Níos síogach

Tá tugtha faoi deara agam go bhfuil claonadh ag cainteoirí dúchais Chonamara gan infhilleadh a dhéanamh sa breischéim  ar aidiachtaí dár críoch -ach, m.sh. ‘an áit is síogach’ nó ‘tá an t-amhrán sin níos mealltach. Cuirim ceist orm féin amanta, toisc nár tógadh mé féin leis an nGaeilge, ar cheart aithris a dhéanamh ar na nósanna seo cainte?

Tuairimí?

Tá brú oibre millteanach orm faoi láthair agus ní raibh an seans a’m postáil le tamall–brón orm!

 

Advertisements

9 bhfreagra ar “Níos síogach

  1. Gaeilge a chodail amú! Ack.

  2. Bainim úsáid as an mbreischéim i gcónaí..:-)

  3. Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

  4. Is cosúil go bhfuil an nós sin ann le fada cheana, ó atá sé ag de Bhaldraithe i nGaeilge Chois Fhairrge:

    http://i.imgur.com/NHQTG5P.png

    • P.S. Ní dóigh liom go bhfuil an litriú ceart ar an bhfocal “ˈfa:dˌv′æ:ɴiəx fad-bhreathnaitheach” ag de Bhaldraithe. Sílim gurbh fhearr ⟨fad-bhreathnaíoch⟩ a scríobh, nó ⟨fad-bhreathnaidheach⟩ sa seanlitriú…

  5. Ba chóir dom Gaeilge Chois Fharraige agus An Teanga Bheo, srl., s cheannach.
    Áine–fair play dhuit! Coinneoidh mé an bhreischéim ach cuirim spéis sna bealaí a bhfuil an teanga ag athrú.

  6. fad-bhreathnaitheach–tá mé ag ceapadh go coinnítear an /h/ taobh amuigh de Chois Fharraige?

    • Bhuel tá cupla bealach le haidiacht a dhéanamh de bhriathar, e.g., {–í} (≻ {–idhe}) a chur le fréimh an bhriathair féin, agus {–the} (iarmhír na haidiachta briathartha) a chur le tamhan na dara pearsan uatha den bhriathar. Cf. cruthaíocht (≻ ⟨cruthaidheacht⟩) agus cruthaitheacht (≻ ⟨cruthuightheacht⟩) a bhfuil iarmhír an ainmfhocail theibí curtha freisin leo.

      Tá a fhios agam féin nach n-airíonn muintir Chonamara go bhfuil sé nádúrtha athrú na breischéime a chur ar fhocal mar “eacnamaíoch,” .i. ⟨níos eacnamaíche⟩ sa gCaighdeán. Tá mé ag ceapadh gurb é an seanchoimriú is údar do choinneáil {–che} sa gCaighdeán, .i. *⟨eacnamaidheach⟩, *⟨eacnamaidhche⟩, *⟨fadbhreathnaidheach⟩, *⟨fadbhreathnaidhche⟩, ⁊rl., marab ionann agus ⟨*fadbhreathnuightheach⟩, *⟨fadbhreathnuighthighe⟩…

      B’fhéidir go bhfuil baint ag an seanchoimriú úd leis an gclaonadh seo gan athrú a chur ar a leithéide d’iarmhír aidiachtach, agus b’fhéidir eile nach bhfuil… Ar ndóigh, ní hé an cineál sin aidiachta atá sna samplaí a thug tú san alt thuas ar chaoi ar bith, ach ní chuirfeadh sé lá iontais orm má tá an nós sin chomh sean céanna, nó ionann is. Tá athrú taghta ar iarmhír na breischéime sa mBéarla freisin: is iondúil nach gcuirtear {–er} anois ach le haidiachtaí aonsiollacha nó déshiollacha; cuirtear {more} roimh an aidiacht ina leaba sin sna cásanna eile. Tá leithéide “tuilleadh sean,” ⁊rl, coitianta go maith i gcuid mhaith canúintí freisin, dar leis na leabhra canúna atá léite agam féin. Cf. {plus X} i bhFraincis, {más X} i Spáinnis, ⁊rl…

      • An-suimiúil–níor thug mé ”tuilleadh sean” nó a leithéid faoi deara fós, ach chreidfinn é. Sílim go bhfuil an ceart agat ó thaobh an choimriú de, go deimhin. Ar ndóigh, tá díochlaonadh na n-aidiachtaí (is na n-ainmfhocal) go léir ag imeacht as de réir a chéile.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s