Trén bhFearann Breac: Léirmheas

trenFaceAn leabhar a léigh mé do Mhí Márta ná Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge le Máirín Nic Eoin (Cois Life 2005). Saothar critice é seo a scagann an chaoi ar thug litríocht na Gaeilge dúshlán a stádais mar mhionteanga i rith an fichiú haois. Pléann Nic Eoin iliomad údar, ó Pheadar Ó Laoghaire go Joe Steve Ó Neachtain agus neart nach iad, agus is í iomadúlacht seo an ábhair ar na tréithe is fearr de chuid an leabhair. Chuir Trén bhFearann Breac faobhar orm údair ar nós Pádraig Ua Maoileoin, a bhfuil trácht cloiste agam orthu ach nár oscail mé a leabhair fós, a léamh. Má tá do liosta léitheoireachta folamh, is fiú blaisín de Trén bhFearann Breac a alpadh siar.

Ar na ceisteanna ba spéisiúla liom a tharraing Nic Eoin anuas ná an tsíorchoimhlint idir caint na ndaoine agus an Ghaeilge liteartha. Tá seantaithí agam ar an téama seo ó aimsir luath an athbheochana, nuair a bhí an Laoghaireach agus de Hindeberg in adharca a chéile. Ach chuir Nic Eoin an cheist seo i láthair an chrióil a labhraítear go forleathan sa nGaeltacht le leathchéad bliain ar a laghad, saghas “Ar mheetáil tú an bas nua?”, “Níl mé in ann é a reacháil,” “I think gur bhreathnaigh mé suas an focal sa dictionary,”  agus mar sin de. Mar a mheabhraíonn Nic Eoin dúinn, is forbairt nádúrtha í seo de bharr stair agus staid imeallach na Gaeilge. Ina tuairim sise, déarfainn, seo í caint nua na ndaoine (na daoine Gaeltachta, ar aon chaoi), agus caithfear an cheist a chur: ar cheart glacadh leis an gcaint seo mar fhoirm liteartha? Mura nglactar, nach baolach go scarfaí an friotal liteartha an iomarca ón ngáthchaint? Agus nach gcaillfeadh an friotal liteartha cuid dá cumhacht dá bharr?

Ní thugann Nic Eoin freagra soiléir ar na ceisteanna sin. Ar ndóigh, ba dheacair freagra sásúil a thabhairt. Agus ba chás le Nic Eoin an cheist a rianú seachas í a fhreagairt.

Mar sin féin, is léir domsa gur botún a bheadh ann caint na nglúnta óga Gaeltachta agus Gaeilge an lae inniu a ionnanú (agus ní dhéanann Nic Eoin an botún seo). Is léir domsa gurbh fhearr trácht ar sheánraí teangan ar leith. Tá caint laethúil na Gaeltachta ann, agus caint fhoirmiúil láithreoirí Raidió na Gaeltachta, agus caint na nGaelscoileanna, caint na leabhar acadúil, caint na litríochta. Nuair a tharraingíonn muid friotal chugainn féin, bíonn orainn i gcónaí sainréim teangan a roghnú, fiú má roghnaíonn muid i ngan fhios dúinn féin í. Cuid de cheird na scríbhneoireachta  is ea é, mar sin, an teanga a mhúnlú ar bhealach ealaíonta a dhéanfas freastal ar mhianta cruthaitheacha an scríbhneora.

I mo thuairim féin, ba bhoichtede an Ghaeilge dá ruaigfeadh muid “an imirce” ar mhaithe leis an emigration, nó dá gcuirfeadh an magpie an snag (míogadán / préachán) breac in éag go deo.

Thairis sin, glacann muid ar fad go toilteanach le scoilt sách mór idir an Béarla scríofa agus canúintí  labhartha an Bhéarla. Feicim féin go minic mic léinn ollscoile nach dtuigeann i gceart focail ar nós tribute, hierarchy, agus pedagogy. Agus tá frásaí ar nós I seen the truck coitianta i gcaint thíriúil Phennsylvania. Ar aidhmeanna na hollscolaíochta tá leathnú a chur le cumas teangan na mac léinn, nó go mbeidh siad in ann sainréimeanna go léir na teanga a láimhseáil go paiteanta—le go mbeidh siad in ann a rogha féin sainréime a dhéanamh go comhfhiosach, bíodh caint na ndaoine nó friotal casta fileata i gceist.

Advertisements

2 fhreagra ar “Trén bhFearann Breac: Léirmheas

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. Leabhar spéisiúil agus léirmheas spéisiúil air. Tá an ceart ar fad agat faoi chúrsaí sainréime. Más buan mo chuimhne, is é sainmhíniú an fhocail sin ná “leagan ar leith a úsáidtear i gcomhthéacs ar leith” nó rud éigin den chineál sin. Mar a deir tú, bíonn an teanga in úsáid I gcuid mhór comhthéacsanna agus tá a lán cineálacha Gaeilge de dhíth orainn do na comhthéascanna sin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s