Foclóireachas

Agus Caighdeán Oifigiúil nua le foilsiú gan mórán moille, táthar ag plé ról an Chaighdeáin sin i saol na Gaeilge, mar shampla san alt seo. Cuid den fhadhb ná nach bhfuil foclóir ceart tuairisciúil ann. Is foclóirí saintreoracha ar fad iad na foclóirí a foilsíodh le caoga bliain anuas, cé go bhfuil an teangeolaíocht féin ag cur i bhfad níos mó spéise sa staidéar tuairisciúil seachas sna saintreoracha le ceathracha bliain anuas.

Ach an mbeadh ciall ar bith le foclóir saintreorach agus an Ghaeilge féin chomh lag is atá sí? Baineann fiú an t-alt a luadh thuas leas as an leagan cainte Béarla ‘so what?’ mar spraoi. Dá gcumfaí tuairisc chruinn ar theanga Gaeilgeora ar bith, theastódh glacadh le neart focal Béarla. Ach nach dochar a dhéanfadh a leithéid don Ghaeilge féin. Foclóir a thabharfadh ‘stádas’ éigin do laige na Gaeilge, ní ag láidriú na Gaeilge a bheadh sí. Is iomaí Gaeilgeoir nach dtuigeann an focal nóinín cladaigh. An luíonn sé le réasún dá bharr sin go nglacfaidh muid le sea pink  mar an Ghaeilge cheart ar an mbláth gleoite sin?

Sin ráite, ba cheart stádas a thabhairt do ilghnéitheacht na Gaeilge dúchasaí ó thaobh an fhoclóra agus na gramadaí de. Is é foclóir Dinnenn an foclóir deiridh a thug cuntas ar iliomad foirmeacha na Gaeilge–tugann sé 6 fhoirm den uimhir iolra don fhocal clár mar shampla.

Is teanga sholúbtha í an Ghaeilge agus déantar dochar di nuair nach nglactar leis an ilghnéitheacht atá inti. Déarfainn féin go mbaineann an cathú chun an ilghnéitheacht sin a dhíbirt le himipiriúlachas an Bhéarla agus na mórtheangacha eile, a bhíonns ag brú chaighdeán na príomhchathrach ar na mionphobail go minic.

Seachnaímis an t-impiriúlachas sin inár dteanga thíriúil féin.

 

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Foclóireachas

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s