Cartlanna Clibe: sú oráistí

Iolra nó Uatha?

Ar ith tú riamh pineapple surprise, nó “iontas anainn” mar a thugann an Coiste Téarmaíochta air de réir www.focal.ie? Ar ól tú riamh “sú oráiste”, focal eile atá ceadaithe ag an gcoiste.

 Is dócha nach raibh níos mó ná alpadh mór amháin sa gcíste má d’ithis, agus leath-bholgam amháin sa deoch má d’ólais.

 Chuile uair a dhéanaim féin sú as oráistí ag baile, teastaíonn níos mó ná oráiste amháin le tart na clainne a shásamh. Agus dá mbeinn le císte breá a dhéanamh as anainn, tá mé ag ceapadh go mbeadh níos mó ná anann amháin ag teastáil.

 Chuala mé i gcónaí gurbh fearr leis an nGaeilge an uimhir iolra nuair a bhí feidhm aidiachta a bhaint as ainmfhocal, e.g. siopla leabhar (tá níos mó ná leabhar amháin ann, ar ndóigh), siopa bróg (bíonn chuile dhuine ag iarraidh dhá bhróg ar a laghad!), cró cearc (nó cró circe, b’fhéidir, más feilm fhíor-bheag atá a’t?).

 Ar ndóigh, tá eisceachtaí tábhachtacha ann, e.g. cóta fir, crú capaill, cé go bhféadtar na heisceachtaí seo a mhíniú mar “cóta do fhear”, “crú do chapall”, srl.  De ghnáth, úsáidtear an uimhir iolra más léir go bhfuil níos mó ná rud amháin den ainmfhocal i gceist (ní bhíonn neart fir ag caitheamh an chóta chéanna ag an am céanna, mhuise).

 D’fhéadtar a mhaíomh, is dócha, gur “ábhar” atá in “oráiste”, agus gur fearr an t-uatha dá bharr, m.sh. bréagán adhmaid, ach nach cosúla oráistí le húllaí ná hadhmad? Agus ní déarfá “píog úill”.

Tá cuma an bhéarlachais ar fhrásaí ar nós “sú oráiste” agus “iontas anainn”. Mar sin, an bhfuil an Coiste Téarmaíochta contráilte?

 Ba dheacair a rá—léiríonn Corpas na Gaeilge gur coitianta go mór “sú oráiste” ná “sú oráistí” i scríbhinn na Gaeilge (agus i labhairt na Gaeilge freisin, gan dabht). Ó thaobh na foclóireachta tuairsciúil, is dócha go bhfuil an ceart ag an gcoiste.

 Ach ó thaobh na dea-Ghaeilge de, nár cheart “sú oráistí”?

Insigí dom bhur smaointe, nó réitigh iontas anann—do rogha.