Rásaí Curach: Cluiche

Paul Henry

Paul Henry

Seo cluiche simplí a chruthaigh mé do na gasúir. D’imir muid é cúpla babhta agus baineann siad neart taitnimh as. Is deas an rud é na curachaí origami a úsáid sa gcluiche seo. Thug mé faoi deara go ndéanann an cúrsa Gaeilge Séideán Sí: Rang a Dó trácht ar rástaí curach–b’fhurasta an cluiche seo a dhéanamh mar chuid den churaclam!

Seo iad na rialacha in PDF, ach scríobhas síos iad anseo freisin–féach thíos. Bainigí taitneamh as!

 

Rástaí Currach: Cluiche

Ábhar Riachtanach

Dísle
Cártaí imeartha (cártaí ríoga curtha ar leataobh)
Rialóir nó a leithéid (úsáideann muid blocanna beaga)
Báid bheaga, ar nós curachaí páipéir (cuardaigh youtube: “curach páipéir”)

Bunrialacha

1. Leagtar amach an ráschúrsa. Déan cinnte de go bhfuil líne thosaithe, ceann sprice, agus casadh amháin (ar a laghad) sa gcúrsa. Féach Figiúr 1 in pdf.

2. Cuirtear na curachaí ag an line thosaithe—is féidir dísle a chaitheamh más gá le cinneadh a dhéanamh cé a chuirfeas a churrach féin síos i dtosach. Beidh buntáiste ag an mbád atá níos giorra don chéad chasadh.

3. Tugtar trí chárta imeartha do gach imreoir.

4. Ar a sheal, caitheann an t-imreoir an dísle.

5. Úsáideann an t-imreoir a rogha uimhir—an uimhir ar an dísle nó an uimhir ar cheann de chártaí sin aige—leis an gcurach a bhogadh chun tosaigh nó i leith an chliatháin, chomh fada leis an uimhir roghnaithe (nó go mbuaileann an churach faoi chonstaic nó faoi bhád eile). Féach Figiúir 2 agus 3 in pdf. Má tá an churach ag bogadh don leataobh, is féidir leis an imreoir a roghnú an ar deis nó ar clé a bhogfas an churach.

6. Ansin, caithfidh an bád an ghluaiseacht nach ndearnadh i gCéim 5 thuas a dhéanamh. Sin é, má bhog an churach chun tosaigh i gCéim 5, gabhfaidh an churach don leataobh anois. Úsáideann an t-imreoir an uimhir nár úsáideadh i gCéim 5; m.sh. má úsáideadh uimhir an dísle  i gCéim 4, caithfear uimhir ar cheann des na cártaí a úsáid anois.

7. Nuair a úsáideann imreoir cárta, leagtar an cárta ar an mbord, agus pioctar aníos cárta nua ón bpaca le go mbeidh trí chárta i gcónaí ag an imreoir.

8. Má bhuaileann bád faoi bhád eile, caillfidh gach bád leath de na huimhreacha (ar a laghad) a imreofar an chéad seal eile. Mar shampla, má fhaighter uimhir a 5 ar an dísle, ní bheidh an bád in ann ach 2 spás a shiúl.

9. Gach seal, is féidir treo an bháid a athrú uair amháin. Is ceadmhach an treo a athrú sula mbogann an churach in aon chor an seal sin, nó i ndiaidh don bhád an chéad gluaiseacht (chun tosaigh nó don leataobh) a chur i gcrích.

 

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s