I dTír Strainséartha: Léirmheas

An dara leabhar den tsraith iontach.

An dara leabhar den tsraith iontach.

Tá mé díreach tar éis I dTír Strainséartha le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2014) a chríochnú, gur bhaineas an-taitneamh as. Caithfidh mé a admháil go dtaitníonn an seánra seo, ficsean eachtraíochta stairiúil, go hiondúil liom; murab ionann thú féin, b’fhéidir nach mbainfidh tú an sult céanna as. Ach má thaitníonn scéalta Sharpe le Bernard Cornwell leat, taitneoidh an leabhar seo leat. Cuirann I dTír Strainséartha síos ar ógánach de chlann uasal a n-iarradh air litir thábhachtach a bhreith leis as Éirinn go dtí lámha an Niallaigh, atá tar éis teitheadh go dtí an Róimh. Ach tá dreamanna eile ag iarraidh stop a chur leis.

Tá saintréithe agus sainlaigí an tseánra le fáil sa leabhar. Éiríonn go maith leis an údar timpeallacht inchreidte ón seachtú haois déag a chruthú; is féidir cac na gcaiple agus gíoscán na mbuataisí leathair a aireachtáil. Is é Sasana príomhláthair an leabhaair seo, agus déanann Mac Cóill iarracht canúint Bhéarla a chur in iúl thrid an litriú Gaelach: ‘Bhaers góan.’ (218) is breá liom an iarracht, cé nach luíonn an tras-scríobh go maith le fíorchanúint an cheantair go bhfios domsa. Cuirtear fad áirithe leis an leabhar trí eachtraí nach mbaineann leis an bplota mór a chur isteach, ar nós leabhair eile den seánra. Tugann gadaí fogha faoin laoch gan mórán cúis mar shampla. Sin ráite, ní chuirtear an príomhscéal as a riocht riamh agus níor tháinig an cathú orm éirí as an léamh de bharr easpa dul-chun-cinn (mar a tharla domsa le gairid agus mé ag léamh _The Fort_ le Bernard Cornwell).

Seo é an dara leabar sa tsraith; _An Litir_ is ainm don chéad leabhar agus ba cheart tosaí leis sin mara bhfuil sé léite agat.

Ó thaobh na ngasúr de, tá mé ag ceapadh iarracht a dhéanamh na leabhair a léamh os ard dóibh ag am codlata. Beidh orm cúpla sliocht a athrú beagán do lucht éisteachta óg, ach níl na leabhair plódaithe le fuil is caidreamh collaí.

Tá mé ag tnúth leis an chéad leabhar eile!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s