Gaeilge Chonnacht sa Foclóir

Tréaslaím an tsárobair le lucht déanta focloir.ie. Áis iontach é do dhuine ar bith a bhíonn ag plé leis an bhfocal scríofa. Is iontach na huirlisí iad freisin na taifid fuaime a léiríonn fuaimniú na bhfocal sna trí mhórchanúint.

Cuireann an fhoghraíocht Chonnachtach mearbhall orm amanta, áfach. Níl tuin Chonamara ar chuid de na samplaí. Mar shampla, féach na hiontrálacha ar fonn agus tonn. Go bhfios domsa, deirtear na focail seo ar fud Chonamara ar nós “fún” agus “tún”. Mar a deir Ó Curnáin in The Irish of Iorras Aithneach,

o curnain onn unn

Ach foghraítear fonn agus tonn ar nós “fon” agus “ton” ar focloir.ie.
http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/tune?q=tune
http://www.focloir.ie/ga/dictionary/ei/wave?q=wave#wave__10

Ní dóigh liom gur cainteoirí Chonamara atá ag rá na bhfocal sin. Tháinig foireann focloir.ie romham, áfach:

focloir treoir

Ach, i gConnachta, ní dóigh liom go bhfuil ceantar Gaeltachta ar bith a déarfadh “fon”, ach b’fhéidir iar-thuaisceart Mhaigh Eo (seans go bhfuil dul amú orm). Ach nárbh fhearr Gaeilge an cheantair sin a áireamh mar chuid de chanúintí Uladh? Cinnte, rangaítear Maigh Eo i gCúige Laighean ó thaobh an mhapa de, ach baineann canúintí iar-thuaisceart an chontae le Gaeilge Chúige Uladh theas.

Foghlaimeoir ar bith a bheadh ag iarraidh an fhuaim “tún” a thuiscint ó chomhrá a chualathas ar an raidió, ní thiocfadh sé ar an bhfocal ar foclóir.ie.

Mór an trua.

4 fhreagra ar “Gaeilge Chonnacht sa Foclóir

  1. Deirtear ‘fonn’, ‘tonn’ srl le fuaim cosúil le ‘bun’ i dTuaisceart Chonamara agus i nDeisceart Mhaigh Eo, in Acaill agus in Iorras. Is mar sin a fhuaimnítí na focail sin ar fud Chonnacht tráth den tsaol, seachas i gConamara Theas agus in Árainn. Tá tréithe ‘Conallacha’ le sonrú i nGaeilge Iorrais (deirtear ‘ag anc’ ann, cuir i gcás) ach Gaeilge Chonnachtach í ina dhiaidh sin. Tá cás Acla eisceachtúil – cloistear dhá chineál Gaeilge ann, ceann amháin acu atá níos Ultaí ná an ceann eile. Creidtear gur athlonnaigh Ultaigh in Acaill i ndiaidh dóibh bheith ruaigthe anuas as Cúige Uladh san am a caitheadh agus gurb shin an fáth go gcloistear tuiseal tabharthach na nUltach agus na gConnachtach araon ar an oileán. Ach ó tharla an teanga a bheith i mbaol a báis ar fud cheantracha beaga Gaeltachta Mhaigh Eo, sa lá atá inniu ann, is é an cainteoir a bhfuil Gaeilge Chonamara Theas aige an pór Gaeilgeora is líonmhaire i gConnachta go mór fada.

  2. Ní raibh a fhios agam go raibh ‘fon’ agus a leithéid le fáil chomh fada sin ó dheas le Conamara thuaidh. Mar sin féin, má táthar le leagan samplach de Ghaeilge Chonnacht a thahbairt, nach ‘fún’ a bheadh níos fearr? Seasfaidh an leagan Ultach do fhoghraíocht Mhaigh Eo (don chuid is mó) sna cásanna seo.

  3. Dhéanfadh ceachtar rud an jab, sílim féin – ach aontaím leat gur ‘fún’ srl. is mó a shamhlaítear le Connachta sa lá atá inniu ann mar gurb í canúint Chonamara theas is fearr atá tagtha slán mar theanga phobail.

  4. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

Freagair ollamhollscoile Cealaigh an freagra