Daingean gan chúis

Cúpla seachtain roimh an gCáisc, thug muid aghaidh mar chlann ar Iarthar Chorca Dhuibhne. D’fhan muid i dteach feiliúnach a ligeann bean dheas as an gceantar agus bhain muid taitneamh mór as an tseachtain. Ní raibh muid riamh i nGaeltacht Chiarraí roimhe sei–bím féin ag dul siar go Conamara go hiondúil–ach sílim gur mhaith an mhaise do na gasúir canúint na Mumhan a chloisteáil agus tamall a chaitheamh i gceantar labhartha Gaeilge.

Níor thuig mé roimh an gcuairt go díreach cé chomh beag is atá an Ghaeltacht i gCiarraí. Chuir sé díomá orm nach raibh muid in ann an tsiopadóireacht a dhéanamh sa Daingean trí Ghaeilge. B’fhéidir go mbeadh eolas agat ar na siopaí cuí dá mbeifeá i do chónaí ann, ach níor labhair ach siopadóir amháin Gaeilge ar bith. Fear óg amháin, thuig sé Gaeilge ach Béarla a thagadh as a bhéal. Bhí mé ag súil le háit ar nós an Spidéil, ach bhí sé níos cosúla le Cathair an Gaillimhe (nó níos measa fiú).

Sin ráite, cúpla duine a chuala muid ag Gaeilgeoireacht, bhuail siad bleid ar na gasúir i nGaeilge–féir plé dóibh!

 

Advertisements

4 fhreagra ar “Daingean gan chúis

  1. Bhí díomá orm an chéad uair a chuaigh mé isteach sa Chafé Liteartha tuairim is 13 bliana ó shin. Ainm Gaeilge + cúpla leabhar agus sin an méid.

  2. Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

  3. Chuas isteach ann (Caife Liteartha). Bhí réimse mhór leabhar acu ar díol–bhí an buiséad leabhar caite agam cheana, so níor fhan mé ann i bhfad. 😦

  4. Ping: Rudaí le déanamh thart ar Dhún Chaoin | gasuirlegaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s