Rúin Athbhliana don Ghaeilgeoir

Tá súil agam go raibh lá Nollag den scoth ag chuile léitheoir. Má tá duine ag lorg cúpla rún athbhliana, seo duit trí cinn!

1.Éisteacht leis na meáin Ghaeilge gach lá. Is duine mé ar fearr leis na meáin chlóite, ach ní féidir leis an bhfocal scríofa rithim deas na Gaeilge labhartha a ghabháil chuige féin. I ré an idirlín, is fusa ná riamh rún mar seo a chur i gcrích; is féidir éisteacht le Irish Aniar agus an dinnéar á réiteach!

2. Leabhar Gaeilge a léamh gach mí. I mbeagnach gach teanga, tá an teanga labhartha níos cúinge ná an teanga scríofa ó thaobh an fhoclóra de—is gá plé leis an bhfocal scríofa chun cur le stór na bhfocal. Le nach sleamhnóidh an mhí thart gan an leabhar a roghnú fiú, roghnaítear an leabhar ar an gcéad lá de gach mí. An chéad leabhar den athbliain a léifeas mé féin: Ó Chéitin go Raiftearaí le Vincent Morley.

3. Cinntiú gur focal Gaeilge a labhrófar ar dtús gach maidin. Tús maith le gach lá! Más duine creidmheach thú, tá neart paidreacha dúchais a deirtí ar éirí den leaba, mar shampla:

An Té a thug saor ón oíche sinn go dtuga sé saor sábháilte ón lá sinn, le toil Íosa Críost agus na Maighdine Muire, sinn féin agus a bhfuil againn istigh agus amuigh, thall agus abhus i ngach aon áit ina bhfuil siad. Tabhair saor sábháilte sinn agus a bhfuil againn idir dhuine gus beithíoch.

(http://www.aislingmagazine.com/aislingmagazine/articles/TAM21/Fein.html)

Guím beannachtaí agus síocháin oraibh sa mbliain nua seo:

Amach leis an donas agus isteach leis an sonas,
Ón lá inniu go dtí bliain ón lá inniu.

Advertisements

2 fhreagra ar “Rúin Athbhliana don Ghaeilgeoir

  1. @ Amach leis an donas agus isteach leis an sonas,
    Ón lá inniu go dtí bliain ón lá inniu.

    Go mba hé duit, a chara!

  2. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s