Cé a ghoid uainn biachlár na Gaeilge?

Tá a fhios a'm nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. !

Tá a fhios a’m nach bia dúchais iad na fataí, na trátaí, srl. !

Ó am go chéile, bhreathnaím ar Ó Cuisine ar TG4 nuair a bhím ag lorg inspioráid nua d’obair na cistine. Ní minic a réitím na béilteacha a fheicim, ach cuireann an seó ag smaoineamh mé faoi chomhábhair nár bhain mé leas astu le tamall.

Ach ní ar an mbia ba mhaith liom trácht a dhéanamh ach ar stór na bhfocal. Chreidfeadh duine ar bith a d’fheicfeach na cláracha seo gurb iad na Sasanaigh a thug gach cineál bia isteach go hÉirinn leo. Is beag aoi-chócaire ann a bhfuil an focal cuí Gaeilge aige nó aici ar na comh-ábhair is simplí.

Tuigim don chainteoir má chaithfear ruainne beag taragon a chaitheamh isteach sa mias. Ach bhí bean as Corca Dhuibhne ag plé le raspberries agus prawns an lá eile. An amhlaidh nár chuala sí riamh ‘sú craobh’ ná ‘cloicheáin’ mar fhocail? An amhlaidh nach raibh a fhios aici roimh ré cé na comhábhair a bheadh sí a úsáid ar an seó? An amhlaidh nach bhfuil foclóir ar bith saor-in-aisce ar líne?

Tá buachaill bocht ar an gclár anois (agus mé ag éisteacht leis ar an seinnteoir) agus é ag caint faoi leeks. ‘Cainneanna’, a mhac.  Agus anois tá sé chun milseog le rhubarb a réiteach. Bail ó Dhia ar an láithreoir, Pádraig  Ó Sé, a fhreagraíonn le ‘Is maith liom biabhóg’, ach tá blas an cheachta teangan ar an gcomhrá dá bharr.

Is léir gur scoth na gcócairí iad seo agus go bhfuil Gaeilge nádurtha acu, ach cheapfaí nár ith Gael creamh nó gur thug na Sasanaigh wild garlic dóibh.

Éirígí as! Foghlaimígí na focail chearta Ghaeilge ó Phádraig roimh an seó, agus cleachtaigí iad! Dá mba mhaith leat ‘na prawns, na cloicheáin’ a rá an chéad uair a luann tú iad le go dtuigfidh luct Tesco thú, maith go leor, ach cloígh ansin leis an bhfocal ceart.

A Ghael-chócairí an domhain, ná ligigí Gaeilge ár mbia le sruth an Bhéarla!

Advertisements

4 fhreagra ar “Cé a ghoid uainn biachlár na Gaeilge?

  1. Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

  2. Nil an focal cloichean coitianta. Nior chuala sa chaint é agus ní fhaca é ar bhia chláir na Gaeltachta cé go raibh ceann sa Ghalltacht. Go bunúsach ni focal é a bhíonn ag Moran ach ta an cur chuige ina luaitear an da fhocal an chéad uair le moladh cinnte
    .

  3. aontaím go h-iomlán leat ach cogar, uaireanta bionn sé deacair gach rud a rá i gceart agus tú faoi bhrú ar an dteilifís 😦

  4. Eoin Ó: tuigim nach bhfuil cuid de na focail coitianta, agus tuigim go síleann cuid de mhuintir na Gaeltachta go bhfuil blas na leabhar ar na focail Ghaeilge sin dá bharr. Ach, ar ndóigh, cúngófar stór focal na Gaeilge coitianta a thuilleadh mara ndéanann muid ar fad iarracht.
    Eoin M: an ceart agat, go deimhin. Ach feictear domsa nach ndéanann cuid de na cócairí iarracht na focail neamh-choitianta a fhoghlaim ar chor ar bith. Bíonn siad ag tabhairt aire don chócaireacht, go deimhin! Ach ba chóir do TG4 beagán traenáil teanga a chur orthu roimh an seó le dul i dtaithí ar an sain-fhoclóir cuí (b’fhéidir go ndéantar seo cheana?)

    Go raibh maith agaibh as na freagraí! Is deas tuairimí eile a chloisteáil!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s