Fuaimrian Gaelach na Nollag

***Rabhadh: Beidh Spotify uait le taitneamh iomlán a bhaint as an ailtín seo. Tá bunleagan Spotify saor in aisce agus tá níos mó ná 30,000,000 amhrán le cloisteáil air, go dleathach. Faigheann na ceoltóirí beagán (fíorbheagán, ar nós raidió) airgid gach uair a sheinntear amhrán dá gcuid. Ní bhfuaireas féin aon airgead ó Spotify leis an eolas seo a scaipeadh!***

Is cuimhneach liom Mairéad Ní Mhaonaigh a rá nach bhfuil mórán amhráin Ghaeilge Nollag ann agus gurbh é an ganntanas seo ba chúis leis an amhrán binn “Soilse na Nollag” a scríobh sise agus a hathair. Chanaidís an t-amhrán ag aifreann meán-oíche i nDún Lúiche.

An t-amhrán aoibhinn agus a stair le cloisteáil anseo ar youtube:

Is mairg nach bhfuil an t-amhrán seo tar éis scaipeadh níos faide ar fud an oileáin.

Chuir smaointe bhean Ní Mhaonaigh ag machnamh mé faoin nganntanas seo. An féidir go mbíodh neart amhráin Nollag ann tráth den saol agus gur imigh siad as stór na n-amhrán coitianta?

Go deimhin, bhí amhráin ar nós an bhailéid idirnáisiúnta “Crann na Silíní” ag Gaeil ag tús na fichiú haoise–seo leagan a scríobh mé féin amach, le cabhair mhór ó @bhriain (twitter) agus MiseÁine. Canúint spéisiúil oirthear na Gaillimhe le clos ar an taifead.

Ar an mbealach céanna, d’fhéadfaí amhráin ar nós “Seacht Suáilcí na Maighdine Muire” a áireamh mar amhráin Nollag—pléann siad breith Íosa mar chuid den amhrán, agus bhí traidisiún ann bás Íosa a fheiceáil i mbronntanais na dtrí rí.

 

Thairis sin, tá stór mór amhráin Nollag ag Gaeil na hAlban. Tá an saibhreas seo le blaiseadh ar Duan Nollaig, albam de chuid Fiona Mackenzie, a eisíodh in 2007 agus atá ar fáil ar Spotify. Dlúthdhiosca dúbailte atá ann—35 amhrán Nollag as Gaeilge na hAlban. Aistríodh cuid acu ó leaganacha idirnáisúnta go deimhin, cuir i gcás “Fada cian ann an stàball” (“I bhfad i gcéin sa stábla”) ó “Away in a Manger”. Ach deir Fiona liom gur as traidisiún dílis na nGael a thaganns ar a laghad naoi gcinn de na hamhráin, ina measc leagan de “Seacht Suáilcí”: “Aoibhneas Mhóire Mhín”.

 

Ní saineolaí ar na hamhráin mé agus chuile sheans go gcantaí amhráin eile de liosta traidisiúnta Fhiona ar an taobh thiar de Shruth na Maoile tráth: “Leanabh an Àigh”, “Iesum Dominum”, “Tàladh Chriosda”, “Duan Nollaig”, “Nuair dh`éirich grian na fìreantachd”, “Òran na Bliadhn’ Ùir”, “Righ na Righrean”, “Laoidh Mhoire Mhaighdeann”. An aithníonn duine ar bith ceann díobh seo?

Baineann scéalta suimiúla le neart de na hamhráin seo. Deir nótaí an albaim mar shampla go gcanadh grúpaí fear “Duan Nollaig” ó theach go teach mar mhalairt ar bhonnógaí a chuirtí amach na fuinneoga dóibh. Cuireann seo nósanna an dreoilín i gcuimhne dom féin.

 

Is sagart paróiste Èirisgeith, Rev. MacDonald, a chum “Tàladh Chriosda” thart ar 1900 agus cantar an t-amhrán go fóill ag aifreann meán-oíche in Uibhist, i mBarra, agus in Èirisgeigh féin. Sin é Stille Nacht ceart na hAlban.

 

Níl Gaeil na hAlban éirithe as an gcumadóireacht ach oiread. D’fhéadfadh stéibheanna cheol tíre “An Rionnag” teacht amach as béal na nAncairí.

 

B’fhurasta cuid mhaith de na hamhráin a réiteach do Ghaeilge na hÉireann. Cuir i gcás “A Rì nan Rìghean”.

Gaeilge na hAlban:

A Rìgh nan Rìghean, mo Rìgh na phàisde, San fhrasaich ìseal, ri taobh a mhàthar, Moire mhìn, le guth-cinn ga thàladh, An teaghlach naomh sin a shaor gach nàisean.

As Gaeilge na hÉireann:

A Rí na ríthe, mo Rí ina pháiste, Sa mainséar íseal, le taobh a mháthar, Muire mhín, le guth binn á mhealladh, An teaghlach naofa a shaor gach náisiún.

Nach fearrde muid amhráin ár gcomhGhael a tharraingt chugainn féin? Ní dóigh liom gur fiú Gaeilge a bhrú ar Wenceslas bocht, pace Úna Ní Bhuachalla.

 

Duan Nollag le fáil ó na gnáthshiopaí. Bronntanas deas don Ghaeilgeoir ceolmhar ar do liosta. Tá nótaí an albaim an-spéisiúil agus is féidir teacht ar na liricí anseo.

Nó déan liosta seinnte Spotify di in éindí le An Irish Christmas Soundscape le Séamas Begley agus Oisín Mac Diarmada, A Gaelic Christmas le Mary McLaughlin agus corramhrán eile—trí uair an chloig de cheol Gaelach Nollag gan fiú is trácht amháin ar “Bualadh Bos”. Sin féirín beag duit féin.

Seo dhaoibh mo fhuaimrian féin:

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s