Gramadach na Gaeilge i mBéarla

Chuaigh muid amach ag spaisteoireacht i ndiaidh an dinnéir inniu, d’ainneoin na báistí. Bhí muid ag trasnú pháirc na sráidbhaile, ag teannadh leis an mbóthar mór, agus thosaigh an ghirseach 4 bl. d’aois ag rá (i  mBéarla) go raibh sí ag iarraidh dhul ar ais. D’fhreagair mé (i nGaeilge) go gcasfadh muid siar nuair a bhain muid an bóthar mór amach. D’fhreagair sí féin: “I can’t wait til we get to the road big.”

Ní minic a bhíonns siad ag baint leasa as gramadach na Gaeilge ina gcuid Béarla, ach taitníonn sé liom nuair a tharlaíonns sé.

Advertisements

4 fhreagra ar “Gramadach na Gaeilge i mBéarla

  1. Taitníonn sé liomsa, freisin..:-)

  2. Agus an scéal céanna agamsa abhus anseo sa Pholainn. Táimid ag tógáil ár mic go trítheangach (an Pholainnis ag gach duine thart timpeall air, agus mise ag labhairt Béarla leis leath den tseachtain, agus an Ghaeilge an leath eile) agus is minic comhraite trítheangacha agam leisean. Meascann sé na gramadacha éagsúla ar a chéile chomh maith, agus cloisim leithéidí: ‘sú deoch’, ‘mór poll’ (gramadach na P agus an Bh ar an nG) nó ‘Ja chce [Ba mhaith liom] breakfast eat’ (gramadach na G. ar an mB :-)) Is aoibhinn liom a leithéidí, leis! Nílim ag súil leis an am a mbeidh gach rud sa cheart aige 🙂

  3. Tá an chaint mheasctha taitneamhach, go deimhin. D’imigh an cineál sin cainte ón mbeirt is sine go réasúnta sciobtha, faoi bhrú uile-ghabhálach an Bhéarla. Mar sin féin, cuireann sé iontas orm gur éirigh leo mar sin féin bunghramadach na Gaeilge a shú isteach gan mórán stró, ainneoin an Bhéarla.

  4. Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s