Cartlanna Clibe: códú

Iolrú Gan Dua

Tá an mac is sine ag cleachtadh na dtáblaí iolraithe, agus bhí ríomhclár uaim a chabhródh leis. B’fhéidir go bhfuil ríomhchlár Gaeilge mar sin sa gcibearspás, ach ní raibh sé ar eolas agam, agus bheartaigh mé an clár a scríobh dom féin.

Thug an obair seo deis dom breathnú ar theangacha ríomhaire an lae inniu (ní dhearna mé aon chódú ón uair a bhí mé i mo dhéagóir, tráth a raibh BASIC fós á scríobh!). Le beagán taighde ar line agus ar Twitter, fuair mé amach go bhfuil Python forleathan na laethanta seo, agus chuir mé beagáinín am isteach á fhoghlaim. Ceachtanna maithe, saor in aisce, anseo. Ar aon chaoi, tar éis trí uair an chloig nó mar sin, bhí mé in ann mo ríomhchlár simplí iolrúcháin a dhéanamh.

Scríobh mé an clár in Python 3. Mara bhfuil Python 3 agat (agus chuile sheans nach bhfuil más Windows 7 nó 8 atá tú a úsáid), is féidir leat é a íosluchtú anseo. Nuair a bheas Python suiteáilte, ní gá ach IDLE a oscailt (beidh sé faoi Programs > Python),  “New File” a chruthú, an cód a chur isteach, agus an modúl a rith (Run module).

Ós rud é go dteastaíonn comhaid .txt ó Python, agus ós rud é nach nglacann wordpress.com le comhaid .txt, tá mé tar éis an cód a chur anseo. Faigh an cód ansin agus cuir isteach in Python é mar a mhínigh mé thuas.

Níl a fhios a’m an bhfuil bealach níos simplí le ríomhchláracha a roinnt le daoine?

Ní hé an cód is áille dá bhfaca tú riamh, agus níl an GUI thar moladh beirte, ach déanann sé an obair ar cumadh lena haghaidh é.

Cuir ceist orm má bhíonn deacrachtaí agat!