Cartlanna Clibe: eolaíocht

Leabhar Mór an Eolais: Léirmheas

Leabhar gleoite ildaite lán eolais

Leabhar gleoite ildaite lán eolais

Leabhar den scoth is ea é Leabhar Mór an Eolais, a d’fhoilsigh An Gúm. Chuile sheans go bhfuil teacht ag do ghasúr ar an leabhar seo má tá sé nó sí ag freastal ar Ghaelscoil mar feicim go bhfuil an leabhar mar chuid den churaclam Gaeilge Séideán Sí do Rang a Trí, ach is fiú an leabhar a cheannach don bhaile freisin le go mbeidh an gasúr in ann breathnú thríd ar a sháimhín só.

Leabhar gleoite ildaite atá ann agus tá neart eolais istigh ann, a chlúdaíonn ilchineál ábhair, .i. an cholainn, ainmhithe agus plandaí, an domhan, pláinéid agus réaltaí, an teicneolaíocht, na healaíona, an stair, agus tíortha an domhain.

Aistriúchán ar The Ultimate Book of Knowledge (Oxford University Press) atá ann, ach níl claonadh mór sa leabhar i dtreo stair Shasana. Go deimhin, tugtar leathanach iomlán don Bhreatain i rannóg thíortha an domhain (rud nach dtugtar don Éirinn), ach níl an claonadh seo le sonrú sna rannóga eile. Luaitear fiú an iomáint i gcur síos ar spóirt an domhain.

Tá Gaeilge ghlan shoiléir ar fud an leabhair, murab ionann is aistriúcháin eile a bhaineanns leis an eolaíocht nó le sainábhair eile. Ba mhaith an rud é mar sin féin dá mbeadh gluais leis an leabhar mar tá cúpla saintéarma nach bhfuil le fáil in FGB. Aon fhocal nach bhfuil in FGB, ba cheart a mhíniú a thabhairt i mo thuairimse.

Tá an leabhar ar fáil anseo faoi láthair ar 16.50 euro ó shiopa Oideas Gael agus ó shiopaí eile, go deimhin.