Cartlanna Clibe: Gabriel Rosenstock

Portán na nOrdóg Órga (agus na mionn mór): Léirmheas

Tá an dara Tintin a fuair mé le gairid, Portán na nOrdóg Órga, críochnaithe againn, agus bhain muid a oiread taitnimh as agus as an gcéad cheann (léirmheas anseo).

Ar nós na leabhar ar fad dár léigh mise ó pheann aistrithe Rosenstock, áfach, tá an iomarca mionna móra curtha isteach sa téacs. Seans gur mise an t-aon duine sa saol seo a gcuireann na mionna móra i leabhar páistí amach dó, ach sílim go gcuirfidh an leagan cainte thíos isteach ar dhuine nó bheirt eile? Féach an pictiúr:

‘Frigeáilte’: an focal cuí don chineál seo téacs?

Advertisements

Todóga na bhFarónna: Léirmheas

DalenÉireann, fochomhlacht de fhoilsitheoir Breatnaise, ag déanamh éacht le gairid agus iad ag cur Gaeilge ar na sraitheanna clúiteacha Fraincise (agus Béarla) Asterix agus Tintin. Rinne mé léirmheas ar leabhar as an tsraith Asterix anseo agus anseo,  agus bhí mé ar bís nuair a chonaic mé go raibh siad tosaithe ar shraith Thintin freisin. Mar sin, phioc mé suas an dá leabhar Thintin atá foilsithe acu le deireanas agus mé i mBaile Átha Cliath (Siopa an Chonartha).

D’alp muid siar Todóga na bhFarónna thar cúpla lá, agus thaitnigh sé go mór le chuile dhuine. Tuigeann na gasúir is sine (11 / 9 / 6) an Ghaeilge labhartha gan stró, cé gur deacair dóibh é a léamh leo féin  (má tá bhur gcuid gasúir féin ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge, seans nach mbeidh an difríocht sin idir an Ghaeilge labhartha agus an focal scríofa acu). Bíonn ar an duine is lú (4 bl.) ceist a chur go minic (‘What’s happening?!’ i mBéarla).

Tá an-jab déanta ag Gabriel Rosenstock mar aistritheoir, cé go dtugann a charachtair an iomarca mionna móra (‘dar Maighdean’, m.sh.) i gcónaí, i mo thuairim féin. Mar sin féin, éiríonn leis an téacs a dhéanamh Gaelach agus nádúrtha. Is minic is fearr liom an leagan Gaeilge ná an leagan Béarla. Mar shampla, Professor Sarcophagus atá ar an ollamh craiceáilte sa leagan Béarla;  is seacht míle fearr an leagan Gaeilge: an tOllamh Ó Tuama.

Tá leathanach sámpla thíos. Caithfidh mé a rá nach dtuigim an t-aistriúchán ‘rópa’, áit a bhfuil ‘saved’ sa mBéarla–seans gur imeartas focal nach dtuigim é?

 

todoga photo

_Todóga na bhFarónna_. Hergé, aist. Rosenstock. Níl na dathanna sa ngrianghraf a thóg mé cruinn.

 

 

Mallachtaí

Ar thug duine ar bith faoi deara flúirseacht na mallachtaí is na n-eascainí atá i leabhair na Gaeilge don aos óg? Cuir i gcás leabhar a thaitníonns go mór le mo chlann: Cití Cailleach agus a Slaitín Draíochta. Sa leabhar sin, deir Cití:
“Damnú air!” An ndéarfadh sí “Dam_ it” i mBéarla? Agus tá An Seilide agus an Míol Mór, aistrithe ag Gabriel Rosentock, beagnach do-léite de bharr líon na n-eascainí, leithéidí “A Mhaighdean” (marach nach bhfuil an leabhar díreach os mo chomhair , thabharfainn tuilleadh samplaí as an leabhar céanna). An ndéarfadh carachtar i scéal Béarla “G_d, I’m tired!”

D’fhéadfaí a áitiú go bhfuil frásaí mar seo níos nádúrtha i nGaeilge ná i mBéarla, ach níleadar i mo thuairim féin. Is é “f_cking” an focal is mó a úsáideanns na mic léinn ollscoile anseo; tá súil agam nach gcuirfear an focal céanna isteach sna leabhair Bhéarla do na leanaí óga.

Ar ndóigh, tá traidisiún láidir in aghaidh na mallachta ag na Gaeil. Mar shampla, i gceann de scéalta Bhab Feiritéar (“An Monk”), sonraíonn carachtar amháin: “Titeann an tríú cuid den mhallacht san áit go ndeintear an mhallacht as, titeann an tríú cuid eile ar an té go gcaitear an mhallacht leis, agus titeann an tríú cuid eile ar a té a chaitheann an mhallacht.” (Ar ndóigh, léiríonn an scéal ag an gcríoch nach bhfuil an oiread sin donais sa mallact, ach sin scéal eile!)

Más é bhur dtoil é, a fhoilsitheoirí na Gaeilge, coinnigh na mallachtaí amach ó na leabhair do léitheoirí óga! Nó titfidh an tríú cuid den mhallacht oraibh féin! 🙂

Tuairimí?