Cartlanna Clibe: Gaeilge na hAlban

An Ghaeilge ar Banffshire

Agus mé ag scríobh faoi áiteacha in Albain le gairid, thug mé suntas don fhíric nach raibh treoir ar bith (ar eolas agam féin ar aon chaoi) faoi fhoirmeacha na n-áitainmneacha seo. Ní chlúdaítear an chuid is mó de na hainmneacha in logainm.ie, ná in téarma.ie, ná in teanglann.ie. Cén Ghaeilge, mar sin, atá ar Banffshire?

Tá dhá bhealach leis an dúshlán seo a thabhairt, feictear domsa.

1) Glacadh go hiomlán leis na leaganacha atá ag Gaeilge na hAlban
2) ‘Éireannú’ a dhéanamh ar leaganacha Ghaeilge na hAlban

Má ghlactar le bealach 1, tá an buntáiste ann gur féidir go minic teacht ar na háiteacha má dhéantar cuardach idirlín. Tá an míbhuntáiste ann go ndéantar ainm beagáinín comhthíoch as ainmneacha atá chomh Gaelach le Gaillimh i ndáiríre.
Má ghlactar le bealach 2, beidh na logainmneacha Gaelach nádúrtha, ach seans nach dtiocfaidh an léitheoir ar an áit—easpa iomlán cumarsáide cuí.

Mar shampla, cén Ghaeilge is fear ar Banffshire? I nGaeilge na hAlban, Siorrachd Bhanbh atá ann. Ar cheart cloí leis sin? Nó an logainm a Éireannú go beagáinín go Siorracht Bhanbh, foirm nach bhfuil an cónascadh aisteach chd ann (fiú cé nach bhfuil siorracht i bhfoclóir Ghaeilge na hÉireann)? Nó ar cheart Sír Bhanbh a dhéanamh den ainm ós rud é gur sír Gaeilge na hÉireann ar shire an Bhéarla?

Agus ar ndóigh, an gcaithfear plé le Banbh féin, nach bhfuil a shanasaíocht ró-shoiléir?

Céard faoi ainmneacha níos simplí? Ar cheart An Barr Dubh a dhéanamh de Am Barr Dubh?

Má tá tuairim agat, cuir sna freagraí í!

Alba

Advertisements

Cumais chainte clainne

Tá mé ag fiosrú na Pléimeannaise le trí seachtainí, ach ba mhaith liom filleadh níos gaire d’Éirinn agus scéal Ghaeilge na hAlban a fhiosrú, nó Gaeilge Chataibh (East Sunderland) le bheith beacht. Rinne an teangeolaí Nancy Dorian staidéar cuimsitheach fadtéarmach ar Ghaeilge Chataibh Thoir thar thréimhse fhada blianta, agus ceaptar go forleathan go bhfuil an staidéar seo ar na cuntais is iomláine ar bhás teanga. Is é Language Death: The Life Cycle of a Scottish Gaelic Dialect mórshaothar an scoláire, atá ar scor anois.

Is féidir scannán beag faisnéise faoin scoláire agus faoin gcanúint a fheiceáil anseo.

Ar aon chaoi, thug mé suntas le gairid don méid a scríobh Dorian in Small Language Fates and Prospects faoi thitim thobann scileanna teanga a tharlaíonn taobh istigh de chlann amháin—“language tip” mar a thugann sí air. Cuireann sí dhá chlann i gcás, clann Gaeilgeoirí i gCataibh Thoir agus clann Gearmáinseoirí as Pennsylvnia (tríocha míle ó m’áit chónaithe féin). I ngach clann, bhí scoilt mhór ann idir cumas teanga na bpáistí is sine agus cumas na bpáistí is óige—cainteoirí líofa a bhí sna páistí móra agus semi-speakers nó leath-chainteoirí a bhí sna páistí is óige.

Ar ndóigh, níl cás na gcumas difriúil ró-dhiamhair. Feicim féin an difríocht mhór idir na páistí móra agus an páiste is óige i mo chlann féin. Tá Gaeilge réasúnta ag na daoine móra agus déarfaidh siad rud éigin as Gaeilge gan spreagadh chuile lá, cé gur nós leo an Béarla a labhairt eatarthu féin go hiondúil. Ach is deacair don pháiste is óige (4 bl.) abairtí Gaeilge sách simplí a thuiscint. Cén fáth? Ní chloisfeadh an páiste is mó an Béarla ach óna mháthair, ach cloiseann an duine is óige Béarla óna mháthair agus ó na ceathrar páistí eile. Sin i bhfad níos mó Béarla, san iomlán agus mar chéatadán (má ghlacann muid leis go gcuireann gach páiste sruth leanúnach cainte amach, rud a dhéanann!).

Léiríonn fianaise mar seo cé comh tábhachtach is atá sé pobal teanga a chruthú le tacaíocht a thabhairt do chainteoirí óga.

Tá Cataibh ar an gcósta thoir.

“Bilingualism Matters”

Tháinig mé ar shuíomh idirlín “Bilinugalism Matters” ag http://www.bilingualism-matters.org.uk/  le deireanas. Is grúpa taighdeoirí ag Ollscoil Dhún Éidean iad seo atá ag cur an dátheangachais luaith chun cinn. Chuir mé spéis ann go bhfuil siad ag déanamh cuid mhaith oibre leis an nGaelscolaíocht in Albain (an “Gáidhscolaíocht” í sin?). I fiú súil a chaitheamh ar an suíomh atá acu. Bail ó Dhia ar a n-obair!