Cartlanna Clibe: stair na hÉireann

Historopedia: Léirmheas

Bím ag breathnú ar leabhair Ghaeilge go hiondúil sa mblag seo, ach déanfaidh mé eisceacht i gcás an leabhair thaitneamhaigh staire seo: Historopedia: The Story of Ireland from Then until Now le Fatti Burke agus John Burke (Gill, 2016). Chonaic mé an leabhar in aerfort Bhaile Átha Cliath cúpla mí ó shin ar mo bhealach go Sasana as Meiriceá (bhí sladmhargadh á thairiscint ag Aer Lingus), agus bheartaigh mé an leabhar a cheannach agus mé in Éirinn ag deireadh mhí Bealtaine. Fuair mé é in Hodges & Figgis toisc nach raibh sé ag Siopa an Chonartha.

Na rudaí a thaitníonns liom:

  1. Lán de phictiúir mhóra lán-daite a mheallfas léitheoirí. Féach an sampla thíos.
  2. Cur síos sciobtha ar stair na hÉireann ó aimsir na ndineasár go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta–tugann gach leathanach aghaidh ar thréimhse ar leith. Tá an stair so-léite, sciobtha, ach sách cuimsitheach.
  3. Fócas ar mhór-eachtraí na staire, m.sh.  Teacht na Normannach, Cath na Bóinne, Éirí Amach 1798.
  4. Béim ar scéal na staire a inseacht (seachas fíricí loma)
  5. Clúdach crua!!!

An páiste a bhfuil na scéalta seo ar eolas aige, beidh creatlach stair n hÉireann ar eolas aige freisin.

Tá laigí ag an leabhar, freisin, ar ndóigh. Tá cuid den fhaisnéis as dáta. Mar shampla, maítear go dteithfeadh na manaigh isteach sna clogthithe le héalú ó na Lochlannaigh, cé nach gcreidtear sin go fortheathan i measc lucht léinn an lae inniu. Tá mé sásta go bhfuil clúdach crua air, cé go bhfuil an ceangal níos badráilte cheana ná mar a cheapfá.

B’fhéidir go bhfuil ceann de láidreachtaí an leabhair ar na laigí is mó freisin: béim ar scéal na staire. Is é an rud atá i gceist agam ná go mbíonn an leabhar ag díriú ar na gaiscí a rinne daoine mór-le-rá–Aodh Rua Ó Domhnaill, Cromail, Wolfe Tone, srl. D’imigh an cineál seo staire as faisean ag deireadh an chéid seo caite toisc go ndéanann sí neamhaird den chosmhuintir go minic, agus toisc go dtugann sí tús áite don chogaíocht agus do rudaí eile a bhí neamhchoitianta i ndáiríre. I leaba eachtraí, thosaigh na leabhair staire ag breathnú ar tháblaí staitisticiúla: cé mhéad iasc a tugadh i dtír i gcalafoirt na tire, rátaí léitheoireachta, srl.

Ach ní mheallfaidh leabhar de tháblaí spéis na ngasúr, agus tá mé féin sásta go bhfuil ‘stair na laochra’ ag teacht ar ais–sampla eile den chineál seo staire, ach dírithe ar  dhaoine fásta, ná History of Ireland in 250 Episodes le Jonathan Bardon (Gill, 2008). Go deimhin, tá Historopedia ar nós leagan páistí de leabhar an Bhardonaigh, agus feicim gurb é an foilsitheoir céanna, Gill Books, a d’eisigh an péire acu.

Ach an locht is mó ar Historopedia? Níl leagan Gaeilge ar fáil.

20170701_105123

_Historopedia_: Stair na hÉireann a mheallfas léitheoirí óga.

 

Advertisements

Léirmheas: Ó Chéitinn go Raiftearaí

Ar na rúin athbhliana a rinne mé bhí “leabhar Gaeilge a léamh chuile mhí.” Do Mhí Eanáir, is é an leabhar a roghnaigh mé ná Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann (2011) le Vincent Morley.  Níl an leabhar críochnaithe agam go fóill, toisc gur cuireadh moill ar theacht an leabhair tríd an gcóras iasachtaí idir-leabharlann. Ar aon chaoi, tá a leath léite agam agus tá mé ag baint taitnimh as. Áitíonn an leabhar go gcaithfear litríocht na Gaeilge a iniúchadh má táthar le meon chomhphobal na hÉireann a thuiscint sa tréimhse 1600-1850. Tá mé ar aon fhocal leis sin. Cé nach saineolaí mé ar an tréimhse seo, tá cur amach agam ar chuid mhaith de na húdair a phléanns an Morleyach; mar sin féin, ní dóigh liom gur foláir réamheolas chun an leabhar a thuiscint. Tugann an leabhar éachtaint mhaith ar litríocht pholaitiúil na linne, agus ba thús maith é an leabhar do dhuine ar bith ar mhaith leis nó léi tosaí ag foghlaim faoin ré seo.

Ar ndóigh, tá cúpla mionphointe ann a bhfuil amhras agam fúthu. Mar shampla, déanann an Morleyach comparáid idir líon lámhscríbhinní de Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn agus líon lámhscríbhinní de Tuireamh na hÉireann le Seán Ó Conaill chun a áiteamh gur mó tionchar a bhí ag dán Uí Chonaill toisc gur líonmhaire cóipeanna Tuireamh ná cóipeanna Foras Feasa. Ach níl in Tuireamh ach beagán níos mó ná 400 líne; leabhar téagartha é Foras Feasa. An ceart an dá shaothar a chur i gcomparáid mar seo? Thairis sin, ní áiríonn an Morleyach  lámhscríbhinní Foras mura bhfuil cóip iomlán den saothar iontu. Mar sin, ní chuireann sé san áireamh lámhscríbhinní a bhfuil sleachta den Foras iontu. Ach le tionchar Foras a iniúchadh i gceart ó thaobh líon na lámhscríbhinní, nár cheart chuile lámhscríbhinn a bhfuil cuid de Foras ann a chur san áireamh? Go deimhin, d’fhéadfadh an sliocht as Foras Feasa a bheith níos faide ná Tuireamh na hÉireann féin, agus ní ligfeadh modheolaíocht an Mhorleyaigh an lámhscríbhinn sin san áireamh. Dá ligfí, tá mé ag ceapadh gur ag Foras Feasa na hÉireann a bheadh an bua i gcomórtas na líonmhaireachta.

Thairis sin, níl in Tuireamh den chuid is mó ach liosta de cheannairí na hÉireann; ba dheacair do dhaoine nach mbeadh stair na hÉireann acu cheana mórán céille a bhaint as an dán. A  Ach tá na scéalta féin, na heachtraí a bhain do liosta na gceannairí, le fáil i saothar an Chéitinnigh. Le Tuireamh a thuiscint, caithfidh an t-eolas a chuireann an Céiteannach i láthair a bheith ag  léitheoir Tuireamh na hÉireann cheana.

Ní bhaineann pointí beaga mar seo de thábhacht agus de phléisiúr an leabhair. Is fiú é a léamh.
Leabhar do Mhí Feabhra: An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin.