Na Fotheidil Dhóite

Táthar ag plé na bhfotheideal dóite le deireanas sna meáin; cuir i gcás an t-alt seo as tuairisc.ie: Cuirimis uainn mighty mac an bhéarla, ina maítear go gcuireann na fotheidil Bhéarla as do iarrachta foghlama teanga. Ó thaithí mo chlainne féin, déarfainn go bhfuil an ceart ag an údar–má chuirim clár dúlra TG4 ar siúl do na gasúir is sine (cuireann an mac 10 mbl. an-spéis sa dúlra) tosóidh siad ag léamh na bhfotheideal seachas ag éisteacht leis an nGaeilge, go háirithe más canúint nach bhfuil mórán taithí acu air atá á labhairt. Sa gcás seo, scriosann na fotheidil an deis cleachta teanga amach is amach. Tá sé thar am na fotheidil dhóite seo a dhíbirt.

 

Advertisements

3 fhreagra ar “Na Fotheidil Dhóite

  1. An rud ceannann céanna ag tarlú anseo againne.

  2. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  3. Níl aon náire ar TG4. Bíonn an chuid is mó de na cláracha i mbéarla, cuirtear fotheidil i mbéarla ar an scáileán, deintear na cláracha a fhógairt as béarla, bíonn agallaimh i mbéarla ar chláracha “gaeilge”.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s