdóg Órga (agus na mionn mór): Léirmheas

Tá an dara Tintin a fuair mé le gairid, Portán na nOrdóg Órga, críochnaithe againn, agus bhain muid a oiread taitnimh as agus as an gcéad cheann (léirmheas anseo).

Ar nós na leabhar ar fad dár léigh mise ó pheann aistrithe Rosenstock, áfach, tá an iomarca mionna móra curtha isteach sa téacs. Seans gur mise an t-aon duine sa saol seo a gcuireann na mionna móra i leabhar páistí amach dó, ach sílim go gcuirfidh an leagan cainte thíos isteach ar dhuine nó bheirt eile? Féach an pictiúr:

‘Frigeáilte’: an focal cuí don chineál seo téacs?

Todóga na bhFarónna: Léirmheas

DalenÉireann, fochomhlacht de fhoilsitheoir Breatnaise, ag déanamh éacht le gairid agus iad ag cur Gaeilge ar na sraitheanna clúiteacha Fraincise (agus Béarla) Asterix agus Tintin. Rinne mé léirmheas ar leabhar as an tsraith Asterix anseo agus anseo,  agus bhí mé ar bís nuair a chonaic mé go raibh siad tosaithe ar shraith Thintin freisin. Mar sin, phioc mé suas an dá leabhar Thintin atá foilsithe acu le deireanas agus mé i mBaile Átha Cliath (Siopa an Chonartha).

D’alp muid siar Todóga na bhFarónna thar cúpla lá, agus thaitnigh sé go mór le chuile dhuine. Tuigeann na gasúir is sine (11 / 9 / 6) an Ghaeilge labhartha gan stró, cé gur deacair dóibh é a léamh leo féin  (má tá bhur gcuid gasúir féin ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge, seans nach mbeidh an difríocht sin idir an Ghaeilge labhartha agus an focal scríofa acu). Bíonn ar an duine is lú (4 bl.) ceist a chur go minic (‘What’s happening?!’ i mBéarla).

Tá an-jab déanta ag Gabriel Rosenstock mar aistritheoir, cé go dtugann a charachtair an iomarca mionna móra (‘dar Maighdean’, m.sh.) i gcónaí, i mo thuairim féin. Mar sin féin, éiríonn leis an téacs a dhéanamh Gaelach agus nádúrtha. Is minic is fearr liom an leagan Gaeilge ná an leagan Béarla. Mar shampla, Professor Sarcophagus atá ar an ollamh craiceáilte sa leagan Béarla;  is seacht míle fearr an leagan Gaeilge: an tOllamh Ó Tuama.

Tá leathanach sámpla thíos. Caithfidh mé a rá nach dtuigim an t-aistriúchán ‘rópa’, áit a bhfuil ‘saved’ sa mBéarla–seans gur imeartas focal nach dtuigim é?

 

todoga photo

_Todóga na bhFarónna_. Hergé, aist. Rosenstock. Níl na dathanna sa ngrianghraf a thóg mé cruinn.

 

 

Léirmheas: Oisín agus Niamh (míreanna mearaí)

Thug mé 23 mac léinn go hÉirinn ar feadh dhá sheachtaine ag deireadh na Bealtaine, agus thapaigh mé an deis beagáinín siopadóireacht ‘Ghaelach’ a dhéanamh. I measc na nbronntanas a thug mé abhaile liom ná puzal deas le Gosling, comhlacht beag i gCo. Chorcai. Tá míreanna mearaí eile dár gcuid againn, ar scríobh mé fúthu anseo.

An babhta seo, fuair mé an puzal 500 píosa–tá na gasúir is mó réidh ag a leithéid anois, agus taitníonn na míreanna mearaí le mo bhean chéile freisin. Cé go seachnaím féin na míreanna mearaí go hiondúil, chaith mé féin seal ag obair orthu toisc go raibh an pictiúr chomh mealltach.

Téama an phuzail ná aister Oisín thar sáile lena leannán sí. Tá insint bheag ar a scéal ar chúl an bhosca ar fhaitíos nach bhfuil an scéal ar eolas agat cheana. D’éirigh le Courtney Davis, an t-ealaíontóir, cuid de chumha Oisín a chur in iúl agus é ag breathnú siar (bhuel, soir) ar ailtreacha na hÉireann, atá á bhfágáil aige.

Is maith liom na míreanna mearaí seo toisc go gcuireann said beocht comh-aimseartha sna seanscéalta.

Thóg sé cúpla lá orainn an puzal a chríochnú, agus muid ag obair air nuair a thagadh an fonn orainn.

20170616_110706

_Oisín And Niamh_. Míreanna mearaí le Gosling. (Courtney Davis a mhaisigh).

OÉG–Náire an Náisiúin

noirishneedapply

Fógra ar phost Úachtarán na hÉireann (más ea)

Bíonn Tuairisc.ie ag cur sruthanna beo spéisiúla ar fail ó mhórchruinnithe Oireachtais agus araile. Bhí an sruth beo ó chruinniú Choiste na Gaeilge le hUachtarán Ollscoil na hÉireann–Gaillimh sách duairc. De réir dealraimh, tá Údarás na hOllscoile tar éis droim a thabhairt leis an nGaeilge. Is féidr teacht ar an sruth anseo faoi láthair.

 

http://tuairisc.ie/tuairisc-bheo-uacharan-ollscoil-na-heireann-gaillimh-os-comhair-choiste-na-gaeilge-na-gaeltachta-agus-na-noilean/

Bhí teistiméireacht an uachtaráin, Dr. Jim Browne, lán den bhaothchaint a shoiléiríonn nach gcomhlíonfaidh an ollscoil na dualgaisí i leith na Gaeilge–mar shampla:

‘Tá an chuid is mó de na daoine atá [ag obair] in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, báúil don Ghaeilge, ach níl ach mionlach ann a bhfuil Gaeilge líofa acu ach tá an tromlach báúil di . . .”

“Bás teangan, bá”, a déarfainn mar fhreagra.

Ceisteanna simplí ar an Údarás: An bhfuil na céadta, na mílte, na seacht mílte ollscoil eile Bhéarla ann ar fud an domhain? Nach bhfuil neart Ollscoileanna in Éirinn fiú a bhfuil Béarlóir in ann freastal orthu?

Cé hí an t-aon ollscoil ar leagadh dualgas speisialta uirthi spás ar leith a chruthú don Ghaeilgeoir? Sibhse. Mura bhfuil sibh sásta na dualgaisí sin a chomhlíonadh, ba cheart cuid shuntasach de airgead an stáit a bhaint díbh agus é a thabhairt don ollscoil atá fíorthoilteanach campas dátheangach a chruthú, ó oifig an uachtaráin anuas.

Ach féach ar chuid den údar a bhí leis an gcinneadh dochreidte seo a rinne an tÚdarás. De réir na teistiméireachta: “Nuair a tugadh isteach an tAcht leasaithe in 2006 fuarthas réidh leis an riachtanas Gaeilge do phoist shinsearacha eile san Ollscoil.”  Mar sin, tá dream daoine anois fostaithe, i jabanna sinsearacha, ag an Ollscoil nach bhfuil fíornasc leis an teanga ar chor ar bith acu. Tá na daoine seo anois ag iarraidh riachtanas na teanga a bhaint den uachtaránacht freisin–toisc nach dtuigeann siad tábhacht na teanga (agus toisc nach mbeidh siad féin in ann cur isteach ar an bpost.)

Is furasta Tadhg-an-dá-thaobhachas Údarás na hOllscoile a fheiceáil má chuirtear an cheist shimplí–an nglacfaidís le hiarrthóir nach raibh Béarla labhartha aige nó aici?

An Daorchluiche

Tá an samhradh ag teannadh linn go malltriallach, ach d’éirigh linn cúpla dreas daorchluiche a imirt le deireanas, rud a chuir ag lorg théarmaíocht Ghaeilge an chluiche mé. Tá na téarmaí cuí bailithe ag tearma.ie http://www.tearma.ie/Abc.aspx?lang=3116659&extent=bydomain&domain=3117079&collection=3116533

agus rinne mé leathanach eolais fúthu:

Leathanach eolais faoin daorchluiche .docx: daorchluiche

Leathanach .pdf: Daorchluice.pdf

Snámh an tSamhraidh

Tá an teaghlach ar fad ar ais sna Stáit ó mhí Iúil, agus an teocht is airde sna tríochadaí Celsius go minic. Ar an dea-uair, is baill muid de linn snámha ár gceantair, agus caitheann muid uair an chloig ansin beagnach gach lá ag deireadh an lae.

Thosaigh seo mé ag smaoineamh faoi na téarmaí cuí Gaeilge don snámh–na torthaí sa bPDF seo:  Sa Linn Snámha.

Caithfidh mé a rá nach raibh mórán iontais sa téarmaíocht–tá mé ag ceapadh go dtuigfidh chuile léitheoir “snámh madra”, mar shampla.

Mar sin féin, tá leithead sa bhfocal snámh nach bhfuil ag swim an Bhéarla:
1) bheith ar foluain san uisce
2) stíl ar leith snámha
3) áit choitianta snámha
4) malltriall

Ar ndóigh, is fiú iontráil iomlán Uí Dhónaill a thabhairt:

snamh

Mura bhfuil snámh truidin agat (níor chuala mé trácht air roimhe seo), tá físeán de anseo (fainic: Béarla).

Beidh m’áit oibre féin ar snámh le mic léinn gan mórán laethanta . . .