Cartlanna Clibe: Oíche Sin Seáin

Oíche Sin Seáin agus Goody

Agus an lá is faide curtha dínn, tá Oíche Fhéile Eoin (23 Meitheamh) ag teannadh linn.

Feast_of_Saint_John

“Oíche Fhéile Eoin” le Jules Breton, http://www.the-athenaeum.org via Wikipedia.

Féile í seo a ndéantaí ceiliúradh uirthi ar fud na hEorpa, cé go bhfuil sí ligthe i ndearmad i neart áiteacha anois. Dá mbeadh mo rogha féin agam, dhéanfaí lá saoire poiblí de na sean-fhéilteacha móra seo ar fad–is cuid de oidhreacht chultúrtha na hEorpa iad agus is fiú í sin a chaomhnú.

 

Cé gurb iad na tinte cnámh is mó a luaitear leis an bhféile inniu–agus bhí dlúthbhaint ag an tine leis an lá ar fud na hEorpa–is deacair do áitreabhach cathrach nó sráidbhaile tine mhór a lasadh na laetha seo. Más fíor do Wikipedia, áfach, d’ití (d’ithtí: an litriú ab fhearr liom féin le haghaidh na soiléire) “goody” go forleathan in Éirinn ar Oíche Fhéile Eoin.

Caithfidh mé a admháil nár bhlais mé goody ariamh, cé go n-itear ‘bread-and-butter pudding’ ó am go ham i mo theachsa. Tá an ‘goody’ féin scaipthe ar nós cheo na maidine, de réir dealraimh: ní thagann Google ar fiú’s íomhá amháin den ghoody ceart.

Ar aon chaoi, beidh mise ag réiteach milseog arán-is-im don chlann ar an oíche. Má tá oideas ag duine ar bith do ghoody ar an sean-nós, áfach, bainfidh mé triail as. Tuigim gur bia simplí é goody nach mbíonn oideas dó go hiondúil, ach don té nár bhlais ariamh é, ba dheacair a rá cé mhéad aráin agus cé mhéad bainne atá le cur isteach, srl.!

milk-toast

“Milk Toast” via babble.com. Cá bhfuil na pictiúir den ghoody ceart?

Lá Sin Seáin

Beidh muid ag ceiliúradh Féile Sin Seáin inniu–bhí muid ró-ghnoitheach aréir ar an drochuair.  Cé go ndéantaí ceiliúradh ar an bhféile seo go forleathan ar fud na hEorpa mar chuid de ghrianstad an tsamhraidh / Corpus Christi, tá cúis imní ag na Gaeil i dtaobh an dáta áfach, mar Gael ab ea an duine a mharaigh Naomh Eoin de réir an tseanchais.  Seo sliocht as Leabhar Ua Maine:

An tSean-Ghaeilge ar dtús agus an t-aistriúchán garbh Nua-ghaeilge faoi gach véarsa:

39. Tucadh do Modh Ruith (is do) rothogh      luach eir Eoin da dithceannadh
rob e luath Mo[g] Ruith iar sein      rogudh dona hingenaibh.

Tugadh luach do Mhogh Ruith, a thogh é, chun Eoin a dhícheannadh. Rogha na hiníonacha a fuair Mogh Ruith mar luach.

40. Iar sin dacuaidh Modh Ruith ran      do marbudh Eoin, gerb imnar,
go tug leis d’ hIruath a mbroit      ceand Eoin ar meis gil airgit.

Ina dhiaidh sin, chuaigh Mogh Ruith le hEoin a mharú, cé gur náire é,
gur thug sé leis do Iruath (Herod) faoi bhrón ceann Eoin ar mhias geal airgit.

41. Tresin sgel sin, baidh go mbloidh,      in feil Eoin ar Gaedelaibh,
nach bia do tshil Gaedeal nglan      acht madh æntrian gan marbudh.

Tríd an scéal sin, beidh féile Eoin ar Ghaeil le cáil:
ní bheidh ach trian de shíl na nGael glan gan marú.

42. In t-æntrian fuicfithear and      do tshluagh Gædeal agus Gall,
a meic Muiri, is truadh in dal,      a ndul ule do dubtham.

Fágfar aon trian de shlua na nGael is na nGall.
A Mhac Mhuire, is trua an dáil, iad uile ag dul i dtámh!

Tá mé a cheapadh gur fíoradh an tairngreacht seo ar bhealach cúpla babhta cheana–pláigheanna na Meánaoise agus an Gorta Mór, ach b’fhéidir go bhfuil níos measa fós le teacht? Tá súil agam go bhfuil ár bhfiacha díolta faoi seo!