Cartlanna Clibe: leabhar

Asterix Gliaire: Léirmheas

wp-1467282446050.jpg

Eachtra eile i ndán do Asterix agus Obelix

Taitníonn an tsraith Asterix go mór linn–grinn, gaiscíocht, agus pictiúir spéisiúla. Na leaganacha Gaeilge atá againn go nuige seo, déarfainn go bhfuil siad fiú níos fearr ná na leaganacha Béarla. Tá an Ghaeilge glan, soléite, agus glic. Ní haon eisceacht é Asterix Gliaire, a cheannaigh muid agus muid i mBéal Feirste mí ó shin.

 

D’éirigh leis an aistritheoir, Antain Mac Lochlainn, an téacs a dhéanamh sárGhaelach. Féach ainm an fhile, Dándírix, a dhéanann tagairt don mheadaracht choitianta SheanGhaeilge, an dán díreach. Tá imeartas breá focal ann freisin, mar shampla, nuair a lorgaíonn captaen loinge “árthach a athrach”. Cuirtear an t-athshuíomh cultúrtha i bhfeidhm sna pictiúir freisin, áit a gcuirtear lirící cáiliúla as amhráin Ghaeilge sheanchaite i mbéal an fhile.

An t-aon locht atá againn ar an leabhar ná an clúdach–clúdach bog láidrithe le scim phlaisteach–tá sé badráilte cheana ag na gasúir. B’fhearr liom go mór clúdach crua a choinneodh an leabhar slán go ceann na mblianta. Leabhar maith mar seo, fulaingeoidh sé neart droch-úsáide  de bharr shíorléamh na ngasúr.

Is fiú machnach a dhéanamh ar theanga an leabhair. Feicim gurb é an leagan Gaeilge amháin a bhain úsáid as an seanfhocal breá gliaire–focal ar ghá dom féin a sheiceáil sa bhfoclóir (cé gur thuig na páistí é gan dua, a bhuíochas leis na pictiúir). I leagan Ghaeilge na hAlban, is é an teideal ná Asterix an Gladaidheatar; sa leagan Breatnaise, Asterix y Gladiator. Seo ceist a chuirim go minic–ar cheart glacadh leis na focail iasachta? Nó an ceart an deis a thapú le síneadh a chur le stór focal an léitheora. Sa gcás seo, a bhfuil brí an fhocail soiléir, tá mé lánsásta le “gliaire”.

Is é DalenÉireann (fochomhlacht de chomhlacht sa mBreatain Bheag, a shílim) a d’fhoilsigh Asterix Gliaire, agus tá mé cinnter gur féidir é a ordú ó na siopaí leabhar ar fad.

wp-1467278951426.jpg

Athshuíomh cultúrtha ceart déanta ar théacs an scéil.

Leabharliosta Dheaide na Nollag

Tá siopadóireacht na Nollag faoi lánseol sa teach seo a’inne. Má tá tú féin ag lorg leabhar do na Gaeilgeoirí óga ar bhur liosta, seo iad na leabhair a thaitnigh go mór le mo theaghlach féin le gairid:

Bratach na gCnámh: Sraith Iontach!

Bratach na gCnámh: Sraith Iontach!

Sraith Bhratach na gCnámh arna fhoilsiú ag Leabhar Breac. Tá sé cinn de leabhair sa tsraith seo go nuige seo. Pléann na leabhair beirt dílleachtaí a théann sa tóir ar a n-athair: foghlaí mara mór-le-rá. Neart fuinnimh agus aicsin, agus aistriúchán den scoth ón bhFraincis—cheapfá gur i nGaeilge bhlasta a scríobhadh na leabhair ar dtús. D’alp na gasúir mhóra (7 & 9 mbliana, cailín agus buachaillí) siar na chéad trí leabhar sa tsraith agus gheobhaidh siad na trí leabhar eile an Nollaig seo. Bheadh na leabhair seo deacair do chumas léitheoireachta Gaeilge mo ghasúr féin (tá a gcumas léite Gaeilge go maith chun deiridh ar a gcumas Béarla), ach feileann na leabhair go hiontach don léamh os ard agus Deaide ansin le focail chrua a mhíniú. Sílim anois gur mó Gaeilge ná Béarla atá ag na páistí ar bhéarlagair na long (scriútaí, frideoirí, crann spreoide, srl.). Ní chuireann an cailín 5 bl. mórán spéis iontu, áfach.

Gealach: Scéal corraitheach.

Gealach: Scéal corraitheach.

Gealach le Seán Mac Mathúna, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac. Scéal den scoth faoi bheirt ógánach, cailín agus buachaill, a chaithfeas láir chlúiteach an teaghlaigh a aimsiú (thit sí i bhfarraige de bharr timpiste báid) sula gcaillfidh siad an fheirm. Choinnigh an scéal seo na gasúir mhóra ar bís, agus chuir an cailín óg beagán spéis ann freisin. D’fheilfeadh an leabhar seo don léamh os ard do ghasúir óga (5/6 ar leith), nó mar leabhar le léamh leo féin do ghasúir sna déaga luatha. Bhí an scéal beagáinín leamh, míréadúil in áiteacha don tuisimitheoir, ach níor chuir sin isteach ar shult na ngasúr.

Sraith Seachain! Arna fhoilsiú ag Futa Fata.

Seachain!: Giotaí beaga staire á bhfiosrú go paiteanta

Seachain!: Giotaí beaga staire á bhfiosrú go paiteanta

Fiosraíonn na scéalta seo ócáidí stairiúla ar leith; is féidir seoladh go Meiriceá aimsir an ghorta, páirt a ghlacadh sna comórtaisí Oilimpeacha sa tSeanGhréig, taisteal go dtí an tAntartach in éindí le Shackleton, srl. Taitníonn na leabhair seo go háirithe le mo mhac 9 mbliana, ach sílim go bhfeilfidís do ghasúr ar bith óna 6 ar leith.

B’fhéidir gurb é an leabhar is áille, a d’fheilfeadh do ghasúr ar bith ó thart ar 4 bl. go 10 mbliana (má thaitníonn an ealaíon leo) ná An Gréasaí Bróg agus Na Sióga le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson. Níl a suíomh idirlín ag obair faoi láthair agus níl pictiúr den leabhar agam dá bharr.

Tá cúpla sraith a sheachnaím freisin: an tsraith Lúsaí le Máire Ní Ghallchobair (páistí gan ghuaim, daoine fásta gan clue) agus an tsraith foghlaithe mara le Paul Thiès (róbheag, béim aisteach ar chúrsaí grá).

I measc na leabhar ar mhaith liom tuilleadh eolais a fháil ina dtaobh, tá Oíche Chiúin arna fhoilsiú ag Futa Fata. Is deacair domsa leabhair a roghnú agus mé

Oíche Chiúin: an fiú é?

Oíche Chiúin: an fiú é?

in imigéin.

Aon leabhair le moladh ag léitheoirí?

Gealach le Mac Mathúna á léamh

An t-úrscéal nua le Seán Mac Mathúna.

An t-úrscéal nua le Seán Mac Mathúna.

Bím ag síor-lorg leabhair mhaithe le léamh do na gasúir–léann siad slám mór leabhar Béarla, agus léitear leabhair eile Béarla dóibh, ach ba mhaith liom beagán Gaeilge a chur isteach sa gcarn leabhar sin.

Mar is eol do chách, tá ganntanas leabhar mealltach comhaimseartha Gaeilge ann, i gcomparáid le saol litríocht an Bhéarla, toisc daonra na Gaeilge a bheith níos lú agus margadh na leabhar sin níos lú dá bharr.

Bhuel, chonaic mé gur scríobh Mac Mathúna úrscéal nua le deireannas, Gealach, foilsithe ag Leabhar Breac.  Thaitnigh a chnuasach gearrscéalta, Banana, go mór liom, cé nach mbeadh an t-ábhar feiliúnach don léitheoir óg.

Léigh mé in áit eicínt, nach bhfuil mé in ann teacht air anois, áfach, gur bhuail Gealach duais oireachtais do litríocht do dhéagóiri, cé nach luann na foilsitheoirí é sin. Bhreathnaíos thríd an leabhar agus ní fhaca mé rud ar bith a chuirfeadh bac ar léitheoir ó 5 bhliana d’aois ar aghaidh (ach an tuismitheoir an leabhar a léamh os ard do na daoine is lú).

Caithfidh mé a rá nár chruthaigh an leabhar mórán teannas ionam féin, ach b’fhéidir go meallfaidh sé léitheoirí óga níos mó ná seanduine caite mar mé féin! Foilseoidh m tuairim na ngasúr féin th’éis tamaill.

Cuireann Seán Mc Mathúna síos go fileata ar ghiniúint an scéil anseo.

Léirmheas eile anseo.

Nollaig Shona!

752px-Gerard_van_Honthorst_001

van Honthorst

Guím beannachtaí na Nollag oraibh ar fad!

Tá sceitimíní ar na gasúir ón uair a fuair siad litir ó Dheaide na Nollag thríd an bpost, a bhuíochas mór le Tuismitheoirí na Gaeltachta a rinne an-obair ar fad.

Tá an chuid is mó dár n-ullmhúchán críochnaithe againn agus tá muid ag tnúth leis an bhféile mhór. Tá bronntanas amháin (don bhean chéile chaoin!) goite ar iarraidh sa bposta idir an siopa agus ár dteachín, agus seans go mbeidh orm bronntanas eile a cheannach ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtiocfaidh an chéad cheann in am . . .

D’ordaigh mé slám mór leabhar Gaeilge do na páistí. Nuair a tháinig an bosca, bhuail scáth mé mar ní fhaca mé riamh bosca a bhí chomh greadta, stróicthe, batráilte, pollta, briste leis an mbeartán bocht romham. Féach thíos. 009011
Bhí mé ag ceapadh go mbeadh scuaine leabhar sínte ar an talamh ónár sráidbhaile beag i Sasana go haerfort Bhaile Átha Cliath. Ar an dea-uair, nuair a sheiceáil mé na leabhair istigh, bhí siad ar fad ann, slán sábhailte; smál beag fiú, ní raibh orthu. Míorúilt bheag na Nollag.

Thairis sin, bhí cárta álainn lámh-dhéanta istigh ann ón siopa–Ann Power ealaíontóir an chárta. 014
Go dtuga Leanbh nua-bheirthe na Beithile míorúilt Nollag dhaoibh ar fad!

Dhá leabhar nua le léamh

Is léir go bhfuil foilsitheoirí na Gaeilge gnoitheach le deireannas agus dhá leabhar fiúntach a bhaineanns leis an dátheangachas eisithe acu an t-earrach seo. Níl ceachtar den dá leabhar léite agam go fóill, ach bead á léamh.

Seo iad:

An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas, eisithe ag An Leabhar Breac; http://www.leabharbreac.com/leabhair.html?pID=85

agus

Thógamar le Gaeilge Iad, curtha in eagar ag Brian Ó Broin agus eisithe ag Coiscéim. https://sites.google.com/site/thogamar/lainseail

Postálfaidh mé léirmheas ar gach leabhar nuair a bheas siad léite agam. Go nuige sin, má tá ceann des na leabhair léite agat féin cheana, roinn do chuid smaointe orainn le freagra ar an bpostáil seo.