Cartlanna Clibe: Manann

Hop-tu-naa

 

Pic le Anders Legoras,  wikipedia
Pic le Anders Legoras, wikipedia

Níor chuala mé trácht ariamh ar amhráin Shamhna go dtí gur chuala mé cór ag canadh “Hop-tu-naa”, amhrán i nGaeilge Mhanann, cúpla bliain ó shin. Is é “Hop-tu-naa” (fuaimnítear an focal mar “hop-tú-né” ) focal na Gaeilge sin ar Oíche Shamhna, agus cantar amhráin mar é ar an oileán fós agus na gasúir óga ag goil ó theach go teach.

Tá leaganacha den amhrán, i nGaeilge agus i mBéarla, le cloisteáil ag an nasc thíos:

https://www2.sch.im/groups/manxcurriculum/wiki/6878e/