Cartlanna Clibe: ollscoil

OÉG–Náire an Náisiúin

noirishneedapply

Fógra ar phost Úachtarán na hÉireann (más ea)

Bíonn Tuairisc.ie ag cur sruthanna beo spéisiúla ar fail ó mhórchruinnithe Oireachtais agus araile. Bhí an sruth beo ó chruinniú Choiste na Gaeilge le hUachtarán Ollscoil na hÉireann–Gaillimh sách duairc. De réir dealraimh, tá Údarás na hOllscoile tar éis droim a thabhairt leis an nGaeilge. Is féidr teacht ar an sruth anseo faoi láthair.

 

http://tuairisc.ie/tuairisc-bheo-uacharan-ollscoil-na-heireann-gaillimh-os-comhair-choiste-na-gaeilge-na-gaeltachta-agus-na-noilean/

Bhí teistiméireacht an uachtaráin, Dr. Jim Browne, lán den bhaothchaint a shoiléiríonn nach gcomhlíonfaidh an ollscoil na dualgaisí i leith na Gaeilge–mar shampla:

‘Tá an chuid is mó de na daoine atá [ag obair] in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, báúil don Ghaeilge, ach níl ach mionlach ann a bhfuil Gaeilge líofa acu ach tá an tromlach báúil di . . .”

“Bás teangan, bá”, a déarfainn mar fhreagra.

Ceisteanna simplí ar an Údarás: An bhfuil na céadta, na mílte, na seacht mílte ollscoil eile Bhéarla ann ar fud an domhain? Nach bhfuil neart Ollscoileanna in Éirinn fiú a bhfuil Béarlóir in ann freastal orthu?

Cé hí an t-aon ollscoil ar leagadh dualgas speisialta uirthi spás ar leith a chruthú don Ghaeilgeoir? Sibhse. Mura bhfuil sibh sásta na dualgaisí sin a chomhlíonadh, ba cheart cuid shuntasach de airgead an stáit a bhaint díbh agus é a thabhairt don ollscoil atá fíorthoilteanach campas dátheangach a chruthú, ó oifig an uachtaráin anuas.

Ach féach ar chuid den údar a bhí leis an gcinneadh dochreidte seo a rinne an tÚdarás. De réir na teistiméireachta: “Nuair a tugadh isteach an tAcht leasaithe in 2006 fuarthas réidh leis an riachtanas Gaeilge do phoist shinsearacha eile san Ollscoil.”  Mar sin, tá dream daoine anois fostaithe, i jabanna sinsearacha, ag an Ollscoil nach bhfuil fíornasc leis an teanga ar chor ar bith acu. Tá na daoine seo anois ag iarraidh riachtanas na teanga a bhaint den uachtaránacht freisin–toisc nach dtuigeann siad tábhacht na teanga (agus toisc nach mbeidh siad féin in ann cur isteach ar an bpost.)

Is furasta Tadhg-an-dá-thaobhachas Údarás na hOllscoile a fheiceáil má chuirtear an cheist shimplí–an nglacfaidís le hiarrthóir nach raibh Béarla labhartha aige nó aici?

Advertisements

An Slabhra Briste sa gCóras Oideachais

Ag tús ré na hathbheochana, bhí tuairim fhorleathan ann go bhféadfadh na scoileanna uathu féin an Ghaeilge a chur á labhairt i mbéal an phobail. Ní tuairim gan teist ab ea í seo; bhí sí bunaithe ar stair na teangan féin in Éirinn. De réir staraithe an tSaorstáit óig, ba iad na scoileanna Gallda a thug buille báis don Ghaeilge sa gcéad dul síos, agus d’fhéadfadh an córas ceart scolaíochta an Ghaeilge a thabhairt ar ais, ach an próiseas sealbhaithe a chasadh droim ar ais.

Seo mar a labhair an tOllamh T.S. Corcoran as UCD:

“Can the language thus be given in and through the school as the real vernacular? There is an abundance of historical evidence for an affirmative answer. It was in this way entirely that an English vernacular was enabled to replace the Irish tongue in Irish-speaking Ireland. Over large portions of the country, this process of displacement developed from 1700 onwards acting through local schools. It was effective above all from 1830-1850 and these were the years that really counted. The reversal of the process is equally feasible, and that without any draft on the vernacular practice of the home. . . The popular schools can give and can restore our native language. They can do it without positive aid from the home.” (ó Mhuiris Ó Laoire, “Foghlaim na Gaeilge mar dhara theanga” in Thógamar le Gaeilge iad, eag. Brian Ó Broin (2012))

Is léir anois nár éirigh leis an scéim sin. Caithfear an Ghaeilge a chur chun cinn ar iliomad bealaí; ní leor na scoileanna. Sin ráite, níor thriail muid na scoileanna féin ariamh. Cuid mhaith de lucht freastail na bunscoileanna Gaeilge, níl teacht acu ar mheánscoil Ghaeilge. Na daltaí a fhaigheann an meánoideachas tríd an nGaeilge, ní minic a bhíonn siad in ann í a úsáid san ollscoil (mura roghnaíonn siad an Ghaeilge mar ábhar staidéir).

D’fhéadfaí an córas amscaí seo a chur i gcomparáid le tonnadóir:

Cailltear scileanna teangan ag gach leibhéal sa gcóras seo.

Cailltear scileanna teangan ag gach leibhéal sa gcóras seo.

 

Cailltear na scileanna teangan a cruthaíodh agus a cothaíodh ag gach leibhéal den chóras oideachais—cuirtear acmhainní na teangan , an stáit, an chórais oideachais, agus an pháiste amú.

Bhreathnódh córas ceart Gaeloideachas níos cosúla le canna stáin:

Córas ceart le forás a chur ar phobal teangan

Córas ceart le forás a chur ar phobal teangan

Tógtar an chéad chéim eile ar bhunchloch na céime faoina bun; déantar caomhnú, forbairt agus forleathnú ar na scileanna cumarsáide ag gach leibhéal.

Feictear domsa gurb é an nasc is laige sa slabhra oideachais seo ná an ollscolaíocht. Tá neart learónna dóchais ann, áfach; Fiontar DCU, mar shampla, agus na cúrsaí a ritheann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid NUIG. Bheadh ollscoil bheag ar a champas féin a múinfí réimse leathan ábhar ann trí mheán na Gaeilge (dlí, litríocht, gnó, innealltóireacht, srl.) ina buntáiste mhór don Ghaeilge.