Cartlanna Ranga: Léirmheasanna

Asterix Gliaire: Léirmheas

wp-1467282446050.jpg

Eachtra eile i ndán do Asterix agus Obelix

Taitníonn an tsraith Asterix go mór linn–grinn, gaiscíocht, agus pictiúir spéisiúla. Na leaganacha Gaeilge atá againn go nuige seo, déarfainn go bhfuil siad fiú níos fearr ná na leaganacha Béarla. Tá an Ghaeilge glan, soléite, agus glic. Ní haon eisceacht é Asterix Gliaire, a cheannaigh muid agus muid i mBéal Feirste mí ó shin.

 

D’éirigh leis an aistritheoir, Antain Mac Lochlainn, an téacs a dhéanamh sárGhaelach. Féach ainm an fhile, Dándírix, a dhéanann tagairt don mheadaracht choitianta SheanGhaeilge, an dán díreach. Tá imeartas breá focal ann freisin, mar shampla, nuair a lorgaíonn captaen loinge “árthach a athrach”. Cuirtear an t-athshuíomh cultúrtha i bhfeidhm sna pictiúir freisin, áit a gcuirtear lirící cáiliúla as amhráin Ghaeilge sheanchaite i mbéal an fhile.

An t-aon locht atá againn ar an leabhar ná an clúdach–clúdach bog láidrithe le scim phlaisteach–tá sé badráilte cheana ag na gasúir. B’fhearr liom go mór clúdach crua a choinneodh an leabhar slán go ceann na mblianta. Leabhar maith mar seo, fulaingeoidh sé neart droch-úsáide  de bharr shíorléamh na ngasúr.

Is fiú machnach a dhéanamh ar theanga an leabhair. Feicim gurb é an leagan Gaeilge amháin a bhain úsáid as an seanfhocal breá gliaire–focal ar ghá dom féin a sheiceáil sa bhfoclóir (cé gur thuig na páistí é gan dua, a bhuíochas leis na pictiúir). I leagan Ghaeilge na hAlban, is é an teideal ná Asterix an Gladaidheatar; sa leagan Breatnaise, Asterix y Gladiator. Seo ceist a chuirim go minic–ar cheart glacadh leis na focail iasachta? Nó an ceart an deis a thapú le síneadh a chur le stór focal an léitheora. Sa gcás seo, a bhfuil brí an fhocail soiléir, tá mé lánsásta le “gliaire”.

Is é DalenÉireann (fochomhlacht de chomhlacht sa mBreatain Bheag, a shílim) a d’fhoilsigh Asterix Gliaire, agus tá mé cinnter gur féidir é a ordú ó na siopaí leabhar ar fad.

wp-1467278951426.jpg

Athshuíomh cultúrtha ceart déanta ar théacs an scéil.

Leabhar Mór na hEalaíne

Cuireadh álainn chuig saibhreas na healaíne; foilsithe ag Futa Fata

Cuireadh álainn chuig saibhreas na healaíne; foilsithe ag Futa Fata

Bhí mé i gCo. Aontroma le gairid ar chúrsaí oibre agus thug mé an chlann liom. Thug muid cuairt sciobtha ar an siopa leabhar sa gCultúrlann i mBéal Feirste le cur lenár stór leabhar Gaeilge féin, agus roghnaíodh Leabhar Mór na hEalaíne mar leabhar do na gasúir ar fad.

Aistriúchán ar leabhar Béarla de chuid Dorling Kindersley é, agus sár-saothar atá ann. Tá an Ghaeilge snoite glan, an clúdach agus na leathanaigh láidir, agus an t-ábhar spéisiúil. Rianaíonn Leabhar Mór na hEalaíne stair na healaíne ó na pictiúir bhalla a rinne ár sinsir go dtí ealaín theibí an lae inniu. D’fhéadfadh ábhar chomh mór leis seo mearbhall a chur ar an údar agus ar an léitheoir ar aon, ach seachnaíonn Leabhar Mór an mearbhall seo trí fo-ábhair a roghnú go cúramach: díríonn gach péire leathanach oscailte ar ealaíontóir ar leith (m.sh. van Eyck, Goya, Warhol), ar stíl ealaíne ar leith (Baróc, Impriseanachas, Nua-Ealín, srl.), ar theicníc ar leith (m.sh. pastail, uiscedhathú), nó téama ealaíonta ar leith (saol na hoibre, nithe neamhbheo, srl.). Dá bharr sin, féadann an leabhar fócas cúng a choinneáil agus réimse leathan ábhair a chlúdach ag an am céanna.

Díríonn gach péire leathanach lán-daite ar ealíontóir nó ar théama ar leith.

Díríonn gach péire leathanach lán-daite ar ealíontóir nó ar théama ar leith.

Is furasta don léitheoir an leabhar a phiocadh aníos agus blaiseadh beag de stair na healaíne a fhoghlaim gan stró i rith chúig nóiméad.Is deacair a rá cén aois a bhfuil an leabhar dírithe air–b’fhéidir na déaga luatha–ach cuirfidh fiú gasúir gan léamh spéis san iliomad pictiúr ildaite, agus taitníonn an leabhar go mór liomsa mar dhuine fásta.

An-obair déanta ag Futa Fata anseo, agus ba mhaith liom a thuilleadh mar é seo a fheiceáil ó na clódóirí ar fad.

 

 

Oileán an Órchiste: Léirmheas

Droch-chriú na loinge sa tóir ar an ór. Léaráidí áille le N.C. Wyeth.

Droch-chriú na loinge sa tóir ar an ór. Léaráidí áille le N.C. Wyeth.

Tá mé ag léamh Oileán an Órchiste, sár-aistriúchán le Darach Ó Scolaí ar leabhar clasaiceach Robert Louis Stevenson Treasure Island, os ard do na gasúir faoi láthair. Sárscéal eachtraíochta, go deimhin, agus cuireann Ó Scolaí friotal nádúrtha Gaeilge ar an téacs. Clúdach deas crua ar an leabhar, freisin, agus tá léaráidí áille le N.C. Wyeth scaipthe ar fud an leabhair. Tá Wyeth ar na healaíontóirí is fearr ó thosach an 20ú haois, ó thaobh léaráidíocht leabhar de.

Tá na gasúir ar fad ag baint suilt as an leabhar, go háirithe an buachaill 9 mbl., ach tá na cailíní (7 agus 5) ag cur spéise sa scéal freisin.

Níl ach cúis amháin díomá orm–níl na léaráidí ar phlátaí faoi leith. Clóitear iad ar na gnáthleathanaigh agus cailltear cuid mhaith de mhionsonraí na léaráidí dá bharr. Tá mé a cheapadh go mbeadh plátaí ar leith ró-chostasach, ach is deis caillte é sárleabhar críochnaithe a chur amach.

Ceannaígí cóip den leabhar sula dtabharfaidh sibh aghaidh ar na laethanta saoire cois cladaigh!

Clann Lir agus míreana mearaí eile le Gosling

Míreanna mearaí áille, á dtáirgeadh i gCorcaigh ag Gosling

Míreanna mearaí áille, á dtáirgeadh i gCorcaigh ag Gosling

Thug mé abhaile na míreanna mearaí seo as Éirinn le gairid mar bhronntanas do na gasúir. Puzal álainn is ea é; dathanna gleoite agus pictiúr ealaíonta. Fuaireas é, ar ndóigh, toisc go mbaineann sé le scéal clúiteach chlann Lir, atá ar eolas ag na gasúir. Cheap mé go gcuirfeadh sé na gasúir ag smaoineamh faoin scéal chuile uair a mbeidís á chur le chéile.

Taitníonn na míreanna mearaí seo go mór leo. Is breá leo an pictiúr agus níl sé ródheacair. Tá 60 mír sa bpuzal seo agus féadann an ghirseach 5 bl. é a chur le chéile aisti féin gan chúnamh.

Feicim go bhfuil sraith míreanna mearaí ag an gcomhlacht seo a bhaineann le seanchas na hÉireann. Is féidir leat teacht orthu ag http://www.goslinggiftsandgames.com/jigsawpuzzles.html Tá suas le 1000 mír i gcuid acu! Déantar i gCo. Chorcaigh de réir dealraimh iad. Bronntanas iontach atá iontu don ghasúr a dtaitníonn an ealaín, an seanchas, nó na puzail léithe. Chuile sheans go mbeidh míreanna mearaí eile dá gcuid ar an liosta don Nollaig!

Más i mBÁC duit, is eol dom go bhfuil fáil ar na míreanna mearaí seo i siopa an Ard-Mhusaem i Sráid Chill Dara. Nó is féidir iad a ordú tríd an idirlíon is dócha.

Cártaí Imeartha na hÉireann

Cártaí imeartha déanta ag Insight / Allied Imports.

Cártaí imeartha déanta ag Insight / Allied Imports.

Cheannaigh mé na cártaí seo le gairid agus mé in Éirinn. Cheannaíos iad chun go bhfeicfeadh na gasúir iontaisí na hÉireann agus muid i mbun cluiche sa mbaile. Taitníonn na cártaí liomsa agus leis an teaghlach ar fad; tá siad gleoite, láidir agus réasúnta mór.

Ach is aisteach an rud é go bhfuil corrlipéad faoin bpictiúr ar na cártaí mícheart. Féach an pictiúr thuas. Sílim go siúlfaidh tú Tír Chonaill soir siar sula dtiocfaidh tú ar Chruach Phádraig! Ní féidir liom a leithéid de bhotún a mhíniú fiú. A amhlaidh gur thug Éireannach éigin buille faoi thuairim faoi na contaetha? Sílim go gcuardódh duine sa tSín an t-eolas ar líne, agus go mbeadh an t-eolas beacht dá réir.

Ar aon chaoi, ní gá cuairt a thabhairt ar shiopaí souvenirs áiféiseacha Bhaile Átha Cliath leis na cártaí seo a cheannach. Díolfaidh siad na cártaí leat ar líne. Googláil ‘Ireland playing cards’ agus roghnaigh Carroll’s . . .

Asterix agus an Corrán Óir: Léirmheas

Blas Gearmáinise ar Ghaeilge an Bharbaraigh.

Blas Gearmáinise ar Ghaeilge an Bharbaraigh.

Cheannaigh mé slam leabhar nua do na gasúir le deireannas agus tosóidh mé  ag scríobh léirmheas orthu. Tá an mac is sine ag léamh an tsraith Asterix le René Goscinny, léaráidí le hAlbert Uderzo, i mBéarla, agus chonaic mé go bhfuil aistriúcháin Ghaeilge ar chuid acu. Is é Antain Mac Lochlainn a rinne an t-aistriúchán.

Asterix agus an Corrán Óir a cheannaíos ón tsraith seo agus tá muid an-sásta leis. Tá na léaráidí thar cionn agus rinneadh sár-jab leis an leagan Gaeilge. Ní aistriúchán lom atá ann, ach ath-scríobh cliste a chruthaíonns imeartas focal nádúrtha Gaelach.

Tá cumas léite Gaeilge mo mhic, 9 mbliana d’aois, cuid mhaith chun deiridh ar a chumas léite Béarla, ach léann sé an leabhar in éindí liomsa gan róstró; bheadh sé in ann ag an leagan Béarla gan chúnamh ar bith. Cuireann na gasúir eile (7 mbl. agus 5 bhl.) spéis sa leabhar freisin, agus mé á léamh os ard.

Sílim go gceannóidh muid leabhair eile na sraithe amach anseo.

Saibhreas teangan an Mhaoileonaigh

Na hAird Ó Thuaidh le Pádraig Ua Maoileoin (Sáirséal agus Dill, 1960) á léamh agam faoi láthair (an leabhar do Mhí Aibreáin) agus tá mé faoi dhraíocht ag saibhreas na teangan atá ris sa leabhar. Tuigim gur sean-chaite an mhaise dom é saibhreas litríocht na Gaeltachta  a mholadh, ach amannta cuirtear ar na súile dom chomh soiléir sin an difear mór idir mo chumas tearc cainte féin agus cumas na scéalaithe fadó go bhfágtar mé i mo staicín le hiontas.

B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí ná fairsingeacht stór focal an údair. Níl alt sa leabhar, beagnach, nach mbaintear leas as focal nach raibh agam roimhe seo. Mar shampla, ní raibh an focal canúnach atha = (aife) agam (cé gurbh féidir a bhrí a thuiscint gan stró) sa gcur síos fileata seo ar chaillteanas na Gaeilge sa mbreac-Ghaeltacht thart ar Dhaingean Uí Chúise:

Ní hamhlaidh a chaitheadar uathu d’aonghnó ghlan é. Is amhlaidh a shleamhnaigh sé uathu de réir a chéile, díreach mar a thránn an taoide den mbáirneach agus den miongán leis an dtaoide atha. Do thráigh taoide atha na Gaeilge orthu so ar an gcuma chéanna, agus do fágadh ina ndíthreabhaigh idir dhá thráigh iad, teanntaithe idir dhá thaoide. (21)

Ní raibh agam roimhe seo ach taoide trá.

Go deimhin, nuair a bhíonns tú ag léamh na sean-leabhar, is deacair a rá cé mhéad den saibhreas teangan seo atá fágtha i gcaint laethúil na ndaoine, agus caoga bliain tar éis imeacht tharainn. Ní dóigh liom gur chualas an focal atha riamh ar an raidió cé nach gnách liom éisteacht le cláracha an deiscirt.

Is cuntas é Na hAird Ó Thuaidh ar dhaoine agus ar nósanna Chom Dhíneoil (díreach ó dheas ó Dhún Chaoin i gCiarraí) i dtosach an fichiú haois. Má tá spéis agat sa seansaol nó i nGaeilge chanúnach an deiscirt, taitneoidh an leabhar go mór leat.