Cros Bhríde

Tá Lá Fhéile Bríde (an 1 Feabhra) ag tíocht, tús traidisiúnta an earraigh in áiteacha.  Cé go luaitear neart nósanna leis an bhféile seo, is dócha gurb í crois Bhríde an nós ab fhorleithne. Is deas an rud é na crosanna a dhéanamh leis na gasúir th’éis dinnéir Oíche na Féile. Ba iad na luachra ábhar traidisiúnta na croise, ach is féidir tuí nó féar fada maiseach eicínt a úsáid.

Seo thíos bean Chonamara ag déanamh chrois Bhríde:

Agus seo beagán den seanchas a bhain leis an Naomh:

http://doegen.ie/ga/LA_1151g1

Deirtí go mbeadh gach re lá th’éis Lá Fhéile Bríde go breá–tá súil agam gurb amhlaidh a bheas an scéal!

Advertisements

2 fhreagra ar “Cros Bhríde

  1. Bhí mé in ann Cros Bhríde a dhéanamh nuair a bhí mé óg, a Lawrence, ach tá dearmad deánta agam den scil sin le fada an lá, faraor.

    Ní raibh me ar an eolas faoin bhfíseán sin – go raibh maith agat! B’fhéidir go ndéanfaidh mé ceann eile, amach anseo..:-)

  2. Sílim gurb é an céim is deacra na laetha seo (más i gcathair atá cónaí ar dhuine) ná an t-ábhar ceart (luachra nó a leithéidí) a aimsiú!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s