Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil I

Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil I

Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil I

Fuair muid slám leabhar Gaeilge faoin gcrann Nollag i mbliana, a bhuíochas le Deaide na Nollag. Leabhair do pháistí a bhí sa gcuid is mó acu, ach bhí an tstraith seo Manuail de Litríocht I-IV neadaithe i measc ghéaga ísle an chrainn dom féin (ní mé cé a dhéananns siopadóireacht na Nollag inár dteaghlach . . .).

Tá an chéad fhaisicil léite agam anois agus bain mé an-sult as. Díríonn an tsraith ar litríocht Ghaeilge ón tréimhse 1450 go 1750 nó mar sin, ré sách corraitheach i saol na hÉireann agus i saol na Gaeilge go deimhin, ach ré iontach cruthaitheach freisin. Scríobhadh seoda liteartha ar nós Clann Lir san aimsir seo (nó scríobhadh síos den chéad uair iad, ar aon chaoi). Is éard atá sa Manuail i ndáiríre ná sleachta as na saothair liteartha seo agus teanga na sleachta curtha in oiriúint do léitheoir an lae inniu.

Mholfainn an fhaisicil do dhuine ar bith ar spéis leis nó léi stair litríocht na Gaeilge. Tá taithí réasúnta maith agam ar na saothair seo–cuid acu léite i nGaeilge na linne sin agus cuid acu léite in aistriúcháin–ach bhain mé an-taitneamh as na sleachta a roghnaigh Breandán Ó Doibhlin agus as an eagarthóireacht éadrom a rinne sé ar an teanga le hiad a dhéanamh sothuigthe do léitheoir an lae inniu.

In éindí leis na sleachta,  tá aistí gearra a dhéananns iarracht cultúr na tréimhse a chur in iúl don léitheoir. Tá an cur síos gearr is fearr, dár léigh mé riamh, ar an ngrá cúirtéiseach le fáil sa leabhar seo–beidh ar mhic léinn Chaucer agam an Ghaeilge a fhoghlaim le go mbeidh said in ann an aistín a léamh!

Tá corr-rud ait i dtaobh an leabhair. Níl síneadh fada ar cheannlitir ar bith i bhFaisicil a hAon. Tá sanasán téarmaí i gcúl an leabhair, ach mínítear na téarmaí trí mheán an Bhéarla;  léitheoir ar bith a thabharfadh dúshlán an leabhair seo, ní bheadh air ná uirthi dul i dtuilleamaí an Bhéarla le haghaidh míniúcháin. Tá cuid mhaith focail doiléire nach bhfuil sa sanasán (ná in FGB).

Tá clúdach deas láidir, cé go bhfuil sé bog, ar an leabhar, agus is fiú na leathanaigh idir na comhlaí a léamh!.

Cuir an tsraith ar liosta na Nollag don bhliain 2014!

4 fhreagra ar “Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil I

  1. Leabhair spéisiúla iad cinnte, bím ag tarraingt astu anois is arís.

  2. Tobar do-ídithe iad don té ar suim leis saibhreas litríocht na Gaeilge a thuiscint. Iad uile ceannaithe agus léite agam agus ó am go chéile, tumaim mo chupán sa tobar an athuair agus blaisim arís den fíon atá curtha ar fáil dom ag an bhfear uathúil seo.

  3. Tobar do-ídithe iad don té ar suim leis saibhreas litríocht na Gaeilge a thuiscint. Iad uile ceannaithe agus léite agam agus ó am go chéile, tumaim mo chupán sa tobar an athuair agus blaisim arís den fíon atá curtha ar fáil dom ag an bhfear uathúil seo.

  4. a d’athbhlagáil ar An Tuairisceoir é.

Freagair soconn1 Cealaigh an freagra