Cál ceannann na Samhna

Tá an seimeastar seo do mo choinneáil ag ritheacht timpeall ar nós duine buile–múinteoireacht, ceartúchán páipéar, gnó bainistíochta–agus ansin abhaile liom, áit a bhfuil an chlann do mo choinneáil ar mo léim!

Níl rithim na séasúr ag stadadh, áfach, agus tá Lúnasa imithe agus Samhain tagtha i bhfaiteadh na súl. Tá an chlann réitithe do Oíche Shamhna, a bhuíochas le mo bhean chéile / príomh-tháilliúr na mbréag-riochtaí. Mise a réiteos béile na hoíche áfach.

Ní bheidh muid gan bairín breac agus cál ceannann, go deimhin–dhá bhia a luaitear go minic le hOíche Shamhna. Rinne na gasúir scannán-oideas do bhairín breac cúpla bliain ó shin (anseo), agus tabharfaidh mé nasc do oideas cál ceannann anseo (ar fhaitíos na bhfaitíos):

Cál ceannan (Rabhadh: Béarla!)

Chuala mé go bhfágtaí babhla cál ceannann amach ar an mbord. gan ithe, in áiteanna i dTír Chonaill, le haghaidh mhairbh an teaghlaigh. Nós álainn, i mo thuairim–bealach atá ann cuimhneamh ar na daoine a chuaigh romhainn agus nach bhfuil in ann a bheith linn a thuilleadh. Sílim go nglacfaidh muid an nós sin chugainn féin i mbliana.

Dá mba mhaith leat sean-alt de mo chuid a léamh faoi Oíche Shamhna, seo nasc: nasc

Beannachtaí na Féile dhaoibh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s