Fáilte roimh an scadán

Scadán leasaithe (wikipedia)

Scadán leasaithe
(wikipedia)

Seo dán beag ón séú haois déag a chuireanns fáilte roimh an scadán, aimsir an charghais. Is as an leabhar breá Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil II (le Breandán Ó Doiblin) an sliocht:

 

“Mochean do theacht, a scadáin!   (mochean = is é do bheatha)
Druid liom, a dhaltáin uasail;
Do chéad beatha a’s do shláinte!
Do thuillis fáilte uaimse.

Dar anam d’athar, a scadáin,
Cé maith bradáin na Bóinne,
Is duit labhras an duan seo,
Ós tú is uaisle a’s is óige.

A fhir is comhghlan colainn,
Nach ndéanann cumann bréige,
Cara mar tú ní bhfuaireas;
Ná biam suarach le chéile.              (biam = bímis)

Dá bhféachfadh uaisle Banbha
Cé is mó tairbhe den triúr seo,
Iasc is uaisle ná an scadán,
Idir bradán a’s liúsa.              (liúsa = iasc fada fíochmhar a d’ití go coitianta fadó)

A’s é ar fhéachaint gach cósta
Go críoch bhóchna na Gréige          (bóchna = focal fileata ar an bhfarraige)
Iasc is uaisle ná an scadán
Ní bhfuair Conán Chinn-shléibhe.          (Conán = duine as an bhfiannaíocht)

A scadáin shéimh shúgaigh,
A chin chumhdaigh an Charghais,
A mhic ghrá, mo chara,
Liom is fada go dtáingis.

Cé mór a thit anuraidh
De d’ ghaol bunaidh fán mhéis seo,
Ná cuimhnigh fíoch ná fala
Ós tú cara na cléire.

A scadáin shailltigh shoilbhir,
Nach mbíonn go doilbhir dúnta,
Liomsa do theacht ní hanait;          (anait = míthaithneamhach, neamh-ait)
Súil ar charaid an tsúil seo.

I dtús an Charghais chéasta,
A fhir le a ndéantar comhól,
Ortsa go teacht na Cásca,
Is mór mo ghrása a’s is rómhór.”

Mar a mheabhraíonn alt seo an Guardian dúinn, is bia sláintiúil é an scadán. lán de vitamín D agus de omega-3. Is breá le mo ghasúir féin an scadán leasaithe ar shlisne tósta am lóin. Mura bhfuil taithí agat ar an scadán, b’fhéidir gurb é an Carghas seo an t-am ceart le haithne a chur air?

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Fáilte roimh an scadán

  1. Athbhlagáladh é seo ar An Tuairisceoir.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s