Ná bris acht . . .

Aiteann Muire. Thart ar 8cm ar airde

Aiteann Muire. Thart ar 8cm ar airde

Tá an chéad leabhar a d’fhoilsigh Pádraig Ua Maoileoin, Na hAird Ó Thuaidh, idir lámha agam faoi láthair, agus tá mé ag baint suilt as. Cur síos antraipeolaíoch atá ann ar cheantar Dhún Chaoin i rith an chéad leath den fhichiú haois. Ar fud an leabhair, déanann sé trácht ar shean-nósanna a bhíodh coitianta i measc mhuintir an Choma.

Ceann des na sean-nósanna a luann sé a thaitnigh go mór liomsa ná brobh den aiteann Muire a bhaint agus a chur i do chóta le thú a choinneáil ón seachrán dá mbeifeá ag tabhairt aghaidhe ar na sléibhte lá ceoigh.

Taitníonn nósanna mar seo liom toisc go gcothaíonn siad ceangal pearsanta idir an duine agus an dúlra mór-thimpeall air. Nuair a bhíonn leas éigin le baint againn as dúlra ár gcomharsanachta, méadaítear ár meas ar an dúlra sin. Má tá eolas againn ar scéalta na bplandaí, ní fheiceann muid fásra anaithnid, ach “cairde” a bhfuil tuiscint éigin againn orthu.

Bainfidh mé péacán den aiteann Muire an chéad uair eile dom sna sléibhte lá dorcha. Mholfainn an rud céanna duitse—ná  déan acht agus ná bris acht, mar a deireadh muintir an Choma de réir dealraimh.

Lá saor eicínt (nach mbíonn agam na laetha seo!), ba mhaith liom na plandaí ar fad a bhaineanns le Muire a rangú agus a fhiosrú. Luaitear cumhacht nó leigheas ar leith leis na plandaí seo go minic sa seanchas. Coinneoidh aiteann Muire slán ón gceo thú; seamair Mhuire (seamróg a bhfuil ceithre dhuilleog uirthi) a chosnós thú ar chluain draíochta. Tá cáil fós ar allas Muire mar íocshláinte. Ceapadh go forleathan go bhféadfadh coinnle Muire casachtach a leigheas. Bhíodh an Mhaighdean Bheannaithe gnóthach sa nGaeltacht!

Advertisements

3 fhreagra ar “Ná bris acht . . .

  1. Aonghus Ó hAlmhain

    Tá dornán lus le Muire san ainm luaite i bhFlóra Chorca Dhuibhne.

    An smaoineamh liosta a dhéanamh!

  2. _Flora Chorca Dhuibhne_: sin leabhar a thaitneodh linn anseo! Tá liosta le n-áireamh de phlandaí Mhuire le fail in FGB freisin, ar ndóigh.

  3. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s