Cartlanna Clibe: DalenÉireann

Todóga na bhFarónna: Léirmheas

DalenÉireann, fochomhlacht de fhoilsitheoir Breatnaise, ag déanamh éacht le gairid agus iad ag cur Gaeilge ar na sraitheanna clúiteacha Fraincise (agus Béarla) Asterix agus Tintin. Rinne mé léirmheas ar leabhar as an tsraith Asterix anseo agus anseo,  agus bhí mé ar bís nuair a chonaic mé go raibh siad tosaithe ar shraith Thintin freisin. Mar sin, phioc mé suas an dá leabhar Thintin atá foilsithe acu le deireanas agus mé i mBaile Átha Cliath (Siopa an Chonartha).

D’alp muid siar Todóga na bhFarónna thar cúpla lá, agus thaitnigh sé go mór le chuile dhuine. Tuigeann na gasúir is sine (11 / 9 / 6) an Ghaeilge labhartha gan stró, cé gur deacair dóibh é a léamh leo féin  (má tá bhur gcuid gasúir féin ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge, seans nach mbeidh an difríocht sin idir an Ghaeilge labhartha agus an focal scríofa acu). Bíonn ar an duine is lú (4 bl.) ceist a chur go minic (‘What’s happening?!’ i mBéarla).

Tá an-jab déanta ag Gabriel Rosenstock mar aistritheoir, cé go dtugann a charachtair an iomarca mionna móra (‘dar Maighdean’, m.sh.) i gcónaí, i mo thuairim féin. Mar sin féin, éiríonn leis an téacs a dhéanamh Gaelach agus nádúrtha. Is minic is fearr liom an leagan Gaeilge ná an leagan Béarla. Mar shampla, Professor Sarcophagus atá ar an ollamh craiceáilte sa leagan Béarla;  is seacht míle fearr an leagan Gaeilge: an tOllamh Ó Tuama.

Tá leathanach sámpla thíos. Caithfidh mé a rá nach dtuigim an t-aistriúchán ‘rópa’, áit a bhfuil ‘saved’ sa mBéarla–seans gur imeartas focal nach dtuigim é?

 

todoga photo

_Todóga na bhFarónna_. Hergé, aist. Rosenstock. Níl na dathanna sa ngrianghraf a thóg mé cruinn.

 

 

Asterix Gliaire: Léirmheas

wp-1467282446050.jpg

Eachtra eile i ndán do Asterix agus Obelix

Taitníonn an tsraith Asterix go mór linn–grinn, gaiscíocht, agus pictiúir spéisiúla. Na leaganacha Gaeilge atá againn go nuige seo, déarfainn go bhfuil siad fiú níos fearr ná na leaganacha Béarla. Tá an Ghaeilge glan, soléite, agus glic. Ní haon eisceacht é Asterix Gliaire, a cheannaigh muid agus muid i mBéal Feirste mí ó shin.

 

D’éirigh leis an aistritheoir, Antain Mac Lochlainn, an téacs a dhéanamh sárGhaelach. Féach ainm an fhile, Dándírix, a dhéanann tagairt don mheadaracht choitianta SheanGhaeilge, an dán díreach. Tá imeartas breá focal ann freisin, mar shampla, nuair a lorgaíonn captaen loinge “árthach a athrach”. Cuirtear an t-athshuíomh cultúrtha i bhfeidhm sna pictiúir freisin, áit a gcuirtear lirící cáiliúla as amhráin Ghaeilge sheanchaite i mbéal an fhile.

An t-aon locht atá againn ar an leabhar ná an clúdach–clúdach bog láidrithe le scim phlaisteach–tá sé badráilte cheana ag na gasúir. B’fhearr liom go mór clúdach crua a choinneodh an leabhar slán go ceann na mblianta. Leabhar maith mar seo, fulaingeoidh sé neart droch-úsáide  de bharr shíorléamh na ngasúr.

Is fiú machnach a dhéanamh ar theanga an leabhair. Feicim gurb é an leagan Gaeilge amháin a bhain úsáid as an seanfhocal breá gliaire–focal ar ghá dom féin a sheiceáil sa bhfoclóir (cé gur thuig na páistí é gan dua, a bhuíochas leis na pictiúir). I leagan Ghaeilge na hAlban, is é an teideal ná Asterix an Gladaidheatar; sa leagan Breatnaise, Asterix y Gladiator. Seo ceist a chuirim go minic–ar cheart glacadh leis na focail iasachta? Nó an ceart an deis a thapú le síneadh a chur le stór focal an léitheora. Sa gcás seo, a bhfuil brí an fhocail soiléir, tá mé lánsásta le “gliaire”.

Is é DalenÉireann (fochomhlacht de chomhlacht sa mBreatain Bheag, a shílim) a d’fhoilsigh Asterix Gliaire, agus tá mé cinnter gur féidir é a ordú ó na siopaí leabhar ar fad.

wp-1467278951426.jpg

Athshuíomh cultúrtha ceart déanta ar théacs an scéil.