Léirmheas: Ó Chéitinn go Raiftearaí

Ar na rúin athbhliana a rinne mé bhí “leabhar Gaeilge a léamh chuile mhí.” Do Mhí Eanáir, is é an leabhar a roghnaigh mé ná Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann (2011) le Vincent Morley.  Níl an leabhar críochnaithe agam go fóill, toisc gur cuireadh moill ar theacht an leabhair tríd an gcóras iasachtaí idir-leabharlann. Ar aon chaoi, tá a leath léite agam agus tá mé ag baint taitnimh as. Áitíonn an leabhar go gcaithfear litríocht na Gaeilge a iniúchadh má táthar le meon chomhphobal na hÉireann a thuiscint sa tréimhse 1600-1850. Tá mé ar aon fhocal leis sin. Cé nach saineolaí mé ar an tréimhse seo, tá cur amach agam ar chuid mhaith de na húdair a phléanns an Morleyach; mar sin féin, ní dóigh liom gur foláir réamheolas chun an leabhar a thuiscint. Tugann an leabhar éachtaint mhaith ar litríocht pholaitiúil na linne, agus ba thús maith é an leabhar do dhuine ar bith ar mhaith leis nó léi tosaí ag foghlaim faoin ré seo.

Ar ndóigh, tá cúpla mionphointe ann a bhfuil amhras agam fúthu. Mar shampla, déanann an Morleyach comparáid idir líon lámhscríbhinní de Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn agus líon lámhscríbhinní de Tuireamh na hÉireann le Seán Ó Conaill chun a áiteamh gur mó tionchar a bhí ag dán Uí Chonaill toisc gur líonmhaire cóipeanna Tuireamh ná cóipeanna Foras Feasa. Ach níl in Tuireamh ach beagán níos mó ná 400 líne; leabhar téagartha é Foras Feasa. An ceart an dá shaothar a chur i gcomparáid mar seo? Thairis sin, ní áiríonn an Morleyach  lámhscríbhinní Foras mura bhfuil cóip iomlán den saothar iontu. Mar sin, ní chuireann sé san áireamh lámhscríbhinní a bhfuil sleachta den Foras iontu. Ach le tionchar Foras a iniúchadh i gceart ó thaobh líon na lámhscríbhinní, nár cheart chuile lámhscríbhinn a bhfuil cuid de Foras ann a chur san áireamh? Go deimhin, d’fhéadfadh an sliocht as Foras Feasa a bheith níos faide ná Tuireamh na hÉireann féin, agus ní ligfeadh modheolaíocht an Mhorleyaigh an lámhscríbhinn sin san áireamh. Dá ligfí, tá mé ag ceapadh gur ag Foras Feasa na hÉireann a bheadh an bua i gcomórtas na líonmhaireachta.

Thairis sin, níl in Tuireamh den chuid is mó ach liosta de cheannairí na hÉireann; ba dheacair do dhaoine nach mbeadh stair na hÉireann acu cheana mórán céille a bhaint as an dán. A  Ach tá na scéalta féin, na heachtraí a bhain do liosta na gceannairí, le fáil i saothar an Chéitinnigh. Le Tuireamh a thuiscint, caithfidh an t-eolas a chuireann an Céiteannach i láthair a bheith ag  léitheoir Tuireamh na hÉireann cheana.

Ní bhaineann pointí beaga mar seo de thábhacht agus de phléisiúr an leabhair. Is fiú é a léamh.
Leabhar do Mhí Feabhra: An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin.

Advertisements

4 fhreagra ar “Léirmheas: Ó Chéitinn go Raiftearaí

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. Dhírigh Aonghus Ó hAlmhain m’aird ar an alt thuas.

    Seo é an tátal a bhaineas as an gcomparáid idir stair an Chéitinnigh agus ‘Tuireamh na hÉireann’ (féach lch 138):
    ‘Ní hionadh é go bhfuil cóipeanna den dán i bhfad níos líonmhaire ná cóipeanna den stair mar is lú go mór an dua a bhain lena chóipeáil. Ach is suntasach an ní é gur shroich cóipeáil an Foras Feasa a buaic céad bliain go hiomlán roimh an saothar eile. I bhfocail eile, thráigh suim na scríobhaithe i stair Chéitinn céad bliain sular thráigh an tsuim a bhí acu in aiste Sheáin Uí Chonaill.’

    Tá cuntais ar eachtraí stairiúla le fáil ar fud na háite – roinnt acu atá i bhfad níos sine ná stair Chéitinn (‘Cogadh Gaedhel re Gallaibh’, ‘Caithréim Cheallacháin Chaisil’, ‘Caithréim Thordhealbhaigh’, etc.) agus roinnt acu a cumadh níos déanaí (féach caibidil 4 den leabhar). Is é an tábhacht a bhaineann le ‘Tuireamh na hÉireann’ gur chuir an dán sin leagan comhtháite de stair an náisiúin ar fáil i bhfoirm a bhí oiriúnach don phobal i gcoitinne. B’shin rud nár deineadh cheana.

  3. Go raibh maith agat, a Vincent, faoin teachtaireact. Bail ó Dhia ar an obair!

  4. Johnny McAllister

    A chara, Lawrence

    Le scéal fada a dhéanamh gairid, tá mé ar lorg aistriúcháin de ‘Tuireamh na hÉireann’ ach chaith mé achar fada leis an chuardach gan mórán ratha.

    Bheinn fíorbhuíoch díot dá bhféadfá cúnamh a thabhairt dom dá mbeadh eolas ar bith agat faoi aistriúchan ar bith.

    Le dea-mhéin

    Johnny McAllister

    Coláiste Mhig Aoidh
    Ollscoil Uladh
    Doire

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s