Cartlanna Clibe: Enid Blyton

An Cúigear Costasach

saoirenasamhna jpegBhí gliondar orm a chloisteáil go mbeidh Cló Iar-Chonnacht (CIC) ag foilsiú gearrscéalta “The Famous Five” de chuid Enid Blyton, atá ar na húdair chlasaiceacha i réimse na litríochta luath-aoise. Féach anseo le haghaidh sámpla de na haistriúcháin. Ach tháinig rud beag díomá orm nuair a d’fhiosraigh mé an scéal a thuilleadh.

Beidh CIC ag foilsiú gach gearrscéal mar leabhar ar leith–idir a shain-chlúdaigh féin. Is gearrscéalta iad seo a foilsíodh den chéad uair in irisleabhair–níl siad ró-fhada. Nuair a foilsíodh mar leabhar den chéad uair iad, bailíodh na gearrscéalta ar fad (sílim) den Famous Five le chéile agus eisíodh iad mar imleabhar amháin: The Famous Five Short Story Collection. Tá an clúdach bog ar díol ar 4.79 punt Sasanach ar amazon.co.uk, cé go bhfuil cóipeanna ath-láimhe le fáil ar .01 + postas.

I gcodarsnacht leis sin, tá gach gearrscéal ar leith le fáil ar 7 euro ó CIC –sin 56 euro dá gceannófaí na hocht ngearrscéal [cé nach bhfuil ach 4 ghearrscéal le fáil faoi láthair]. Tá an bailiúchán Béarla 50 euro níos saoire ná an t-iomlán i nGaeilge. Níl mé cinnte go bhfuil mé sách saibhir le bheith i mo thuismitheoir Gaelach.

Go deimhin, níl CIC ach ag leanúint na straitéise a chuir an príomhfhoilsitheoir, Hodder Children’s Books, rompu. Tá cóipeanna costasacha Béarla de na gearrscéalta, eisithe mar leabhair ar leith, le ceannach ar amazon.co.uk anseo.

Cén chaoi le leabhar iomlán a dhéanamh de ghearrscéal? Líontar na leathanaigh le pictiúir ríomh-deartha, ar nós an tsámpla thuas, ag barr an ailt seo. Tá mé cinnte go bhfuiltear ann a mhaíonns gurb é seo an cineál ealaíne agus leagan amach a mheallanns na daoine óga, ach caithfidh mise a rá nach meallann sí mé féin ar aon chaoi, agus sílim go mbaineann an cartúnachas de spéis na ndaoine óga i ndáiríre.

Cuir lena hais na seanphictiúir a chruthaigh Eileen Soper do na  húrscéalta, mar seo:

Bileog cheangail, _Five on a Treasure Island_, 1969,  source:  http://kuberblog.blogspot.com/2012/05/on-thing-3-famous-five.html

Bileog cheangail chúil, _Five on a Treasure Island_, source: http://kuberblog.blogspot.com/2012/05/on-thing-3-famous-five.html

Sílim go bhfuil mé ag tabhairt chothrom na Féinne do ealaíontóir na n-eagrán nua, Jamie Littler, nuair a deirim nach gcruthaíonn pictiúir na nua-eagrán brí chéanna na heachtraíochta a bhain leis an sean-stíl ealaíne.

Sraith nua An Cúigear Cróga: b’fhéidir go gceannóin gearrscéal amháin, ach b’fhearr liom na seanchóipeanna Béarla. Tá na céad-eagráin fós ar fáil ar chostais réasúnta.