Vótáil

Bitheolaíocht.  Pic ó healtywomen.org

Bitheolaíocht.
Pic ó healtywomen.org

Chonaic mé ar Turas Amháin gurb é an lá inniu (Dé Máirt, 5 Bealtaine 2015) an dáta deireannach le clárú don reifreann. Mara bhfuil tú cláraithe, tapaigh an deis.

Níl vóta ar bith agam féin, ach dá mbeadh vóta agam, bheinn ag vótáil in aghaidh rún an rialtais.

Tá an pósadh ann leis na cianta chun caidreamh seasmhach a chumadh idir fear agus bean chun cabhrú leo clann nua a ghiniúint agus a thógáil. Braitheann todhchaí aon phobail ar na lanúineacha seo a bheireann agus a thógann an chéad ghlúin eile.

An raibh a fhios agat go gcosnóidh gach páiste 314,000 euro ar na tuismitheoirí? Ba  iad na dlíthe pósta, ar nós pinsean na baintrí, a rinne iarracht cuid den chostas seo a íoc ar ais leis na tuismitheoirí seo. Níor cruthaíodh na dlíthe pósta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ngrá, ach chun cabhrú le lanúineacha óga a gcuid páistí a thógáil.

Ba cheart an pósadh sibhialta a fhágáil mar atá, mar sin. Ní choscann sin ar lanúin ar bith a searmanas féin ceiliúrtha grá a eagrú.

Fáilteofar roimh thuairimí éagsúla sna freagraí thíos, ach ní ghlacfar le freagraí a léiríonn an ghráin agus an fuath ar aon dream ar leith.

Advertisements

3 fhreagra ar “Vótáil

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. Is Caitliceach thú.

  3. Aontaím féin leis, agus is iar-Chaitliceach mé.

    Ní ar son na lánúineacha a chuireanns an Stát an pósadh ar fáil. Tá an Stát iná bhun ar son na bpáistí atá siad in ann a bhreith.

    Agus creidim féin go saraíonn a leithéid de ‘phósiacha’ ceartanna daoine eile nuair a chuireann an Stát brú orthu glacadh leo. Tharla sé sin cheana féin sna Stáit a bhfuil ‘gay marraige’ dleathach.

    Céard atá cearr le Civil Unions?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s