Cartlanna Clibe: an Ghaeilge

Caighdeán Láidir na Pléimeannaise

Ceann de na difríochtaí idir an Phléimeannais agus an Ghailge ná an caighdeán láidir a roghnaíodh. I rith an 19ú haois, rinne smaointeoirí na Pléimeannaise neart plé ar cén caighdeán ar cheart a ghlacadh chucu féin. Ós rud é gurbh í an 19ú haois a bhí ann, ní raibh caint ar bith ar gan caighdeán a bheith ann!

Rogha a haon: caighdeán nua a dhéanamh as meascán de chanúintí de chuid Fhlóndrais.

Rogha a dó: Glacadh leis an gcaighdeán a bhí An Isiltír tar éis a chruthú cheana.

Sa deireadh, glacadh le caighdeán na hÍsiltíre. Bhí buntáistí soiléire leis seo—bhí na miliúin daoine ina gcónaí san Ísiltír, a raibh clódóirí, nuachtáin, téacsleabhair, srl., acu cheana. Bheadh an Bheilg in ann tarraingt ar na hacmhainní seo ar fad.

Ag an am céanna, ba dheacra an cinneah seo ná mar a cheapfá. Rinneadh caighdeán na hÍsiltíre as canúintí na móruaisle as cathracha thuaisceart na tíre, ar nós Amsterdam. Bhí an chanúint seo an-éagsúil le canúintí dheisceart na hÍsiltíre, agus bhí sí fiú níos faide ó chanúintí na Beilge. Tá léite agam go bhfuil Pléimeannais na Fraince (a labhraítear i measc na sean-daoine amháin anois) níos éagsúla leis an Ísiltíris ná mar atá an Ísiltíris leis an nGearmáinis! Mar sin, bhí an caighdeán a roghnaíodh don Bheilg i bhfad ó chaint na ndaoine.

Thairis sin, bhí naimhdeas áirithe idir muintir na Ísiltíre agus muintir na Beilge de bharr chogaí an reiligiúin—bhí an Protastúnachas i réim san Ísiltír agus rinne siad leatrom ar na Pléimeannaigh, a bhí ina gCaitlicigh, nuair a bhí an Ísiltír i gceannas ar Fhlóndras ag tús an naoú haois déag.

Mar sin, bhí ar phobal na Pléimeannaise glacadh le caighdeán nach raibh gar dá gcanúint féin, agus ar bhain le pobal a raibh siad in amhras faoi.

Ina ainneoin seo, d’éirigh go geal leis an gcaighdeán nua, go dtí go ndéantar gearán inniu má labhraíonn duine ina gcanúint áitiúil ar an teilifís! Scríobh neart breathnóirí isteach le clamhsán a dhéanamh nuair a chuir Natalia, amhránaí áitiúil mór le rá, Duaiseanna Bliana an Cheoil i láthair ina canúint dhúchasach, Kempen. Ní raibh cuid mhaith den lucht féachana in ann ciall a bhaint as a teanga, agus cheapadar gur masla a bhí ann don phobal mór é, clár náisiúnta a chur i láthair i gcanúint áitiúil.

Cuir an cás seo le hais na Gaeilge. Cé go ndearnadh iarrachtaí caighdeán éigin a chruthú ón naoú haois ar aghaidh—agus cé go raibh caighdeán ann i rith na Meán-aoise—déarfainn féin nach bhfuil caighdeán labhartha ar bith ann.

Thairis sin, déarfainn go gceaptar nach bhfuil dea-Ghaeilge ann murach Gaeilge chanúnach atá ann. Dá bharr sin, d’fhéadfá a rá nach bhfuil Gaeilge ann ar chor ar bith, ach trí mhionteanga bheag, Gaelic, Gaeilge, agus Gaolainn!

Sin ráite, tá na canúintí ar fad ag maolú faoi thionchar na meán, agus faoi thionchar an Bhéarla.

Aon seans go mbeadh an Ghaeilge níos láidre inniu dá dtagadh caighdeán láidir ar an bhfód cúpla glúin ó shin? Ar cheart glacadh le gearáin na ndaoine a deir nach bhfuil Gaeilge an-chanúnach intuigthe? An bhfuil iachall orainn an chumarsáid Ghaeilge a chur roimh ár rogha canúna?

canuinti pleimeannaise

Mórchanúintí na Pléimeannaise

Pléimeannais vs. Gaeilge

Rinne an chlann turas sciobtha go Brugge (Bruges), i bhFlóndras na Beilge. Ba í seo an chéad uair dom sa mBeilg agus d’fhoghlaim mé an t-uafás faoi stair, chultúr, agus theanga an cheantair. Caithfidh mé a rá go raibh mé aneolach ar fad ar an tír roimhe seo, agus bhí neart le foghlaim dá réir.

Sular landáil muid I bhFlóndras, cheap mé go raibh an lámh (láidir) in uachtar ag an bhFraincis, agus gur mionlach beag ar an gcósta a bhí i gcainteoirí na Pléimeannaise (‘Flemish’). Ní hamhlaidh ar chor ar bith an scéal. Tá an Phléimeannais á labhairt ar fud thuasiceart iomlán na Beilge anois, agus ní chloisfear focal Fraincise ach ar bheola na dturasóirí.

Ní mar sin a bhí an scéal i gcónaí. Bhíodh an lámh in uachtar ag an bhFraincis le fada i measc an lucht rialaithe; teanga an lucht oibre a bhí sa bPléimeannais. Ar an gcaoi seo, bhí cás na Pléimeannaise beagáinín cosúil le cás na Gaeilge san ochtú haois déag in iarthar na hÉireann. Ach níorbh ionann an dá thodhchaí a bhí in ann do na teangacha—choinnigh an Ghaeilge uirthi ag cúlú, a fhad is chuaigh an Phléimeannais i dtreise.

Cén fáth?

I dtús báire, bhí difríochtaí móra idir na tíortha, ina measc:

  • Bhí móramh mór ag an bPléimeannais ar fud thuaisceart na Beilge, sna cathracha móra ar nós Brugge, Ghent, Antwerp, Brussels san áireamh, cé go raibh cuid mhaith de mhéan-aicme na hÉireann iompaithe ar an mBéarla cheana in iarthar na hÉireann faoi aimsir an ghorta mhóir.
  • Bhí tailte Fhlóndrais níos fearr ná tailte na nGaeltachtaí níos láidre—ní raibh géarghá le himirce i bhFlóndras mar a bhí in Éirinn.
  • Bhí tír réasúnta láidir in aice láimhe a labhraíodh canúint an-ghaolmhar (An Isiltír)

Sin ráite, is díol spéise smaoineamh faoi fhorbairt na Pléimeannaise mar chás mionteanga a tháinig slán.

Pléifidh mé cuid de stair na teanga sna seachtainí romhainn, ach is féidir theacht ar achoimre na staire (i mBéarla) anseo.

oibrithe pleimeannaise Gaeilge