Rudaí le déanamh thart ar Dhún Chaoin

Ag caint ar Dhún Chaoin dhúinn, seo cuid de na rudaí a rinne muid agus a mholfainn do dhuine ar bith ag dul siar ó dheas an samhradh seo:

Músaem Chorca Dhuibhne: Eolas ar stair an cheantair, bileoga deasa faisnéise as Gaeilge. Áit mhaith le stopadh ag tús do ama sa gceantar.

Turas Báid le Marine Eco Tours: Gaeilge bhreá ar an gcaptaen, Mick Sheeran. Luascfaidh an bád mura an fharraige ina clár; is fiú na piollaí frith-ghalar gluaiseachta a thógáil. Tá spéis again san éanlaith agus chonaic muid neart éanacha nach bhfuil coitianta in East Anglia.

Siúlóidí, ar nós Cosán na Naomh: Rinne muid píosaí beaga den tsiúlóid seo. Tá an ceantar ar fad breac le siúlóidí deasa–ceannaigh an mapa suirbhéireacht ordanáis.

Pionta a ól Tigh Kruger.

Snámh ag an iliomad tránna!

Uisceadán an Daingin. Tá an t-ainm neamhghramadúil “Mara Beo” ar an áit seo, ach tá sé níos mó taobh istigh ná mar a cheapfá ón taobh amuigh. Is fiú cuairt a thabhairt ar an áit tráthnóna fada báistí.

Ceantar álainn é Dún Chaoin agus tá rún agam filleadh ar an gceantar.

 

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Rudaí le déanamh thart ar Dhún Chaoin

  1. Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s