Léigh sa Bhaile: Léirmheas

Leathanach Samplach: _Léigh sa Bhaile: Leabhar C_

Leathanach Samplach: _Léigh sa Bhaile: Leabhar C_

Bím i gcónaí ag lorg acmhainní nua a chabhrós liom an Ghaeilge a chur chun cinn sa teaghlach (mar brúnn an Béarla isteach go húdarásach, is oth liom a rá). Fuair mé beartán deas nua ó litríocht.com, bail ó Dhia orthu, agus ceann des na leabhair a cheannaigh mé ná Léigh sa Bhaile (Leabhar C), arna fhoilsiú ag CJFallon. De réir phoiblíocht an leabhair, ba cheart don ghasúr leathanach amháin a léamh gach oíche agus ansin an t-ábhar a phlé leis an múinteoir an lá dár gcionn. Agus muid ar an gcoigríoch, agus na gasúir ar scoil sa mbaile, is mise an múinteoir!

Tá an leabhar dírithe ar mhic léinn nach bhfuil Gaeilge acu ón mbaile, déarfainn, mar tá foclóirín ag bun gach leathanaigh agus aistrítear na ceisteanna go Béarla, ar fhaitíos na míthuisceana, is dócha. Mar sin féin, sílim go mbainfidh muide tairbhe as mar, cé nach bhfuil gá ag na gasúir leis an bhfoclóirín, déanfaidh an cleachtadh rialta léimh maitheas dóibh agus cuirfidh na ceisteanna ag caint i nGaeilge iad.

Agus sin é go díreach an rud a bhí uaim–ábhar cainte nua gach lá agus seisiún cainte i nGaeilge. Marach é, is ró-fhurasta dom gan na gasúir a spreagadh chun cainte as Gaeilge agus fágtar mise ag labhairt na Gaeilge leo agus iad ag spalpadh Béarla liomsa.

Mheall éagsúlacht ealaíne an leabhair na gasúir ar fad.

Mheall éagsúlacht ealaíne an leabhair na gasúir ar fad.

Mheall éagsúlacht ealaíne an leabhair na gasúir ar fad. Tá dearadh proifisiúnta ar an leabhar agus réimse leathan stíleanna ealaíne. Nuair a tháinig an beartán, seo é an leabhar saothair is mó a chuir na gasúir spéis ann, mar thoradh ar an ealaín mhealltach.

Tá claonadh beag ann i dtreo Ghaeilge na Mumhan agus / nó Gaeilge na Scoile agus / nó Gaeilge neamh-fhoirmiúil. Mar shampla, deirtar ‘Cad is ainm duit?’, agus baintear leas as ‘clann’ le ‘teaghlach’ a chur in iúl. Ní constaicí móra iad a leithéidí.

Tá leabhar C beagáinín ró-éasca do mo mhac 8 mbliana d’aois, ach feileann sé go maith do mo chailín 7 mbliana, a bhfuil a Gaeilge sise níos teirce ná Gaeilge a deartháir.

Tá na ceisteanna áisiúil fós do mo iníon 4 bliana d’aois, ar deacair di abairt iomlán Gaeilge a chur le chéile (i gcomórtas leis an sruth Béarla a éalaíonns aisti gan stad . . .)

Mura bhfuil an leabhar agaibh ón scoil cheana, mholfainn daoibh é. Tá leibhéil ann do gach rang bunscoile ó rang a haon go rang a sé (cé nach bhfuil ach Leabhair A, B agus C foilsithe go nuige seo).

Léigí libh!

 

Advertisements

3 fhreagra ar “Léigh sa Bhaile: Léirmheas

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. Tá comharsana agam a bhfuil triúr páistí acu. Is Seapáiniseoir ó dhúchas an mháthair. Níl ach beagán Seapáinise ag a fear céile. Labhraíonn sí Seapáinis go rialta leis na páistí, agus labhraíonn an triúr acu Seapáinis lena a chéile de ghnáth. Tá an duine is sine díobh 12 bl d’aois anois, téann sé go scoil lán-Bhéarla, ach fós féin, labhraíonn sé S lena dheirfiúracha. Is ionadh liom an toradh seo, agus admhaíonn na tuismitheoirí gur ionadh leosan é freisin, ach tarlaíonn a leithéid! Ní mar sin a thiteann sé amach go minic.

    • Iontach–go háirithe ós rud é go labhraíonn na páistí an tSeapáinis le chéile. Tá beagán taidhge ann a léiríonn go bhfuil níos mó tionchair ag teanga na máthar ná teanga an athar ar leanaí óga–scríobhas alt faoi thaighde a rinneadh sa mBreatain Bheag ar an ábhar cúpla bliain ó shin. Thairis sin, sílim gur minic nach nglacann muintir na hÁise ar chor ar bith leis an mBéarla óna ngasúir. Sin an chomhairle a fuair mise ó thuismitheoirí Gaelacha eile a d’éirigh leo na gasúir a chur ag caint (seachas ag éisteacht)–ní raibh an croí riamh ionam sin a dhéanamh áfach. Tá mé beagáinín bog orthu, sílim. Ar aon chaoi, b’fhéidir go mbeadh spéis agat ailtín don bhlag seo a scríobh faoin teaghlach sin? Ar nós staidéar cás ar leith? Níl aon iachall ort, go deimhin, ach bheadh sé spéisiúil . . .

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s