Cartlanna Clibe: canúint

Caighdeán Láidir na Pléimeannaise

Ceann de na difríochtaí idir an Phléimeannais agus an Ghailge ná an caighdeán láidir a roghnaíodh. I rith an 19ú haois, rinne smaointeoirí na Pléimeannaise neart plé ar cén caighdeán ar cheart a ghlacadh chucu féin. Ós rud é gurbh í an 19ú haois a bhí ann, ní raibh caint ar bith ar gan caighdeán a bheith ann!

Rogha a haon: caighdeán nua a dhéanamh as meascán de chanúintí de chuid Fhlóndrais.

Rogha a dó: Glacadh leis an gcaighdeán a bhí An Isiltír tar éis a chruthú cheana.

Sa deireadh, glacadh le caighdeán na hÍsiltíre. Bhí buntáistí soiléire leis seo—bhí na miliúin daoine ina gcónaí san Ísiltír, a raibh clódóirí, nuachtáin, téacsleabhair, srl., acu cheana. Bheadh an Bheilg in ann tarraingt ar na hacmhainní seo ar fad.

Ag an am céanna, ba dheacra an cinneah seo ná mar a cheapfá. Rinneadh caighdeán na hÍsiltíre as canúintí na móruaisle as cathracha thuaisceart na tíre, ar nós Amsterdam. Bhí an chanúint seo an-éagsúil le canúintí dheisceart na hÍsiltíre, agus bhí sí fiú níos faide ó chanúintí na Beilge. Tá léite agam go bhfuil Pléimeannais na Fraince (a labhraítear i measc na sean-daoine amháin anois) níos éagsúla leis an Ísiltíris ná mar atá an Ísiltíris leis an nGearmáinis! Mar sin, bhí an caighdeán a roghnaíodh don Bheilg i bhfad ó chaint na ndaoine.

Thairis sin, bhí naimhdeas áirithe idir muintir na Ísiltíre agus muintir na Beilge de bharr chogaí an reiligiúin—bhí an Protastúnachas i réim san Ísiltír agus rinne siad leatrom ar na Pléimeannaigh, a bhí ina gCaitlicigh, nuair a bhí an Ísiltír i gceannas ar Fhlóndras ag tús an naoú haois déag.

Mar sin, bhí ar phobal na Pléimeannaise glacadh le caighdeán nach raibh gar dá gcanúint féin, agus ar bhain le pobal a raibh siad in amhras faoi.

Ina ainneoin seo, d’éirigh go geal leis an gcaighdeán nua, go dtí go ndéantar gearán inniu má labhraíonn duine ina gcanúint áitiúil ar an teilifís! Scríobh neart breathnóirí isteach le clamhsán a dhéanamh nuair a chuir Natalia, amhránaí áitiúil mór le rá, Duaiseanna Bliana an Cheoil i láthair ina canúint dhúchasach, Kempen. Ní raibh cuid mhaith den lucht féachana in ann ciall a bhaint as a teanga, agus cheapadar gur masla a bhí ann don phobal mór é, clár náisiúnta a chur i láthair i gcanúint áitiúil.

Cuir an cás seo le hais na Gaeilge. Cé go ndearnadh iarrachtaí caighdeán éigin a chruthú ón naoú haois ar aghaidh—agus cé go raibh caighdeán ann i rith na Meán-aoise—déarfainn féin nach bhfuil caighdeán labhartha ar bith ann.

Thairis sin, déarfainn go gceaptar nach bhfuil dea-Ghaeilge ann murach Gaeilge chanúnach atá ann. Dá bharr sin, d’fhéadfá a rá nach bhfuil Gaeilge ann ar chor ar bith, ach trí mhionteanga bheag, Gaelic, Gaeilge, agus Gaolainn!

Sin ráite, tá na canúintí ar fad ag maolú faoi thionchar na meán, agus faoi thionchar an Bhéarla.

Aon seans go mbeadh an Ghaeilge níos láidre inniu dá dtagadh caighdeán láidir ar an bhfód cúpla glúin ó shin? Ar cheart glacadh le gearáin na ndaoine a deir nach bhfuil Gaeilge an-chanúnach intuigthe? An bhfuil iachall orainn an chumarsáid Ghaeilge a chur roimh ár rogha canúna?

canuinti pleimeannaise

Mórchanúintí na Pléimeannaise

Níos síogach

Tá tugtha faoi deara agam go bhfuil claonadh ag cainteoirí dúchais Chonamara gan infhilleadh a dhéanamh sa breischéim  ar aidiachtaí dár críoch -ach, m.sh. ‘an áit is síogach’ nó ‘tá an t-amhrán sin níos mealltach. Cuirim ceist orm féin amanta, toisc nár tógadh mé féin leis an nGaeilge, ar cheart aithris a dhéanamh ar na nósanna seo cainte?

Tuairimí?

Tá brú oibre millteanach orm faoi láthair agus ní raibh an seans a’m postáil le tamall–brón orm!

 

An Crann Silíní

Thaithnigh an t-amhrán seo, a chuala mé ar Siúlach Scéalach 22 Nollaig 2013, go mór liom go ndearna mé tras-scríobh ar na liricí, atá curtha, in éindí leis an amhrán, ar youtube anois agam. Féach thíos (LEAGAN FEABHSAITHE)

B’as Baile an Chláir, Co. na Gaillimhe, don amhránaí, Mícheál Ó Concheannain, agus tá canúnt inspéise ag an bhfear–déanann ‘crann’ rím nach mór le ‘man’ an Bhéarla mar shampla.  Tá mé in amhras faoi chuid de na focail a scríobh mé síos; sheiceáil mé leagan den amhrán a d’fhoilsigh Dubhghlas de hÍde in Abhráin Diadha ach tá neart difríochtaí idir an dá leagan.  Seo thíos focail an amhráin agus chuir mé cló Iodálach ar na focail éiginnte. B’fhéidir go mbeadh ceartúchán ag duine nó beirt?

***LEAGAN FEABHSAITHE CRUTHAITHE ANOIS AGUS CURTHA SUAS–GRMA!

Trí fichid bliain a bhí Naomh Joseph
Nuair a chuaigh sé ag treorú Mhuire mháthair,
Ó is é a fuair an dán
tá níb fhearr ná an dóthain tí

Ó dhiúltaigh sé don choróin agus don ór
a bhí groí daighe;
Agus b’fhearr leis go mór mór
a bheith le treorú Mhuire mháthair.

Ó lá amháin dá raibh an cúpla
ag dul thríd an ngairdín,
Bhí silíní úra an chrainn uaithe
agus bláth istigh

Chuir Muire ansin dúil
agus a tnúth mór sa láthair
Ón mboladh na n-úllaí
a bhí ansin go cumhraithe ag Ard-Rí.

Ansin a labhair Muire máthair
De chomhrá lag fann,
“Tabhair dom cuid de na torthaí
atá fás ar an gcrann.

Ó tabhair iad do mo ghlacadh,
Mar tá mé lag fann,
Is tá tobar na ngrásta
ag fás in mo bhroinn.”

Ansin a labhair Naomh Joseph,
Ba de chomhrá lag mall,
“Ní domhsa,” a deir sé, “Is córa sin,
Agus ní háil liom do chlann.”

 “Torthaí sin eadrainn, a Naomh Iósaef,
tá tú damn,
dlite mian do chroí a bhaint
glan díreach ón gcrann.”

Ansin a labhair leanbh Íosa
A bhí go naofa faoina broinn,
“Ó ísligh,” a deir sé, “go híseal,
Ina fianaise, a chrainn.”

D’umhlaigh an crann síos di
Ina fianaise gan mhoill,
Nó go bhfuair sí mian a croí istigh
Glan díreach den chrann.

Nuair a chonaic is a chuala Naomh Joseph sin,
Ó chaith sé é féin faoin talamh,
Agus thóir sé an maiteanas ó rí an ghrásta
Faoi go ndearna sé an peaca.

“Téir abhaile,” a deir sé le Naomh Muire,
“Is luigh ar do leaba,
Nó go dté mé go cathair Bheithile
Is go bhfaighe mé maiteanas in mo pheaca.”

“Ní rachaidh mé abhaile,” a deir Naomh Muire,
“Ná ní luífidh mé ar mo leaba,
Tá cuntas agam anois ó rí na ngrásta
Go bhfuil tú táir in do pheaca.”

Trí lá ansin ón lá sin,
Bhí siad ag dul thrí chathair Bheithile,
Ag tóraíocht an lóistín
Ach ní bhfuair siad dún ná roinnt

Nó gur casadh iad insa stáblaín
Nach raibh díon air ná foscadh
Agus gur Rugadh an leanbh Íosa
Ar an bplán agus as ógh.

Trí lá ansin ón lá sin
d’fhiafraigh Muire dá leanbh,
“A leanbh, a mhic mo chroí anois
Céard a dhéanfas muid feasta ó?”

“Beidh muid,” a deir sé, “Dé Céadaoin
. . .”