Fuist: An cluiche

Fuist a imirt. James Gillray, 1788.

Fuist a imirt. James Gillray, 1788.

Bhí mé ag iarraidh téarmaíocht na gcártaí a mhúineadh do na gasúir, agus bheartaigh mé ar an seanchluiche “fuist” a mhúineadh dóibh. Bhí spéis agam sa bhfuist toisc go luaitear go minic é i litríocht Shasana de chuid an 18ú céad agus an 19ú céad. Tá bunrialacha an chluiche an-simplí—is féidir le gasúr ó aois a sé na rialacha a thuiscint—ach tá scóip ann don imreoir cleachtaithe leas a bhaint as neart straitéise. Thairis sin, is féidir an fuist a úsáid mar chlochán go dtí an beiriste, a bhfuil na bunrialacha céanna aige.

Bunrialacha

Ceathrar a imríonns fuist, duine ar gach taobh de bhord cearnógach. Tá na himreoirí os comhair a chéile ar aon fhoireann le chéile; tá dhá fhoireann mar sin. Dáiltear na cártaí ar fad amach do na himreoirí, ag tosaí leis an té ar thaobh clé duine déanta na gcártaí. Iompaítear thart an cárta deiridh a roinntear (ar le duine déanta na gcártaí é) lena thaispeáint cén dath (suit) a bheas mar mhámh.

Is é an t-imreoir ar thaobh clé duine déanta na gcártaí a thosaíonns an imirt, ag leagan cárta i lár an bhoird. Imrítear go deiseal. Caithfidh gach imreoir dath an chéad chárta a imirt más féidir, go dtí go bhfuil cárta amháin curtha síos ag gach imreoir.  Mara bhfuil an dath ceart ag imreoir, is féidir leis nó léi dath ar bith eile a imirt. An té a leag síos an cárta is airde (Aon, Rí, Banríon, srl.) den dath a imríodh i dtosach a gnóthaíonns an “cúig” (trick) sin, ach amháin má imrítear mámh. I gcás máimh, is é an mámh is airde a bhuanns. Bailíonn an t-imreoir buach na cártaí is cuirtear as imirt iad. Leagann buaiteoir an chúig deiridh síos an chéad chárta eile le tús a chur leis an gcéad chúig eile. Leanann an imirt ar aghaidh nó go bhfuil na cártaí ar fad imeartha.

Scórálann foireann pointe amháin ar gach cúig a ghnóthaigh siad thar sé chúig (e.g. ocht gcúig = 2 phointe). An fhoireann a fhaigheann 5 phointe i dtosach a ghnóthaíonns an “cluiche”.

Ar aon chaoi, má tá ainmneacha na ndathanna dearmadta agat, seo iad: muileata (diamonds), hart (hearts), spéireata (spades), triuf (clubs). Mar shampla: an naoi muileata (the nine of diamonds), an t-aon hairt (the ace of hearts).

Má léann tú an leathanach Wikipedia, feicfidh tú cuid den straitéis a bhaineanns leis an glcuiche. Ní gá gasúir óga a chrá le straitéis, áfach. Is fearr an cluiche a choinneáil simplí.

Cluiche Cúig Fichead

Níl cur amach agam ar an gcluiche cúig fichead, a bhí an-choitianta in Éirinn—b’fhéidir go bhfuil sé fós coitianta? Ach ós rud é go bhfuil cúigeanna i gceist sa gcluiche cúig fichead, sílim go bhféadfaí an fuist a úsáid mar chlochán go dtí an cluiche sin freisin toisc go bhfuil rialacha fuist níos simplí. Bainigí taitneamh as!

Advertisements

2 fhreagra ar “Fuist: An cluiche

  1. Cuimhní cinn! Tá sé blianta ó d’imir mé an cluiche seo, ach thaitin sé go mór liom, mar pháiste, caithfidh mé a rá..:-)

  2. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s