Seanchas na hÉireann do pháistí

Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain

Tulmhaisiú as _Stair-Cheachta_ le hEoghan Ó Neachtain

Tar éis dom Ó Chéitinn go Raiftearaí le Vincent Morley a léamh le deireanas, thosaigh mé ag smaoineamh ar leabhar deas staire do pháistí a aimsiú. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leabhar seanchais a bhaisteadh ar an gcineál leabhair atá mé a chuardach, mar níl mé ag lorg bun-fhirící na staire a chur faoi bhráid na ngasúr, ach gaiscí na sean-laoch agus na bhfinscéalta. Tá leabhar mar seo acu ar stair Shasana: Great Stories from British History le Geraldine McCaughrean agus baineann na gasúir neart taitnimh as. Rianaíonn McCaughrean scéal Shasana ón uair a tháinig Brutus i dtír go dtí an lá inniu. Idir clúdaí an leabhair, tá na scéalta clúiteacha ar fad: Canute ag tabhairt aghaidhe ar an taoide tuile; Bean Uasal Godiva ag marcaíocht ar fud na sráidreanna, srl. Tá lear mór de ghasúir scoile dall ar na scéalta seo anois agus is boichte iad dá bharr—níl cur amach acu ar na scéalta a mhúnlaigh cultúr Shasana leis na céadta blianta. Is cuma nach fíor iad na scéalta—is cineál litríochta iad—cé go bpléann McCaughrean fírinne (nó a malairt) na scéalta i mbosca ar thaobh an leathanaigh.

Mar a léirigh leabhar an Mhorleyaigh, bhí an cineál seo staire á ríomh in Éirinn le ceithre chéad bliain (ar a laghad), agus luaigh na caibidlí deiridh cuid de leabhair an 19ú haois a rinne iarracht an stair seo a chur i nglac ghasúir scoile na linne. Níl a fhios agam a bhfuil  leabhar mar seo fós i gcló, ach cheap mé go dtriailfinn ceann des na seanleabhair: Stair-Cheachta le hEoghan Ó Neachtain (1905). Tá PDF den leabhar ar fáil saor in aisce ó archive.org. Tá léaráid dá chuid le feiceáil thuas. Inseoidh mé daoibh má thaithníonn sé leis na gasúir. An bhfuil cuimhne ag duine ar bith ar leabhar eile mar seo a bhí go maith?

Advertisements

3 fhreagra ar “Seanchas na hÉireann do pháistí

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. Tá sraith iontach scríofa ag Colmán Ó Raghalligh i bhfoirm greannáin . Níl an tsraith cuimsitheach dár ndóigh, ach tá na scéalta atá déanta aige léirithe i bhfoirm thar a bheith nua-aimseartha agus tarraingteach.

  3. GRMA, coc–beidh orm an tsraith sin a fhiosrú. Is maith liom an léaráid clúdaigh atá ar _An Táin_ sin aige.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s