Cartlanna Clibe: leabhair

Leabhar Mór na hEalaíne

Cuireadh álainn chuig saibhreas na healaíne; foilsithe ag Futa Fata

Cuireadh álainn chuig saibhreas na healaíne; foilsithe ag Futa Fata

Bhí mé i gCo. Aontroma le gairid ar chúrsaí oibre agus thug mé an chlann liom. Thug muid cuairt sciobtha ar an siopa leabhar sa gCultúrlann i mBéal Feirste le cur lenár stór leabhar Gaeilge féin, agus roghnaíodh Leabhar Mór na hEalaíne mar leabhar do na gasúir ar fad.

Aistriúchán ar leabhar Béarla de chuid Dorling Kindersley é, agus sár-saothar atá ann. Tá an Ghaeilge snoite glan, an clúdach agus na leathanaigh láidir, agus an t-ábhar spéisiúil. Rianaíonn Leabhar Mór na hEalaíne stair na healaíne ó na pictiúir bhalla a rinne ár sinsir go dtí ealaín theibí an lae inniu. D’fhéadfadh ábhar chomh mór leis seo mearbhall a chur ar an údar agus ar an léitheoir ar aon, ach seachnaíonn Leabhar Mór an mearbhall seo trí fo-ábhair a roghnú go cúramach: díríonn gach péire leathanach oscailte ar ealaíontóir ar leith (m.sh. van Eyck, Goya, Warhol), ar stíl ealaíne ar leith (Baróc, Impriseanachas, Nua-Ealín, srl.), ar theicníc ar leith (m.sh. pastail, uiscedhathú), nó téama ealaíonta ar leith (saol na hoibre, nithe neamhbheo, srl.). Dá bharr sin, féadann an leabhar fócas cúng a choinneáil agus réimse leathan ábhair a chlúdach ag an am céanna.

Díríonn gach péire leathanach lán-daite ar ealíontóir nó ar théama ar leith.

Díríonn gach péire leathanach lán-daite ar ealíontóir nó ar théama ar leith.

Is furasta don léitheoir an leabhar a phiocadh aníos agus blaiseadh beag de stair na healaíne a fhoghlaim gan stró i rith chúig nóiméad.Is deacair a rá cén aois a bhfuil an leabhar dírithe air–b’fhéidir na déaga luatha–ach cuirfidh fiú gasúir gan léamh spéis san iliomad pictiúr ildaite, agus taitníonn an leabhar go mór liomsa mar dhuine fásta.

An-obair déanta ag Futa Fata anseo, agus ba mhaith liom a thuilleadh mar é seo a fheiceáil ó na clódóirí ar fad.

 

 

Leabharliosta Dheaide na Nollag

Tá siopadóireacht na Nollag faoi lánseol sa teach seo a’inne. Má tá tú féin ag lorg leabhar do na Gaeilgeoirí óga ar bhur liosta, seo iad na leabhair a thaitnigh go mór le mo theaghlach féin le gairid:

Bratach na gCnámh: Sraith Iontach!

Bratach na gCnámh: Sraith Iontach!

Sraith Bhratach na gCnámh arna fhoilsiú ag Leabhar Breac. Tá sé cinn de leabhair sa tsraith seo go nuige seo. Pléann na leabhair beirt dílleachtaí a théann sa tóir ar a n-athair: foghlaí mara mór-le-rá. Neart fuinnimh agus aicsin, agus aistriúchán den scoth ón bhFraincis—cheapfá gur i nGaeilge bhlasta a scríobhadh na leabhair ar dtús. D’alp na gasúir mhóra (7 & 9 mbliana, cailín agus buachaillí) siar na chéad trí leabhar sa tsraith agus gheobhaidh siad na trí leabhar eile an Nollaig seo. Bheadh na leabhair seo deacair do chumas léitheoireachta Gaeilge mo ghasúr féin (tá a gcumas léite Gaeilge go maith chun deiridh ar a gcumas Béarla), ach feileann na leabhair go hiontach don léamh os ard agus Deaide ansin le focail chrua a mhíniú. Sílim anois gur mó Gaeilge ná Béarla atá ag na páistí ar bhéarlagair na long (scriútaí, frideoirí, crann spreoide, srl.). Ní chuireann an cailín 5 bl. mórán spéis iontu, áfach.

Gealach: Scéal corraitheach.

Gealach: Scéal corraitheach.

Gealach le Seán Mac Mathúna, arna fhoilsiú ag Leabhar Breac. Scéal den scoth faoi bheirt ógánach, cailín agus buachaill, a chaithfeas láir chlúiteach an teaghlaigh a aimsiú (thit sí i bhfarraige de bharr timpiste báid) sula gcaillfidh siad an fheirm. Choinnigh an scéal seo na gasúir mhóra ar bís, agus chuir an cailín óg beagán spéis ann freisin. D’fheilfeadh an leabhar seo don léamh os ard do ghasúir óga (5/6 ar leith), nó mar leabhar le léamh leo féin do ghasúir sna déaga luatha. Bhí an scéal beagáinín leamh, míréadúil in áiteacha don tuisimitheoir, ach níor chuir sin isteach ar shult na ngasúr.

Sraith Seachain! Arna fhoilsiú ag Futa Fata.

Seachain!: Giotaí beaga staire á bhfiosrú go paiteanta

Seachain!: Giotaí beaga staire á bhfiosrú go paiteanta

Fiosraíonn na scéalta seo ócáidí stairiúla ar leith; is féidir seoladh go Meiriceá aimsir an ghorta, páirt a ghlacadh sna comórtaisí Oilimpeacha sa tSeanGhréig, taisteal go dtí an tAntartach in éindí le Shackleton, srl. Taitníonn na leabhair seo go háirithe le mo mhac 9 mbliana, ach sílim go bhfeilfidís do ghasúr ar bith óna 6 ar leith.

B’fhéidir gurb é an leabhar is áille, a d’fheilfeadh do ghasúr ar bith ó thart ar 4 bl. go 10 mbliana (má thaitníonn an ealaíon leo) ná An Gréasaí Bróg agus Na Sióga le Caitríona Hastings agus Andrew Whitson. Níl a suíomh idirlín ag obair faoi láthair agus níl pictiúr den leabhar agam dá bharr.

Tá cúpla sraith a sheachnaím freisin: an tsraith Lúsaí le Máire Ní Ghallchobair (páistí gan ghuaim, daoine fásta gan clue) agus an tsraith foghlaithe mara le Paul Thiès (róbheag, béim aisteach ar chúrsaí grá).

I measc na leabhar ar mhaith liom tuilleadh eolais a fháil ina dtaobh, tá Oíche Chiúin arna fhoilsiú ag Futa Fata. Is deacair domsa leabhair a roghnú agus mé

Oíche Chiúin: an fiú é?

Oíche Chiúin: an fiú é?

in imigéin.

Aon leabhair le moladh ag léitheoirí?

Nollaig Shona!

752px-Gerard_van_Honthorst_001

van Honthorst

Guím beannachtaí na Nollag oraibh ar fad!

Tá sceitimíní ar na gasúir ón uair a fuair siad litir ó Dheaide na Nollag thríd an bpost, a bhuíochas mór le Tuismitheoirí na Gaeltachta a rinne an-obair ar fad.

Tá an chuid is mó dár n-ullmhúchán críochnaithe againn agus tá muid ag tnúth leis an bhféile mhór. Tá bronntanas amháin (don bhean chéile chaoin!) goite ar iarraidh sa bposta idir an siopa agus ár dteachín, agus seans go mbeidh orm bronntanas eile a cheannach ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtiocfaidh an chéad cheann in am . . .

D’ordaigh mé slám mór leabhar Gaeilge do na páistí. Nuair a tháinig an bosca, bhuail scáth mé mar ní fhaca mé riamh bosca a bhí chomh greadta, stróicthe, batráilte, pollta, briste leis an mbeartán bocht romham. Féach thíos. 009011
Bhí mé ag ceapadh go mbeadh scuaine leabhar sínte ar an talamh ónár sráidbhaile beag i Sasana go haerfort Bhaile Átha Cliath. Ar an dea-uair, nuair a sheiceáil mé na leabhair istigh, bhí siad ar fad ann, slán sábhailte; smál beag fiú, ní raibh orthu. Míorúilt bheag na Nollag.

Thairis sin, bhí cárta álainn lámh-dhéanta istigh ann ón siopa–Ann Power ealaíontóir an chárta. 014
Go dtuga Leanbh nua-bheirthe na Beithile míorúilt Nollag dhaoibh ar fad!

Siopadóireacht na Nollag

Tá mé ar thob ordú na Nollag a chur chuig an siopa leabhar. Is éard a bheas muid a cheannach ná an chuid eile den sár-sraith Bratach na gCnámh (a bhfuil an chéad leabhar Éalú as Páras againn; Leabhar Breac an foilsitheoir), agus an chuid eile den tsraith iontach Seachain ( a bhfuil an leabhar Ná Glac Páirt sna Cluichí Oilimpeacha againn; Futa Fata an foilsitheoir). Mholfainn an dá shraith do ghasúir idir a 5 agus b’fhéidr a 9.

Do ghasúir níos óige, mholfainn an tsraith faoi Cití Cailleach–bhain ár gclann sásamh mór astu ar fad.

Bainigí sult as an ullmhúchán don fhéile!

Mallachtaí

Ar thug duine ar bith faoi deara flúirseacht na mallachtaí is na n-eascainí atá i leabhair na Gaeilge don aos óg? Cuir i gcás leabhar a thaitníonns go mór le mo chlann: Cití Cailleach agus a Slaitín Draíochta. Sa leabhar sin, deir Cití:
“Damnú air!” An ndéarfadh sí “Dam_ it” i mBéarla? Agus tá An Seilide agus an Míol Mór, aistrithe ag Gabriel Rosentock, beagnach do-léite de bharr líon na n-eascainí, leithéidí “A Mhaighdean” (marach nach bhfuil an leabhar díreach os mo chomhair , thabharfainn tuilleadh samplaí as an leabhar céanna). An ndéarfadh carachtar i scéal Béarla “G_d, I’m tired!”

D’fhéadfaí a áitiú go bhfuil frásaí mar seo níos nádúrtha i nGaeilge ná i mBéarla, ach níleadar i mo thuairim féin. Is é “f_cking” an focal is mó a úsáideanns na mic léinn ollscoile anseo; tá súil agam nach gcuirfear an focal céanna isteach sna leabhair Bhéarla do na leanaí óga.

Ar ndóigh, tá traidisiún láidir in aghaidh na mallachta ag na Gaeil. Mar shampla, i gceann de scéalta Bhab Feiritéar (“An Monk”), sonraíonn carachtar amháin: “Titeann an tríú cuid den mhallacht san áit go ndeintear an mhallacht as, titeann an tríú cuid eile ar an té go gcaitear an mhallacht leis, agus titeann an tríú cuid eile ar a té a chaitheann an mhallacht.” (Ar ndóigh, léiríonn an scéal ag an gcríoch nach bhfuil an oiread sin donais sa mallact, ach sin scéal eile!)

Más é bhur dtoil é, a fhoilsitheoirí na Gaeilge, coinnigh na mallachtaí amach ó na leabhair do léitheoirí óga! Nó titfidh an tríú cuid den mhallacht oraibh féin! 🙂

Tuairimí?