Fraocháin roimh Lúnasa

Fraocháin aibí. Pictiúr ó tastethewildblog.co.uk.

Tá na fraocháin réidh le baint ar na cnoic. Sna seanlaetha, bhailítí na fraocháin roimh Lá Lúnasa (nó thart ar an am sin, Domhnach Chrom Dubh nó Garland Sunday mar shampla). Théití suas ar na cnoic ag bailiú na dtorthaí, thugtaí abhaile iad, agus dhéantaí piógaí nó subh astu. Chuir bailiú na bhfraochán tús le baint an fhómhair, agus is minic a dhéantaí lá ceiliúrtha den lá bailithe thuas ar an gcnoc: lastaí tinte cnámh agus dhéanadh buachaillí bráisléid dá ngrá geal.

Creidtí go forleathan nár cheart na fraocháin a bhaint tar éis an lae chirt–bhí mallacht Chrom Dubh orthu. Tá an nós seo cosúil leis a nós a chuir cosc ar bhailiú na sméar dubh tar éis Oíche Shamhna. Sílim, cé nach bhfuil fianaise agam, gur thug an cosc seo seans do mhuintir déirce an cheantair na torthaí déanacha a bhailiú de na sceacha. Bhí dlíthe mar seo I measc na nGiúdach, mar shampla–an fuílleach a bhí fágtha tar éis an chéad bhaint, ní raibh cead ag úinéirí na talún é a ghabháil, le go mbeadh seans ag na bochtáin na barra sin a thógáil.

Tá cúpla lá fanta agaibh le turas beag a thabhairt ar na cnoic ag bailiú na bhfraochán. Níl na fraocháin fhiáne againne I Meiriceá, ach b’fhéidir go ngabhfaidh muid ag bailiú na bhfhraochán mór gorm a fhástar ar na feirmeacha pioc-do-chuid-féin anseo.

Tagann an chuid is mó den eolas seo as an leabhar Irish Wild Plants le Niall Mac Coitir, ar fiú é a bhrabhsáil.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s