Cartlanna Clibe: oideachas

Líon an Dúlra (Earrach 2016) ar fáil

Chonaic mé fógra go bhfuil an t-irisleabhar dúlra idirlín don aos óg, Líon an Dúlra, ar fáil anois don Earrach 2016. Irisleabhar snasta ildaite saor in aisce atá ann.

sleamhnog

Blúirín as _Líon an Dúlra_ (Earrach 2016).

Cé go bhfuil teanga an irisleabhair beagán teicniúil, níl sí doléite ar chor ar bith, murab ionann is ábhar eolaíochta eile Gaeilge atá feicthe agam.

Déarfainn go bhfuil Líon an Dúlra dírithe ar na déaga luatha, ach tá ábhar ann a mbainfidh fiú gasúir níos óige solamar as.

An-obair déanta ag An Gúm agus ag Stáisiún Mara Inis Arcáin.

Faigh an t-eagrán earraigh anseo: http://www.gaeilge.ie/wp-content/uploads/2016/04/Líon-an-Dúlra-Earrach-2016-1.pdf

 

 

 

 

Advertisements

Gaeilge an Aosa Óig

Táthar ann a déarfas leat nach bhfuil tada mícheart leis an nGaeltacht–níl ann ach go bhfuil an Ghaeltacht agus an Ghaeilge ar aon ag athrú. Cuid de na daoine seo is as Gaeltachtaí beaga iad, agus ní léir go dtuigeann siad i ndáiríre céard is Gaeltacht láidir í. Ach sa mír raidió seo, cuireann daoine as Conamara, Gaeltacht a bhíodh an-láidir le cuimhne na ndaoine meánaosta, síos ar na hathrúintí a fheiceann siad timpeall orthu. Is léir an ghéarchéim don dall.

 

Seanchas na hÉireann do pháistí

Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain

Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain

Tar éis dom Ó Chéitinn go Raiftearaí le Vincent Morley a léamh le deireanas, thosaigh mé ag smaoineamh ar leabhar deas staire do pháistí a aimsiú. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leabhar seanchais a bhaisteadh ar an gcineál leabhair atá mé a chuardach, mar níl mé ag lorg bun-fhirící na staire a chur faoi bhráid na ngasúr, ach gaiscí na sean-laoch agus na bhfinscéalta. Tá leabhar mar seo acu ar stair Shasana: Great Stories from British History le Geraldine McCaughrean agus baineann na gasúir neart taitnimh as. Rianaíonn McCaughrean scéal Shasana ón uair a tháinig Brutus i dtír go dtí an lá inniu. Idir clúdaí an leabhair, tá na scéalta clúiteacha ar fad: Canute ag tabhairt aghaidhe ar an taoide tuile; Bean Uasal Godiva ag marcaíocht ar fud na sráidreanna, srl. Tá lear mór de ghasúir scoile dall ar na scéalta seo anois agus is boichte iad dá bharr—níl cur amach acu ar na scéalta a mhúnlaigh cultúr Shasana leis na céadta blianta. Is cuma nach fíor iad na scéalta—is cineál litríochta iad—cé go bpléann McCaughrean fírinne (nó a malairt) na scéalta i mbosca ar thaobh an leathanaigh.

Mar a léirigh leabhar an Mhorleyaigh, bhí an cineál seo staire á ríomh in Éirinn le ceithre chéad bliain (ar a laghad), agus luaigh na caibidlí deiridh cuid de leabhair an 19ú haois a rinne iarracht an stair seo a chur i nglac ghasúir scoile na linne. Níl a fhios agam a bhfuil  leabhar mar seo fós i gcló, ach cheap mé go dtriailfinn ceann des na seanleabhair: Stair-Cheachta le hEoghan Ó Neachtain (1905). Tá PDF den leabhar ar fáil saor in aisce ó archive.org. Tá léaráid dá chuid le feiceáil thuas. Inseoidh mé daoibh má thaithníonn sé leis na gasúir. An bhfuil cuimhne ag duine ar bith ar leabhar eile mar seo a bhí go maith?

An Slabhra Briste sa gCóras Oideachais

Ag tús ré na hathbheochana, bhí tuairim fhorleathan ann go bhféadfadh na scoileanna uathu féin an Ghaeilge a chur á labhairt i mbéal an phobail. Ní tuairim gan teist ab ea í seo; bhí sí bunaithe ar stair na teangan féin in Éirinn. De réir staraithe an tSaorstáit óig, ba iad na scoileanna Gallda a thug buille báis don Ghaeilge sa gcéad dul síos, agus d’fhéadfadh an córas ceart scolaíochta an Ghaeilge a thabhairt ar ais, ach an próiseas sealbhaithe a chasadh droim ar ais.

Seo mar a labhair an tOllamh T.S. Corcoran as UCD:

“Can the language thus be given in and through the school as the real vernacular? There is an abundance of historical evidence for an affirmative answer. It was in this way entirely that an English vernacular was enabled to replace the Irish tongue in Irish-speaking Ireland. Over large portions of the country, this process of displacement developed from 1700 onwards acting through local schools. It was effective above all from 1830-1850 and these were the years that really counted. The reversal of the process is equally feasible, and that without any draft on the vernacular practice of the home. . . The popular schools can give and can restore our native language. They can do it without positive aid from the home.” (ó Mhuiris Ó Laoire, “Foghlaim na Gaeilge mar dhara theanga” in Thógamar le Gaeilge iad, eag. Brian Ó Broin (2012))

Is léir anois nár éirigh leis an scéim sin. Caithfear an Ghaeilge a chur chun cinn ar iliomad bealaí; ní leor na scoileanna. Sin ráite, níor thriail muid na scoileanna féin ariamh. Cuid mhaith de lucht freastail na bunscoileanna Gaeilge, níl teacht acu ar mheánscoil Ghaeilge. Na daltaí a fhaigheann an meánoideachas tríd an nGaeilge, ní minic a bhíonn siad in ann í a úsáid san ollscoil (mura roghnaíonn siad an Ghaeilge mar ábhar staidéir).

D’fhéadfaí an córas amscaí seo a chur i gcomparáid le tonnadóir:

Cailltear scileanna teangan ag gach leibhéal sa gcóras seo.

Cailltear scileanna teangan ag gach leibhéal sa gcóras seo.

 

Cailltear na scileanna teangan a cruthaíodh agus a cothaíodh ag gach leibhéal den chóras oideachais—cuirtear acmhainní na teangan , an stáit, an chórais oideachais, agus an pháiste amú.

Bhreathnódh córas ceart Gaeloideachas níos cosúla le canna stáin:

Córas ceart le forás a chur ar phobal teangan

Córas ceart le forás a chur ar phobal teangan

Tógtar an chéad chéim eile ar bhunchloch na céime faoina bun; déantar caomhnú, forbairt agus forleathnú ar na scileanna cumarsáide ag gach leibhéal.

Feictear domsa gurb é an nasc is laige sa slabhra oideachais seo ná an ollscolaíocht. Tá neart learónna dóchais ann, áfach; Fiontar DCU, mar shampla, agus na cúrsaí a ritheann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid NUIG. Bheadh ollscoil bheag ar a champas féin a múinfí réimse leathan ábhar ann trí mheán na Gaeilge (dlí, litríocht, gnó, innealltóireacht, srl.) ina buntáiste mhór don Ghaeilge.

Fuaimeanna agus Focail: Léirmheas

_Fuaimeanna agus Focail_: ar cheart do 'leigheas' a bheith in aon ghrúpa le 'cleite'?

_Fuaimeanna agus Focail_: ar cheart do ‘leigheas’ a bheith in aon ghrúpa le ‘cleite’?

Leis na gasúir a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt, tá mé á gcur ag obair ar leabhar litriú na Gaeilge. Cé gur leabhar litrithe é, sílim go spreagann a bhfuil istigh ann caint–sin é an plean ar aon chaoi. Más in Éirinn atá tú i do  chónaí, beidh do chlann ag obair air seo sa scoil; ach ní mar sin a bhíonns sé thar lear, go deimhin.

Is é an leabhar a roghnaigh mé ná Focail agus Fuaimeanna, arna fhoilsiú ag Folens. Níl Béarla le feiceáil sa leabhar agus déarfainn go bhfuil siad ag lorg mhargadh na nGaelscoileanna dá bharr–maith iad!

Díríonn an leabhar ar fhoghraíocht na Gaeilge agus cnuasaítear na focail le litriú

Leathanach samplach: tóirfhocal agus ceisteanna taitneamhacha

Leathanach samplach: tóirfhocal agus ceisteanna taitneamhacha

ina ngrúpaí gaolmhara. Tá ‘halla’ agus ‘mata’ in aon ghrúpa le chéile mar sin. Tá thart ar 9 bhfocal i ngach aonad. Tá gach aonad le críochnú i rith seachtaine. Baintear leas as neart cluichí chun an gasúr a chur ag scríobh arís agus arís, agus tá na ceachtanna taitneamhach, dea-chumtha.

 

Tá an ealaín pas beag páistiúil don mhac 8 mbliana d’aois, a dúirt: ‘This looks too childish’ (i mBéarla!), ach níor luaigh an cailín 7 mbliana d’aois tada. Tá sise bródúil go bhfuil sí ag foghlaim litriú na Gaeilge.

Is í an príomhlaige sa tsraith a fheicim faoi láthair ná nach gcuirtear na canúintí san áireamh ó thaobh na foghraíochta de. Ní dhéarfainn gurb ionann an fhuaim a dhéananns an chéad a sna focail ‘mata’ agus ‘crann’, taobh amuigh de Chúige Uladh, ach cuirtear in aon ghrúpa le chéile iad. Caithfear a mhíniú mar sin, ‘Is féidir le ha an fhuaim seo a dhéanamh, agus an fhuaim seo a dhéanamh freisin’. Go deimhin, tá taithí ag na gasúir air seo ón léamh, ach sílim go scriostar bunaidhm na ngrúpaí mara bhfuil an fhuaim chéanna i gceist i ngach grúpa i ndáiríre. An sampla is measa dá bhfuil feicthe agam go nuige seo ná leigheas in aon ghrúpla le focail ar nós cleite. Ní hionann fuaim an ei anseo ar chor ar bit. Nach mbeadh sé níos ciallmhaire grúpa ar leith a dhéanamh de –eighe-, -agha-, agus -adha-?

Ina ainneoin sin, is maith liom na leabhair agus tá na gasúir ag baint tairbhe astu. Sílim go bhfuil siad ag foghlaim litriú na Gaeilge agus sílim go bhuil na leabhair ag spreagadh níos mó comhrá as Gaeilge.

 

Tógachas

Cheapfaí go mbainfeadh ‘tógachas’ le tógálacht galair, ach ní bhaineann. I gcúrsaí oideachais, tagraíonn tógachas don fhealsúnacht a deir go gcaithfidh an foghlaimeoir a chuid foghlama a ‘thógáil’ leis féin. Lena rá ar bhealach eile, foghlaimíonn mic léinn uathu féin, ní ón múinteoir. Sa gcás seo, ba chóir don mhúinteoir a bheith ina dhuine cabhrach in áit a bheith ina shaineolaí uile-eolgaiseach.

Go deimhin, ní gá bheith i do thógachaí ceart-chreidmheach le tuiscint gur minic a dhéananns mac léinn neamh-aird den rud a deir tú, ach go mbeidh an mac léinn in ann an ceacht a dhéanamh i gceart tar éis beagán cleachtadh leis féin.

Tá foghlaim na dteangacha mar seo. Ní bheidh mac léinn in ann an teanga  a labhairt go deo mura mbíonn sé nó sí á labhairt go rialta. Is cuma feabhas scileanna teanga an mhúinteora (saineolaí uile-eolgaiseach), caithfear na mic léinn a chur ag caint le go mbeidh siad in ann an teanga a thógáil dóibh féin.

 

Leabhar gramadaí

Tá mé ag lorg leabhar maith gramadaí don mhac is sine, 8 mbliana d’aois. Bhí muid ag úsáid an chórais Séideán Sí, agus is breá liom na leabhair bheaga atá acu leis an mac léinn a spreagadh chun léamh, ach sílim go bhfuil mo mhac réidh do staidéar foirmiúil na gramadaí. Sílim go gcabhródh an leabhar ceart le cruinneas a chuid Gaeilge.

Tuairimí ag duine ar bith?