Glaoch an choiligh

Léim, ó am go ham, ceisteanna ar an idirlíon faoi ghlaochanna traidisiúnta na n-ainmhithe i nGaeilge. Is léir go bhfuil fuaimeanna na n-ainmhithe Béarla (e.g. coc-a-dúdal-dú) coitianta anois, ach cuirtear an cheist an raibh Gaeilge ar leith ag na hainmhithe anallód, sula ndearnadh cainteoirí Béarla díobh, más ea!

Tá mé ag ceapadh gur chuir na Gaeil níos mó spéis sna bealaí le hainmhithe a mhealladh (tioc! tioc!; suc, suc; srl.) ná sna glaochanna a dhéanadh na hainmhithe féin.

Mar sin féin, d’insíodh Bab Feiritéar scéal faoi ghlaoch an choiligh. Seo thíos an achoimre:

Nuair a céasadh agus a cuireadh an Slánaitheoir, cuireadh garda os cionn a thuama, agus bhíodh buíonta saighdiúirí ag déanamh uainíochta ar a chéile. Ar an dara hoíche, tar éis do bhuíon nua ag teacht go dtí an tuama, chuaigh na saighdiúirí a raibh scíth acu isteach i dteach a bhí ag bun an chnoic. Bhí éan sicín coiligh á bheiriú ag seanduine istigh ann.

D’fhiafraigh an seanduine de na saighdiúirí, “Aon seans go n-éireoidh Sé?”

D’fhreagair na saighdiúirí: “Tá níos mó seans ar éirí ag an gcoileach sin atá á bheiriú, ná mar atá ag Íosa.” Ar an bpointe sin, d’éirigh an coileach aníos ón bpota agus scairt sé: “Mac na hÓighe Slán, Mac na hÓighe Slán!” D’fhill na saighdiúirí ar an tuama, Bhí an tuama ar oscailt agus na saighdiúirí eile ina gcodladh.

Ón uair sin, tá an-mheas ar an gcoileach, agus díbríonn a ghlaoch–‘Mac na hÓighe Slán’–na hainsprideanna agus an t-aos án.

Is léir mar sin gurb é ‘Mac na hÓighe Slán’ glaoch traidisiúnta an choiligh–i nDún Chaoin ar aon chaoi.

Tá an scéal le fail in Coiglímis an Tine; leabhar le dhá dhlúthdhiosca.

Advertisements

2 fhreagra ar “Glaoch an choiligh

  1. Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

  2. Chuala mé an scéal cheana.
    Thaitin sé liom agus is deas é a léamh arís.
    Seo Gaeilge na n-Ainmhithe ☺
    http://ancroiait.wordpress.com/2014/02/09/195-gaeilge-na-nainmhithe/

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s